Dé Luain, Eanáir 07, 2008

M2008.01.2

Caisleán Bhaile Átha Cliath d'ionsaí le focail an mhí seo.
D'ionsaí Taoiseach na hÉireann, Bertí na dTochailtí Amach Ó Eachthighearna, Caisleán Dhuibhlinne lena ionsaí fíochmhar ar bhinse Mahon.
Ní hamháin gurbh ionsaí ar an mbinse é ach b'ionsaí ar dhaonlathas na tíre é freisin.

4 comments:

aonghus said...

Íonsaí ar an ndaonlathas? Conas sin? Nár thug daoscarslua na tíre absalóid dhó, agus an tríú téarma?

Dubhaltach said...

Sea, ach ní bhaineann an bua s'aige san olltoghchán leis an ionsaí ar thug sé don bhinse le déanaí. Is léir go gcreideann sé go bhfuil sé thar an dlí agus nach bhfuil an ceart daonlathach ag muintir na tíre seo an fhírinne a fháil ar céard sa deabhal a bhí á déanamh aige agus eisean ina aire airgeadais

aonghus said...

Ag magadh a bhíos.

Táimid uilig ceannaithe agus díolta ag an drong gaimbíneach atá i bhflaitheas in Éirinn.

Ach is eagal liom gurbh iad aos dlí amháin atá ag fáil tairbhe as na binsí.

Ní fheicim go bhfuil feabhas ag teacht ar nósanna ár aos polaitíochta.

Dubhaltach said...

is fíor dhuit faoi sin Aonghuis