Dé Máirt, Lúnasa 25, 2009

M2009.08.18

Is fánach an áit a bhfaighfeá comhartha Críostaíochta, sa gcás seo bhí sé le feiceáil ar ghualainn Thóin le Gaoith i sléibhte Chill Mhantáin.
Samhlaím ceannaircigh 1798 ag freastal ar Aifreann ag an áit seo agus iad gníomhach fós sna sléibhte sin le linn 1800, sular tháinig an Bóthar Míleata.



Maidir le Tóin le Gaoith, mholfainn go mór é le haghaidh cnocadóireachta, seo ceann de na sléibhte is fearr sa sliabhraon sin gan aon agó. Áit diamhair iargúlta.
Ag tosú ag an gcarrchlós i nGleann Log an Easa tógfaidh sé timpeall 4 uaire an tsiúlóid 8km a chríochnú.



Tá cruth spéisiúil ar Loch Iolair go deimhin.
Aisteach ós rud é go bhfuil an loch i gcroílár shléibhte Chill Mhantáin freisin!



2 comments:

Dennis King said...

Go raibh maith agat as na pictiúir agus as an gcur síos ar an áit!

Dubhaltach said...

míle fáilte romhat Dennis