Dé Céadaoin, Eanáir 13, 2010

M2010.01.07

(cliceáil chun a mhéadú)

Seo thuas léaráid den chóras caipitlíoch a thaispeánann an struchtúr céimlathach laistigh den chóras féin.
Seo a leanas an gnáthchur síos gearr atá ann don phictiúr:
Ag an mbarr tá an stát, a oibríonn ar son leas na haicme ceannais mar chosantóir de shaibhreas agus mhaoin phríobháideach. Faoin stát seasann an chléir agus ceannairí cráifeacha den comhfhiosacht bhréagach, agus a mholann umhlaíocht don status quo. Ag moladh don lucht oibre pé rud atá i ndán dóibh a ghlacadh agus luach a gcuid saothair a lorg sa saol glórmhar eile.
Mura bhfuil umhlaíocht ann, cuirfear i bhfeidhm é ag baill ón chéad leibhéal eile. Cur i gcás Gardaí Shell .i. tá cosaint an chaipitil níos tábhachtaí ná cosaint na ndaoine agus baintear úsáid as foréigean chun an caipiteal sin a chosaint.
Fúthu siúd tá na bourgeoisie, an aicme sheadánach. Dream a thagann i dtír ar an lucht oibre chun brabús a dhéanamh dóibh féin.
Fúthu siúd uilig, ag tógáil ualach an chórais go léir is ea na hoibrithe. Seo iad na daoine a sholáthraíonn chuile rud a dhéanann cinnte go leanfaidh an córas ag dul ar aghaidh.

Smaoiním faoin léaráid/pictiúr seo go minic na laethanta seo. Fiú má tháinig an pictiúr féin amach beagnach 100 bliain ó shin sna Stáit Aontaithe. An Phoblacht sin thall atá bródúil as a impiriúlachas, éagóir sóisialta agus meon caipitlíoch.
Meon atá Poblacht na hÉireann ag iarraidh aithris a dhéanamh air, agus ag éirí go han-mhaith!

Tháinig an pictiúr chun cuimhne dom arís inniu mar gheall ar alt a bhí ag Mac Uilliam san Indo faoin chaoi a bhfuil an stát ag cosaint saibhreas príobháideach na haicme ceannais agus na mbourgeoisie chun aimhleasa an lucht oibre.
the Government's obsession with paying back all the speculators who took a punt on the Irish banking system, our politicians are putting bondholders before the Irish people who they are meant to represent
Molaim go mór é a léamh.
Bheifí ag súil lena leithéid ó Fhianna Fáil i ndáiríre maidir le NAMA de. Tá a leithéid de pholaitíocht agus idé-eolaíocht go smior iontu. Ach is ábhar uafáis amach is amach é nuair a smaoinítear faoi na Glasaigh!.
Mar a scríobh mé ina leith i nDeireadh Fómhair seo caite:
Mhínigh an tAire Airgeadais féin, agus mar a luadh cheana, is éard atá in NAMA ná uirlis chun urlár bréagach a chur ar phraghsanna réadmhaoine na tíre .i. praghsanna á gcoinneáil ag leibhéil boilscithe an Tíogair Cheiltigh chun cosaint a thabhairt do na bainc ó dhócmhainneacht agus na sealbhóirí bannaí ó chaillteanais. Dar leis an Aire céanna bheadh deireadh linn dá leanfadh praghsanna ag titim! Ráiteas atá chomh bréagach agus an maíomh go spreagfadh vótáil Tá ar Chonradh Liospóin feabhsú sa gheilleagar. An é gur mhaith leis an Aire go mairfeadh geilleagar na hÉireann i mboilgeog thithíochta go deo?
Beidh na Glasaigh ag aontú leis, mura nglacann siad le rún a 2 sa gcomhdháil Dé Sathairn (mura ndiúltaíonn siad do NAMA)
Agus d'aontaigh na Glasaigh leis. B'shin páirtí a bhí go láidir ar an gclé den speictream polaitíochta tráth.

4 comments:

Dennis King said...

Chuir an pictiúr thuas ziggurat, .i. pirimid chéimnithe, i gcuimhne dom, rud a mheabhraigh dom nach rud nua é an struchtúr socheachnamaíoch seo ar chor ar bith. Nuair a bhíonn sibhialtacht ar bith sách mór le foirgnimh mhóra a thógáil i lár cathracha, bíonn céimlathas mar seo i réim. Níl mé a rá nach bhfuil ziggurataí ann atá níos fearr nó níos féaráilte nó níos daonna ná na cinn eile.

Míshásta said...

A Oibrithe na cruinne, cuirigí le chéile, níl le cailliúint agaibh ach bhur morgáistí. Cuirigí faobhar ar bhur bpící is tugaimís faoin GPO arís. Beidh TV plasma sa pharlús, jacuzzi san en suite is SUV lasmuigh den doras againn go léir.

Dubhaltach said...

Cuireann sé feodachas i gcuimhne domsa.
Nua-fheodachas atá ann. Agus is muide na tuathánaigh.

Dennis King said...

@ Míshásta -

Seo “oldie but goodie” duit:
Papa Was A Running Dog Lackey Of The Bourgeoisie
.