Dé hAoine, Lúnasa 14, 2009

M2009.08.09

Don Cíochótae le Miguel de Cervantes arna aistriú go Gaoluinn ag an Athair Peadar Ó Laoghaire.

Leagan giorraithe de scéal Spáinneach clúiteach a scríobhadh idir 1605 agus 1615. Foilsíodh as Gaoluinn thiar i 1920 ar dtús é, leis an atheagrán ag teacht amach i 2001 faoi sraith de chuid Chló Thablóid, i measc leabhar eile, ar tugadh Sraith na gClasaiceach air.
Ní mór dom a admháil ar dtús nach raibh a fhios agam nuair a phioc mé an leabhar seo suas sa leabharlann gur sean-scéal a bhí i Don Quixote. Bhí ainm an leabhair cloiste nó léite agam go minic roimhe sin, b'fhéidir toisc go raibh clú i measc Gael ar an leagan Gaeilge a ndearna an tAthair Ua Laoghaire.
Úrscéal, nó aoir ba chóir dom a rá, ó aois órga na Spáinne is ea é. Scéal faoi fhear buile darbh ainm Cíochán a théann ar mire ag léamh an iomarca scéalta ridireachta. Tugann sé air féin a bheith ina ridire fáin uasal, agus a dhul ag fánaíocht ag lorg mór-eachtraí le clú agus cáil a bhaint amach dó féin ionas go scríobhfaí leabhair faoi, amhail na scéalta ridireachta a chreideann sé a bheith fíor. Le cúnamh a thabhairt dó, agus chun a bheith ina ridire fáin ceart, faigheann sé giolla atá beagán dúr darbh ainm Sanchó Pansa le dul in éineacht leis. Ar aghaidh leo, ar a each agus asal faoi seach, le troid a chur ar fhathaigh (Muileann gaoithe) agus thíoránaigh! le smacht a chur ar éagóir agus le cúnamh a thabhairt do ríonacha áille atá i ngátar.

Caithfidh mé a rá gur bhain an scéal seo cúpla scairt gáire cearta asam, go háirithe le Sanchó bocht agus an méid a tharlaíonn dó. Níor bhain scéal gáire ceart asam ó léigh mé Béal Bocht an Nuallánaigh. Agus más aoir é an Béal Bocht faoi lucht na Gaeilge agus scéalta na Gaeltachta, is aoir Don Cíochótae ar na scéalta "niachais agus a n-easpa réalachais" a bhí go flúirseach le linn aimsir Miguel de Cervantes (mar a mhíníonn Noel Ó Gríofa san Iarfhocal) .
Más seanscéal ó 1615 scéal Dhon Cíochótae ní fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil a tionchar le feiceáil sa lá atá inniu ann. Maítear gurb é ceann de na saothair is mó tionchair ar domhan é, ní amháin ar litríocht ach ar scannánaíocht, leis. Agus chreidfinn sin. D'airigh mé go rabhas ag léamh script díreach as scannán Monty Python, nó aon scannán sórt buddy movie atá ann fé láthair. Agus is éacht é sin nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an scéal beagnach 400 bliain d'aois.

Tá cumhacht nach beag in aoir ghreannmhar!

2 comments:

aonghus said...

Tá leaganacha i dteangacha eile léite agam, leagan fada i mBéarla.

An-scéal cinnte. Beidh orm an leagan seo a chuir ar an liosta.

Dubhaltach said...

Tá sé scríofa go breá aige go cinnte. Is fiú cóip a fháil ón leabharlann ar aon chaoi.