Fill Arís
Fág Gleann na nGealt thoir,
Is a bhfuil d'aois seo ár dTiarna i d'fhuil,
Dún d'intinn ar ar tharla
Ó buaileadh Cath Chionn tSáile,
Is ón uair go bhfuil an t-ualach trom
Ia an bóthar fada, bain ded mheabhair
Srathar shibhialtach an Bhéarla,
Shelly, Keats is Shakespeare:
Fill arís ar do chuid,
Nigh d'intinn is nigh
Do theanga a chuaigh ceangailte i gcomhréiribh
'Bhí bunoscaionn le d'éirim:
Dein d'fhaoistin is dein
Síocháin led ghiniúin féinig
Is led thigh-se féin is ná tréig iad,
Ní dual do neach a thigh ná a threabh a thréigean.
Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne,
Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann
An Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach,
Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine:
Sin é do dhoras,
Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna,
Buail is osclófar
D'intinn féin is do chló ceart.
Seán Ó Ríordáin
Is beag an tuairim a bhí agam faoi Seán Ó Ríordáin file -a chum an dán thuas- go dtí aréir, nuair a tháinic an file dár linne fhéin Louis De Paor ar an teilifís i gclár suimúil, tochtmhar dá chuid ar thóir an Ríordánach fhéin.
Ba shuimiúil an chaoi ar chaith Ó Ríordáin a shaol, idir an file gaelach, fear na Gaeilge is na bhfocal agus an Mr O'Riordan den oifig, Jackie Riordan. Nó an fear grinn fiú amháin.
Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile sílim gurb fhéidir le chuile dhuine iad féin a bhreathnú sa bpictiúr áirid sin, an chodarsnacht ina maireann chuile chainteoir Gaeilge inti.
Mo léan géar, ach is féidir liomsa ar aon chaoi.
No comments:
Post a Comment