Dé Céadaoin, Eanáir 30, 2008

M2008.01.11

Taibhsí Gaelacha ón t-am atá thart in Éirinn, buíochas le Lucht Lá Nua

Is deacair na mothúcháin a mhothaítear a mhíniú, ag éisteacht dhom leis na seandaoine seo ag inseacht a gcuid scéalta is amhráin.
Brón agus gliondar i mo chroí istigh ag an am céanna, an chaoi a raibh agus a ba chóir dó a bheith.

Brigid Mhic Fhíobhuí
An Choraidh, Condae Shligigh


Tomás Mag Sheanlaoich, Cluain Mál, Loch Glinne, Condae Ros Comáin.

Mac Rí Chonnachta

“Sláinte na háille is gile ná an ghrian, ní fhágfaidh mé seo go n-insí mé scéal.”
Mac Rí Chonnachta chuaigh sé amach lá amháin ag fiach, agus casadh sean-fhear dhó.
Bheannaigh siad dhá chéile.
“An mbeidh cluiche cártaí agat, Mac Rí Chonnachta?”
“Is cuma liom,” arsa Mac Rí Chonnachta.
Shuí siad síos. Chuir Mac Rí Chonnachta an chéad chluiche air.
“Cad-éard....cad-éard an geall?”
“Go gcaithfidh tú cloigeann gabhair a chur ar mo mháthair go gceann míosa.”
Ar maidin, casadh dhó arís é.
“Ar chonaic tú sin,” arsa an sean-fhear.
“Chonaiceas, agus tá stró ar mo chroí, mar bhí sí ina droch-cheann dom.”
Bhuel, lá arna mhárach, chuaigh sé amach arís agus casadh dhó é.
“Ar chonaic tú sin?” ar seisean. “Chonaiceas.”
“An mbeidh cluiche cártaí eile agat?”
“Is cuma liom.”
Ghnóthaigh Mac Rí Chonnachta é.
“Cad-éard an geall?”
“Go gcaithfidh tú an chathair is breaghachta (breátha) a chonacthas ariamh a bheith ar aghaidh chathair m’athar ar maidin agus an bhean a bheas pósta agam a bheith istigh ann romham.”
Bhuel lá arna mhárach, chuaigh sé amach arís.
“Ar chonaic tú sin?” arsa an sean-fhear.
“Chonaiceas, ach ba chóir dhuit a fhágáil ansin.”
“Níor rinne tú sin, níor chuir tú sin in san margadh,” arsa an tsean-fhear.
An tríú maidin, chuaigh sé amach, agus casadh an seanfhéar dó.
“Ar chonaic tú sin.”
“Chonaiceas,” ar seisean, “ach ba chóir dhuit a fhágáil ansin.”
“Níor choinnigh tú sin in san margadh,” ar seisean.
Bhuel, chaith, chuir an sean-fhear an cluiche air.
“Cad-éard an geall,” arsa Mac Rí Chonnachta.
“Go gcaithfidh tú m’áit-sa a fhágáil amach, agus bhéarfaidh mé lá agus bliain duit lena fháil amach.”
“Céard d’ainm agus do shloinneadh?”
“Mise Rí na hOíche ins na gleannta uaigneacha, agus bhéarfaidh mé lá agus bliain duit lena fháil amach.”
Thóraigh sé roimhe agus ina dhiaidh.
Chuir sé tuairisc gach uile áit.
Níor fhéad sé a fháil ná tuairisc air gur tháinig sé an áit a raibh Fián Mór agus bhí bua aige ar chuile shórt in sa domhain mhór.
“Bhuel, níor, má tá sé faoi thalamh ná os cionn talún,” arsa an Fian Mór, gheobhaidh mise amach é.
Thug sé amach ar chnoc é agus chuir sé fídeog ina bhéal agus shéid sé an fídeog, agus tháinig éanachaí an tsaoil thart orthu, agus d’fhiafraigh sé dhíofa an raibh fios acu, ceachtar acu fios acu ar aon áit a raibh Rí na hOíche ins na gleannta uaigneacha ina chónaí. Ní raibh fhios ag ceachtar acu cén áit a raibh sé.
“Fan,” ar seisean, “níor chonaic mé an t-iolar ag teacht go fóill.”
“Chonaic sé é ag teacht.
“Cén áit a raibh tú,” arsa an Fian Mór.


Deas le chloisteáil, ach ní thuigim a thrácht ar chor ar bith!

No comments: