Is iomaí duine nach dtaitníonn an dírbheathaisnéis leo. Ní mise ceann acu siúd. B'fhearr liom an leabhar staire thar an ficsin ("Cúba agus Castro" á léamh agam faoi láthair), ach sin ráite, is fearr liom an ficsin le fréamhacha láidir sa stair thar an leabhar staire, leis! .i. An Cléireach, Fontenoy srl.
Uaireanta smaoiním ar an dírbheathaisnéis mar shórt leabhar staire, scéalta móra a tharla do dhuine le linn a shaoil. Ní mór an saol sin a bheith corraitheach agus spéisiúil ar ndóigh, agus ní mór don té a mhaireachtáil trí tréimhse thábhachtach sa stair.
Ní shílimse go mbeadh aon fhiúntas ann, nó spéis agamsa i ndírbheathaisnéis faoi éinne a rugadh ó lár an chéid seo caite ar aghaidh.
Iontas na n-iontas mar sin bhaineas an-sult as dírbheathaisnéis Pheadar Uí Laoghaire, Mo Scéal Féin. Rugadh an tAthair Ó Laoghaire i Múscraí i 1839, bhí sé ina gharsún le linn an Ghorta Mhóir agus chonaic sé lena shúile féin an cruatan a d'imir sin ar Ghaeil a cheantair. Tá caibidil ann aige darbh ainm An Gorta, le cúpla scéal ina leith, agus bhrisfeadh sé do chroí a leithéid d'uafás a léamh faoi Theach na mBocht. Rachainn chomh fada is a rá gurbh fhiú an leabhar a léamh i gcomhair na caibidle sin amháin. Ach tá níos mó ann freisin ar ndóigh, idir ghreann agus stair.
Bhí sé ina shagairt paróiste nuair a bhunaigh Conradh na Talún ag Mícheál Daibhéad, agus is fíor-spéisiúil a chuntas ar an aighneas leanúnach idir tionóntaí bochta agus tiarnaí talún truaillithe.
Cúis iontais dom an méid Gaeilge fós á úsáid timpeall Bhaile Mhistéala agus Contae Chorcaí thuaidh i gcoitinne, roimh dtús an chéid seo caite. B'fhéidir nach cúis iontas é (féach daonáireamh 1911), ach is cúis bhróin é, go háirithe nuair a fheictear na hathruithe a tharla laistigh de ghlúin amháin.
Uaireanta, bhraitheas go raibh sé ró-dílis don eaglais, ró-umhal, ró-réidh chun cur suas le heaspa measa ón Easpag. Ach b'shin mar a bhíodh, agus b'shin an ghairm bheatha a roghnaigh sé is dóichí.
Déanann sé iarracht Daniel O'Connell, an spágán mar a bhaist Ó Cadhain air, déanann sé iarracht é a chosaint óna chaint scannalach gur mhaith leis an teanga Ghaeilge a fheiceáil ar lár. Is deacair aontú lena thuairim faoin bhfuascailteoir.
Tá an leabhar scríofa go soléite sa gCaighdeán Oifigiúil, buíochas le Dia, a dhéanann cinnte go bhféadfadh gach cainteoir Gaeilge é a léamh gan a dhul ar thóir foclóra i gcomhair gach uile fhocal Ghaeluinne. Dírbheathaisnéis is fiú a léamh, i mo thuairim.
No comments:
Post a Comment