Dé hAoine, Lúnasa 14, 2009

M2009.08.10


Agus mé ar ghnó i lár chathair Bhaile Átha Cliath chonac na rudaí seo timpeall na háite. Chuir sé mearbhall orm cad iad!
De réir dealraimh is seastáin rothar iad, le haghaidh rothair a d'fhéadfaí a fháil ar cíos sa gcathair. Smaoineamh maith má tá deabhadh ort, ach ní fheadar go mbeadh an misneach agam dul i gcomórtas le tiománaithe buile Bhleá Cliath!

Beidh siad ar fáil i Meán Fómhair, agus má cheannaítear "Cárta Cliste" ar an idirlíon le haghaidh €10 d'fhéadfaí do rothar a phiocadh suas aon am agus beidh an chéad uair saor in aisce, 50c in aghaidh na leathuaire i ndiaidh sin.

Táim lán cinnte go ndéanfaidh bithiúnaigh agus maistíní na cathrach sin damáiste do chuile cheann acu roimh Nollaig.

Mar aguisín neamhghaolmhar chonaic mé an graifítí Gaeilg seo ar an mballa thaobh amuigh de stiúideo U2 sa Rinn. An chéad ghraifítí Ghaeilge a bhfaca mé riamh. Den ghnáth ní bhíonn ar an mballa sin ach nithe scríofa i Spáinnis agus teangacha eile na hEorpa.

3 comments:

Dennis King said...

Cóip den Vélib' (vélo libre = rothar saor) atá ar fáil i bPáras le cúpla bliain anuas atá ann. An comhlacht céalnna, JCDecaux, a bheas i bhfeighil orthu i mBÁC.

GRMA as an ngraffito!

Mise Áine said...

Is dócha go bhfuil an ceart agat faoi na maistíní, faraor.

Dubhaltach said...

Ceart agat Dennis.

Níos mó eolais:
http://www.dublinbikes.ie/

Aon uair a chuirtear aon ní ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath déanann na maistíní damáiste de, ealaíon srl. Ní feictear domsa go mbeadh aon athrú sa gcás seo.