Dé Céadaoin, Eanáir 06, 2010

M2010.01.03

Gaoth anoir Artach le linn an lae.

Chonaic mé inniu a leanas: Sneachta trom le calóga móra, sneachta lag le calóga beaga, sioc, uisce reoite, cloichshneachta, gaoth fórsa gála, spéartha gorma, an ghrian, spéartha dorcha, scamaill dúghorm lán oilc, tintreach bhuí, flichshneachta, oighear, bogoighear, luí na gréine, dubh-oighear sleamhain, fear sneachta agus amadán ag caitheamh t-léine!.

Tharlaigh an chuid is mó dóibh thaobh istigh de dhá uair. Mar gheall ar na rudaí luaite thuas tháinig stop tobann tráthnóna le seirbhís bhus Bhaile Átha Chliath. Ní bheidh an Chomhairle Chontae ag cur salainn ar na bóithre go dtí a 4am, anocht! Beidh contúirt nach beag ann do thiománaithe bus, tá contúirt dochreidte ann do choisithe na cathrach cheana.

Mar a deireann an seanfhocal. "An ghaoth anoir bíonn sí tirim, is cuireann sí deireadh le seirbhísí bus i mBaile Átha Cliath ag an nóiméad focain deireanach agus tú ag iarraidh a dhul abhaile"!

2 comments:

Dennis King said...

"An ghaoth anoir bíonn sí tirim, is cuireann sí deireadh le seirbhísí bus i mBaile Átha Cliath ag an nóiméad focain deireanach agus tú ag iarraidh a dhul abhaile"!

:-) :-) :-) Seoid!

Dubhaltach said...

:) grma