Déardaoin, Eanáir 17, 2008

M2008.01.8

An bhliain dheireanach de réimeas Phádraig Pharthaláin Uí Eachthairn. Taoiseach do Ghael is Gall is sean-Gall is sean-Gael is nua-Gael is nua Gall-Gael.
Ike mac Con Chonnacht, mhic Bhriain, mhic Pilip, mhic Thomáis Turner , iar-fhear chéile Tina Turner a d'éag. De bharr cócaon.
Taispeánadh Ike mar fhear aibhéiseach foréigneach sa scannán What's Love Got to Do with It, scannán bunaithe ar shaol Tina, a iar-bhean chéile. Sa scannán sin bhí an sár-aisteoir Laurence John Fishburne III ag déanamh páirt Ike, ach go brónach ní bhfuair Laurence oscar ariamh le haghaidh a thaispeántais ar an scáileán airgid, cosúil lena chomhoibrí ón scannán Five Fingers Colm mac Maghnais, mhic Aodha Óige, mhic Aodha Ruaidh, mhic Neill Ghairbh Uí Maonaigh agus a scannán nua Kings/Ríthe a chaill amach as aon ainmniúchán do na Oscars i mbliana seo na nGaimbíní.

No comments: