Dé Céadaoin, Eanáir 20, 2010

M2010.01.08

Táim ag léamh Manuail de Litríocht na Gaeilge (Faisicil III) "An Lá idir dhá Shíon": 1616-1641 i láthair na huaire le Breandán Ó Doibhlin.
Ag tús an leabhair, faoin cheannteideal "Sibhialtacht an 17ú haois", agus faoin fhotheideal "An Réabhlóid Eolaíochta" tá a leanas in achoimre;
"Idir timpeall 1620 agus 1640, léiríodh nach raibh bunús ar bith le scéim Arastotail, de thairbhe consú Ghalileo. Rud nár fhág aon áit don fholús ná don éatar, ná féadaim a rá, do Dhia nó do na flaithis mar chuid de scéim na cruinne. Go tobann, bhí an cine daonna beo ar ghráinne gainimh ar seachrán i spásanna dothomhaiste éigríochta nach raibh ionad ar bith in áirithe do Dhia iontu."
Chuir an méid sin mé ag smaoineamh, faoi Dhia, agus a áit sa chruinne. Níl aon Dia le feiceáil sa chruinne, ní féidir a thionchar a mheas trí mhatamaitic. Bhreac mé síos mo thuairim maidir leis an chruinne éigríoch cheana. Nílim den tuairim go bhfuil sí éigríoch, bíodh is go dtógfadh sé timpeall 30 billiún solasbhliain, nó i bhfad Éireann níos mó, len í a taistil ar fad ó phointe amháin go pointe eile i líne dhíreach. B'fhéidir go bhfuil éigríoch i gceist lasmuigh de? N'fheadar. Ach is dóigh gur lasmuigh den chruinne a thagann Dia isteach sa scéal, más ann dó/di etc.
Bhí gá le rud éigin tús a chur leis an Ollphléasc a chruthaigh chuile rud atá sa chruinne. Bhí gá le cruthaitheoir má thuigeann tú leat mé.

Bhí clár iontach ar BBCa4 an oíche eile le cabhair a thabhairt dom le mo mhachnamh, clár faoin Teoiric Anoird agus Tacar Mandelbrot a thaispeánann gur féidir le cothromóid shimplí (Zn+1 = Zn2 + C, ina bhfuil Z ina lúb aisfhotha sa chothromóid agus C ina tairiseach) rudaí cosúil le frachtal nó féin-chosúlacht a chruthú i nádúir d'aimpléiseacht dochreidte.
Ach ní féidir cruth, nó toradh, aon ní a thuar go cruinn beacht ariamh le matamaitic i ngeall ar anord sa chruinne, is é sin, i ngeall ar athraithigh anaithnid. Fiú má tá cruth cosúil le céile ag frachtail, táid difriúil i gcónaí .i. dumhcha, réaltra, aibhneacha etc.



Cuirtear an cheist sa chlár. Más féidir le mata simplí an-aimpléiseacht a chruthú mar gheal ar ionchur nach féidir a mheas agus aisfhotha sa chothromóid, an bhféadfadh an mata simplí sin a mhíniú dúinn cén fáth gur cruthaíodh muide, daoine, as deannach na cruinne a chruthaíodh le linn na hOllphléisce.
D'fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil éabhlóid ag feidhmiú ar an bprionsabal de mhata simplí, ag feabhsú i gcónaí aimpléiseacht shimplí thar na billiúin bliain chun an-aimpléiseacht a chruthú .i. an inchinn dhaonna mar shampla.

Tá an éabhlóid nádúrtha seo taispeánta cheana ag ríomhchláraitheoirí/matamaiticeoirí lena n-algartam géiniteach.
Ligeann algartam dá leithéid do ríomhairí feidhmiú amhail is go bhfuilid ag tógáil cinntí go fioscach gan cabhair ó dhaoine. Ag feabhsú an próisis, ar nós an ríomh-shiúil san alt thuas, trí thriail agus earráid. Ag piocadh amach na "géine" is fearr chun feabhsúchán a dhéanamh ar an siúlóir tríd na glúinte . Tá an éabhlóid neamhspleách seo ag tarlú trí cothromóid shimplí/algartam ach le lúb aisfhotha ann chomh maith.
Tá muide anseo mar gheall ar an bpróiseas céanna, ach thóg sé i na billiún bliain dúinn, seachas cúpla uair sa ríomhaire. Agus is é an domhan féin, nó an timpeallacht ba chóir a rá, a bhí mar lúb aisfhotha dúinn.
Neach aimpléiseach is ea muid atá cruthaithe ag teoiric anoird agus mata simplí le chéile.
Gan amhras tá sé ag tarlú, nó tharlaigh sé cheana sna billiún áit, nó na céadta bhilliún áit, nó na billiúin bhilliún áit, eile sa chruinne. Mar níl aon ghá le tionchar gníomhach ó chruthaitheoir .i. Dia, chun na torthaí siúd a bhaint amach.
Bhí focal scoir bhreá ar an gclár, ar an BBC, faoin éabhlóid neamhspleách seo.
Is é sin, neamhspleách ó Dhia.

Dúirt mo dhuine go mothaíonn daoine míchompordach faoin mata seo toisc go dtaispeánann sé nach bhfuil gá le Dia chun muid a chruthú. Ach, mar a mhíníonn sé, b'fhéidir nach bhfuil gá le cruthaitheoir atá gníomhach trí éabhlóid i gcónaí ag cruthú is ag feabhsú, ach go bhfuil gá le dearthóir.
Dearthóir uilefheasach amháin, a thuigeann conas, agus a chruthaíonn bun-choinníollacha san ionsamhladh ollmhór de shórt .i. an Chruinne, agus a ligeann don ionsamhladh seo a ionsamhlú ar a aonar .

6 comments:

Dennis King said...

Tá fealsaimh ann atá ag caint faoi ionsamhladh neadaithe in ionsamhladh eile atá neadaithe... Chuala mé duine acu ar an raidió an lá cheana agus mé ag dul go dtí an ollmhargadh. Níor chuala mé an rud ar fad, ach anois tá fonn orm iarracht a thabhairt ar a ainm a fháil. Is dócha go bhfuil sé i gcartlann an stáisiúin raidió.

Dubhaltach said...

Bheadh sé sin ar fheabhas a Dennis

ormondo said...

Thar a bheith suimiúil, a Dhubhaltaigh.

Is é an t-amhras a bheadh agam faoi na paraidímí nua a mbaintear úsáid astu leis an gcruinne a mhíniú ná nach ann dóibh ach na cinn atá faoi láthair ag tús scuaine stair na heolaíchta.

Mar is eol bhí an mheicnic, an teicneolaíocht ghaile, an aibhléis srl. ann cheana féin agus d'úsáideadh iad uilig mar mhodhanna mínitheacha agus iad fós nua agus rúndiamhair.

Dennis King said...

Is cosúil go bhfuil Nick Bostrom ar dhuine de na fealsaimh is mó le rá sna cúrsaí seo:

http://www.nickbostrom.com/

Féach a alt “Are You Living in a Computer Simulation?”

Dubhaltach said...

@Dennis.

GRMA as sin, n'fheadar an maith liom an smaoineamh go bhfuilimid in ionsamhladh ar ríomhaire.

Dubhaltach said...

@ormondo

Tagaim leat.
Tá ár dtuiscint, agus ár modhanna mínitheacha, faoin gcruinne ar an leibhéal céanna is atá tuiscint an tseangáin ar theoiric na coibhneasachta.