Dé Céadaoin, Lúnasa 26, 2009

M2009.08.19


Chonaic mé dhá scannán Sci-fi, nó ficsean eolaíochta, le déanaí. Agus iontas na n-iontas tá an dá scannán le moladh. Rud a tharlaíonn go hannamh sa seánra áirithe sin.
Moon an teideal den chéad cheann.
Réamhbhlaiseadh ar You Tube anseo.

Tá an conradh trí bliana atá an t-innealtóir mianadóireachta Sam Bell (Sam Rockwell) ag teacht chun deiridh, faraor dó, feictear go bhfuil sé ag cailliúint a mheabhair toisc an méid ama a chaith sé ar a aonar ar an ngealach. Níl aon chomhluadar aige ach ríomhaire darbh ainm GERTY (Kevin Spacey), ríomhaire a chuirfeadh HAL 9000 i gcuimhne duit ar an toirt.

Tosaíonn an scéal ag teacht le chéile i ndiaidh do Sam dul amach ar an ngealach le hinneall mianadóireachta a réiteach.
Ní raibh mé tógtha leis na maisíochtaí sa scannán seo, ach sin locht an-bheag do scannán le script láidir, taitneamhach agus a chuireann ceisteanna ar mhoráltacht chomhlachtaí móra agus an chine dhaonna araon.

Tá Sam Rockwell le moladh go mór as ucht a thaispeántas láidir seo ceann seo.
Ní gá go mbeadh spéis ar leith ag duine i bhficsean eolaíochta le sult a bhaint as an scannán seo, i mo thuairim.


N'fheadar an mbeadh sin fíor faoin scannán eile! District 9 an teideal don scannán sin, seachas gur scannán mór-eachtraíochta é déarfainn go bhfuil gá le spéis áirithe i bhficsean eolaíochta le sult cuí a bhaint as.
Réamhbhlaiseadh iontach ar You Tube anseo.

Tosaíonn an scannán seo 20 bliain nó mar sin i ndiaidh teacht na gcoimhthíoch, nó na "Séaclaí" mar a thugtar orthu go dímheasúil.
Déantar an scannán i sórt stíl chlár faisnéise, stíl a oibríonn go han-mhaith réalaíoch a thabhairt don neamh-réalaíoch. Fágtar an stíl sin ar leataobh don dara cuid den scannán nuair a iompaíonn sin ina scannán aicsin.

Nuair a thosaítear an scannán feictear go bhfuil daoine imithe i dtaithí leis na strainséirí ón spás, níl an t-iontas ann a thuilleadh i measc an chine dhaonna. Seachas iontas tá fearg, eagla, teannas agus d'fhéadfá a rá, deargchiníochas brúidiúil in aghaidh na gcoimhthíoch. I ngeall ar seo go léir táthar á gcoinneáil faoi ghlas anois i gcampa mór (District 9) i Johannesburg san Afraic Theas, agus é i gceist ag na húdaráis iad a bhogadh go "campa géibhinn" ar siúil ón gcathair.

Níl a fhios agam an bhfuil an príomhaisteoir le moladh, agus níl a fhios agam an raibh an méid sin "focain" sa script nó an raibh sé ag tobchumadh. "Foc sin", "Foc siúd", "focain séaclaí beaga lofa". Chuaigh sé thar fóir, go dtí an pointe go raibh a dhrochchaint ina mhagadh.
Ach ní shin ach locht beag ar scannán ficsean eolaíochta taitneamhach eile.

2 comments:

Dennis King said...

Is breá liom scifi, ach ní minic a thagann scannán amach sa sa seánra sin atá thar mholadh beirte. GRMA as "Moon" a chur ar mo shúile dom. Is cosúil go bhfuil na criticí ar aon tuairim leat: chaith mé súil ar Rotten Tomatoes anois díreach. Dála an scéil, tá an t-úrscéal "The Dragons of Babel" á léamh agam anois agus tá mé ag baint an-taitnimh as. Tá Michael Swanwick thar barr.

Dubhaltach said...

Is fiú Moon a fheiceáil go cinnte.

Grma as na moltaí