Dé Céadaoin, Aibreán 07, 2010

M2010.04.04

Bhí sé i gceist agam racht a scaoileadh in éineacht le halt Mhic Uilliam ar maidin faoin lucht gaimbín in Éirinn .i. an rialtas, na bainc, na forbróirí etc. agus gach uile dhuine a bhí, nó atá, ag sú an fhuinnimh as an tír seo trí amhantrú san earnáil tithíochta.
Ach seachas ard brú fola a chuireann racht agus machnamh ar an fhírinne faoi nua-ghaimbíneachas in Éirinn orm, ní fiú é, agus bhí sé ráite agam cheana féin, anseo.
Tá Mac Uilliam fós ag treabhadh ar aghaidh faoin "fhíor-chaipitleachas an tsaormhargaidh"!
Dia idir é is an t-olc mura dtuigeann sé anois ní thuigfidh sé.

Feidhmeoidh an stát caipitlíoch ar son leas lucht gaimbín .i. bourgeoisie is mion-bourgeoisie, i gcónaí, go deo, go brách mar a mhínigh Marx.
Tá seo le feiceáil againn inniu le NAMA agus le tosaíochtaí Fhianna Fáil, na nGlasach, go léir le linn na géarchéime seo.
Cosnóidh an stát caipitlíoch saibhreas na ngaimbíní go deo na ndeor, is cuma cén costas sóisialta is eacnamaíochta atá ann don phobal i gcoitinne.

----------------------------------------

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi go raibh Iolar mór feicthe timpeall Sliabh Gamh, ní i bhfad ón áit ar cailleadh Conall -de bharr gníomhartha na rainseoirí dúr néandartálach-
(Tá Trosc Mór/Binn Ghulbain/Cnoc na Riabh le feiceáil sa chúlra den ghrianghraf thuas.)

Chuaigh mise agus mo dheartháir ar thóir radharc den éin mhaorga ag an deireadh seachtaine fada. D'fhan muid ar an sliabh fuar ar feadh níos mó ná dhá uair an chloig gan radharc de.
Ach chonaic muid pocaire gaoithe ag troid le fiach dubh san aer, rud a bhí ar fheabhas. Agus bhí radharc againn de sheabhac gorm atá ag neadú ar thaobh na n-aillte.

Lá nó dhó roimhe sin bhí duine a bhfuil aithne agam air ag tanú líon na bhfianna ar an sliabhraon céanna.
Níor bhlas mé fiafheoil ariamh roimhe, mar sin gheall sé roinnt den seilg domh.

Chócaráil mé an fiafheoil aréir.
Ní raibh mé cinnte conas a dhéanfainn stéigeacha fiafheola nó an raibh cócaireacht ar leith ag teastáil -cosúil leis an bhfulacht fia- mar sin chócaráil mé iad go díreach mar a dhéanaim filléad mairteola sa bhfriochtán.


Leasaítear an fheoil mar is gnáth le salann is piobar.
Curtha isteach sa bhfriochtán te iad le braon ola go ceann 3 nó 4 nóiméad. Déantar cinnte dath maith a chur ar na stéigeacha ag an am seo óir caillfear roinnt den dath sin le linn glónrú (glazing).


Cuirtear gairleog (brúite), tím agus roinnt rós Mhuire isteach sa bhfriochtán in éidí leo.
Bheidís beagnach déanta anois. D'fhéadfá iad a thógáil amach más mian leat feoil tearcbhruite a ithe.
Tógann sé beagáinín níos mó ama le filléad mairteola toisc go bhfuil sé níos raimhre.


Ansin an glónrú. Cuirtear roinnt den stoc isteach sa bhfriochtán te (féach thuas), caithfear na stéigeacha a chasadh thart go minic sa stoc atá ag galú, tógann seo b'fhéidir 5 nóiméad.
Níl sé i gceist an fheoil a stobhadh mar sin tá sé tábhachtach go gcastar na stéigeacha, agus gan an iomarca stoic a chaitheamh isteach ag aon uair amháin.


Cuirtear na hoinniúin ann ar feadh soicind nó dhó ionas go mbeidís bog.
De ghnáth bheadh na stéigeacha amach as an fhriochtán faoin am seo.


Ní bheidh mé ag buachan aon duaiseanna do chur i láthair an bhia, ach bhí fiafheoil fhiáin Shligigh blasta mar sin féin.

4 comments:

Dennis King said...

Ar thaitin an blas leat? Tá na pictiúir an-tarraingteach. Dála an scéil, ba cheart duit súil a chaitheamh ar an alt seo, “First Camera, Then Fork” ar an NYTimes inniu.

Dubhaltach said...

Go raibh míle maith agat as an nasc don alt, an-spéisiúil.
N'fheadar an mbeadh fonn ormsa grianghraf a thógáil de gach rud a ithim.
Thóg mé na grianghraif seo toisc gur mhaith liom sórt ómóis a thaispeáint don fhia a fuair bás le piléar! Agus go raibh mé ar tí píosa de a ithe!

Thaitin an blas go mór liom, bhí sé beagáinín difriúil. Beidh sé agam arís gan amhras.

Nach dtaitníonn sé leat?

Dennis King said...

Is oth liom a rá nach bhfuilim an-tógtha le blas na feola sin. Is maith liom feoil an fhia mhóir (elk). An t-ainmhí is fearr liom ar an bpláta ná an lacha. Ithimid buffalo / bison go minic, ach níl puinn difríochta idir é agus mairteoil ach amháin an easpa geire sa bhuabhall.

Dubhaltach said...

An bhfuil difríocht idir na cineálacha éagsúla fianna?

"níl puinn difríochta idir é agus mairteoil ach amháin an easpa geire sa bhuabhall."

Dáiríre? Sin iontach.

Ach cloisim cócairí ag rá go gcuireann roinnt geire blas breise sa bhfeoil! N'fheadar. Is beag geir atá i bhfilléad ag deireadh an lae.

Tá buabhall ag feirmeoir anseo in Éirinn sílim, is cinnte go bhfuil sé ag roinnt feirmeoirí i Sasana.
Caithfidh mé a fháil amach an bhféadfainn teacht air.