Cliceáil etc
Feicthe sa Rinn i mBaile Átha Cliath. An Chiotaí Fhada nó Máire Fhada, nó An Chorr Réisc.
D'éirigh liom teacht chomh cóngarach dó go raibh eagla orm go mbainfeadh sé an tsúil as mo chloigeann lena ghob dá mbeadh an fonn sin air. Ach tháinig madra i mo dhiaidh agus d'eitil sé suas ar an lampa:
Chuir sé scéal i gcuimhne domh.
Bhí bean an tí a rith teachín tábhairne (níl sa phub ach seomra beag tosaigh sa teachín) i dTír Fhiachrach tráth. Bean ard thanaí chantalach a bhí inti. Spéis aici san aimsir cosúil le cách.
San am sin creideadh go bhféadfadh an t-aimsir a thuar go cruinn bunaithe ar an áit ina raibh an Chiotaí Fhada san abhainn.
Tháinig mo sheanuncail, ar dheis Dé go raibh sé, síos go dtí an pub ag an deireadh seachtaine agus droch-humour air. Bhí sé ina chónaí faoin tuath in aice le hAbhainn Bhéal Átha an Mhaide.
Mar sin d'fhiafraigh an bhean tí de i leith na haimsire;
"An bhfuil an Chiotaí Fhada san abhainn a Mhichíl?"
"Bheadh a bhean, dá seasfása inti" a d'fhreagair sé go grod.*
Ní raibh cead aige ól ann ariamh arís.
*(Comhrá i mBéarla seachas na focail "Ciotaí Fhada")
6 comments:
iontach álainn agus scéal an greannmhar freisin. Tugtar 'nan of the bog' orthu i mBéarla na hÉireann (bheul Áth Cliath ar aon chaoi).N'fheadar an dtagann sé ó máire fhada nó an chiotaí fhada. Níor chuala mé na hainmneacha sin roimhe.
Heron a thugtar orthu i mBéarla i Sligeach de ghnáth. Ach tá Ciotaí Fhada go mór i mbéal na ndaoine fós.
Is dócha go n-itheann an Chorr Réisc na corr-éisc...
GRMA as an scéilín, agus as an ainm sin.
Ana dheas. Súil agam go raibh tábhairne eile ar fáil dó agus é barráilte!
Ó bhí gan amhras, go díreach trasna an bhóthair!
Ach ag an am céanna ní shílim go raibh mórán fonn air dul amach i ndiaidh a bheith barráilte as an phub is fearr leis.
Ba mhór an trua é óir níor phós sé riamh agus bhí sé ar a aonar ina theachín gan chumhacht go dtí deireadh a shaoil.
Post a Comment