Dé hAoine, Nollaig 24, 2010

M2010.12.24

Cad a dhéanann an tonnmharcach gan tonnta?:

Nollaig Shona daoibh.

Dé Céadaoin, Nollaig 22, 2010

M2010.12.23

Cad a dhéanann an Chearc Uisce gan uisce?
Éiríonn sí ocrach is dóigh liom.
Bhí trua agam dóibh anocht mar táid le feiceáil ar bhruacha na Canála Móire ag piocadh as an sneachta agus as an oighear gan beatha ar bith le haimsiú.

M2010.12.22


Íomhá reatha den tír reoite a bhuíochas le NASA.
Sheachain na Déise agus chuid mhaith de mhuintir an Chláir aon sneachta!

Nílim ag súil le mo thiomáint abhaile le haghaidh Nollag amárach trasna na tíre go Connachta.
De ghnáth tógann sé 3.5 uaire, ach táim ag súil le 6+ uaire an t-am seo thart..

M2010.12.21

Táid fós ag teastáil do thréas.
Anois, níos mó na ariamh fiú. (Tá €135bn i gceist anois)
Agus má tá amhras ar éinne faoin uafás atá i bpolasaithe an rialtais (An t-athrú saibhris is mó ar domhan NAMA, rathú na bhfiach príobháideach, tarrtháil na mbanc agus a gcairde ó phuball na Gaillimhe) maidir leis na bainc tá an scéal ag Mac Uilliam; tarrtháil nua ollmhór d'fhiacha Anglo nach bhfuil sa chlár comhardaithe.

Ar ndóigh níor chóir go gcuirfeadh sé iontas ar éinne go bhfuil Fianna Fáil ag déanamh amhlaidh. Sa chaoi chéanna nár chóir go mbeadh iontas ar éinne go bhfuil, fós, tuairim is 20% den daonra toilteanach vótáil ar son FF sa chéad olltoghchán eile! Nó go bhfuil formhór an phobail ciúin sochair neamhghlórach faoi na ciorruithe troma á gcur ar na daoine is leochailí i sochaí chun na bainc a shábháil, agus lucht ionnúis ag teacht amach as an bhuiséad dheireanach níos fearr as! An ábhar iontais dúinn go bhfuil 51% ar son bheart an IMF, le 12% den daonra gan tuairim ar bith faoin gcaillteanas flaithis chéanna?

An t-aon ábhar iontais a bhí agam le cúpla lá anuas ab ea an chaoi go raibh iontas ar daoine faoin chlár PrimTime ar RTÉ Dé Luain, a thaispeáin dúinn go raibh cairde Fhianna Fáil fós ar a sáimhín só faoi NAMA!

Caithfidh pobal na tíre seo múscailt as a shuan! Anois láithreach.
"Mara dtroideann muid, luífidh an daoirse eacnamaíochta orainn agus íocfaidh muid go daor aisti.
Má throideann muid, is féidir cosán a ghearradh tríd an tubaist seo agus tús a chur le saol fíordhaonlathach." mar a deirtear i nGaelscéal.

Dé Máirt, Nollaig 21, 2010

M2010.12.20

Ag leanúint as blagmhír Róislín tá taighde idirlíne déanta (as Béarla ar ndóigh) ag na saoithe maithe thar ar Chaoirigh ar Foluain faoin ainm a thugann muintir na hÉireann, na hAlban, na Breataine Bige, Oileáin Mhanainn agus Shasana ar an fhear mór a bheireann bronntanais.

Is spéisiúil an taighde simplí é óir tá "Athair na Nollag" chun cinn ag Gaill agus "Santaí" chun cinn ag Gaeil!

Cén fáth go bhfuil "Santa" againn in áit "Father Christmas"? Ní chuimhin liom, ag fás aníos dom, "Athair na Nollag" a chlois. Santa a bhí againn i gcónaí!

Dé Luain, Nollaig 20, 2010

M2010.12.19

An ghaoth anoir bíonn sí tirim, ach ní i gcónaí.
Sheachain an chuid is mó d'oirthear na tíre an chuid is mó den sneachta trom atá ina luí ar Ulaidh, Connachta, agus Mumhna inniu. Níor shroich bannaí troma sneachta an Atlantaigh lár tíre amach sular bhris siad síos, caite agus ídithe.
Ach cosúil le coicís ó shin tá Muir Éireann ag cruthú na gcoinníollacha cuí le haghaidh comhiompair tráthnóna.
Tá teas na farraige thoir ag iompar uisce suas san aer agus an t-uisce céanna ag titim ar ais i mBaile Átha Cliath mar sneachta anois.
Bíonn an titim seo an-logánta ar fad agus ag brath go huile agus go hiomlán ar treo na gaoithe anoir féin.

Beidh na bóithre an-shleamhain anocht, mar tá an chathair faoi bhrath trom bán arís.

Focal scoir:
Tá míniú ar fáil anseo faoin aimsir fhuar gheimhriúil (thar mar is gnách) atá againn, agus cén fáth.
Le sonraí ó shaotharlann taighde NOAA ag taispeáint aer fuar ag bogadh ó dheas ón Artach i ngeall ar an ardbhrú neamhghnách atá ina luí ann.
Tuairimítear go bhfuil seans ann anois gur aershreabhadh nua é seo cruthaithe ag athruithe (leá) sa mhuiroighear!
Published with Blogger-droid v1.6.5

Dé Sathairn, Nollaig 18, 2010

M2010.12.18

Chuir blagmhír Eoin rud éigin a dhúirt an manach Búdaíoch Thích Nhất Hạnh i gcuimhne dom, rud a léigh mé i leabhar Rosenstock, Dialann Anama:
Ní mór dúinn a bheith i dtiúin le hiontais na beatha. Tá siad sin ionainn agus timpeall orainn, gach aon áit, gach aon uair.... An gá dúinn an-iarracht a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as áilleacht na spéire goirme? An gcaithfear dian-chleachtadh a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as an áilleacht sin? Ní hea, bainimid taitneamh aisti agus sin sin. D'fhéadfadh gach soicind, gach nóiméad sa saoil seo a bheith mar sin. Pé áit ina mbeifeá, uair ar bith, tig leat taitneamh a bhaint as an ngrian, as comhluadar a chéile, fiú amháin as a bheith ag análú.
Is dóigh liom gur minic na laethanta seo go ndéanann muid dearmad taitneamh a bhaint as an áilleacht atá ionainn agus timpeall orainn. Tá muid ró-chleachta leis an áilleacht sa chaoi nach bhfeictear a thuilleadh é. Mar a deireann an Róisinstocach faoi fhealsúnacht Thich Nhat Hanh: "soiscéal simplí suairc é seo ach tá na milliúin á shéanadh mar shoiscéal agus an domhan ar fad thíos leis ó lá go lá"
Cuireann an sneachta athrú ar an áilleacht atá romhainn ionas go bhfeiceann muid arís é, ach bhí sí ann i gcónaí, le taitneamh a bhaint aisti, chuile lá beo.

Tagaim le TNH, ní gá dúinn "dian-chleachtadh a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as an áilleacht", ach is fiú cleachtadh éigin a dhéanamh chun sonas agus síocháin a bhaint as áilleacht an dhomhain, agus ár meas ar a háilleacht a mhéadú.

Dé hAoine, Nollaig 17, 2010

M2010.12.17

Trí rud spéisiúil a bhfaca mé le dhá lá anuas:

Léirmheas cuimsitheach ar leabhar nua O'Toole.
Agus is léir ón léirmheas go bhfuil na laigí chéanna le fáil i gach ní a scríobhann O'Toole. Easpa plé faoi chríochdheighilt na tíre, agus drogall an "S-focal" a lua, agus Poblacht Shóisialach a mholadh .i. An t-aon saghas poblachta a d'fheadfadh mianta s'aigsean a fhíorú.

-------------


Bhí an clár aréir de chuid "Cé a chónaigh i mo theachsa" an-spéisiúil.
Thug Manchán Magan cuairt ar Chaisleán Ellen i mBaile Átha an Rí, i gcontae na Gaillimhe. Teach saoire Edward Carson a bhí ann, agus é ina óige. Faigheann Mag Annaidh amach gur iománaí a bhí i gCarson. Agus go raibh sé páirteach i gcluichí iománaíochta i gColáiste na Tríonóide. "Tírghráthóir Éireannach agus Aontachtaí a bhí ann" de réir dealraimh!
Ba spéisiúil freisin go raibh aithne aige ar Oscar Wilde óna thréimhse i gCnaT, agus b'fhéidir óna óige freisin. Tá sé spéisiúil toisc, níos déanaí ina saol, throid Carson in aghaidh Wilde, mar abhcóide, ar son Marquess of Queensberry sa chás cáiliúil sin.

-------------

Gníomhaíochtaí frithdhaonlathach SAM chun rialtas Chavez a tharraingt síos. A bhuíochas le Wikileaks.
Curtha le chéile agus tuairiscithe ag Eva Golinger.
Lasmuigh d'áiféis éigin faoi theaghlach ríoga na Breataine, nó baoth-scéal Bertie faoi Shinn Féin agus banc áirithe, nó líomhaintí in aghaidh urlabhraí Wikileaks is beag aird a thug na meáin (iontas na n-iontas) ar "thaidhleoireacht" "thaidhleoirí" SAM in Veiniséala.

Dé Máirt, Nollaig 14, 2010

M2010.12.16

Chuir mé nasc suas sa bhlagmhír thíos a luann An Shock Doctrine de chuid Naomi Kleine.
Leabhar atá ann, mura bhfuil a fhios agat, faoin chaoi a n-úsáideann "Réabhlóidí ar an Eite Dheis" sceimhle eacnamaíochta, agus fisiciúla ar phobail chun a n-idé-eolaíocht a chur i bhfeidhm, ar son chóras an bhrabaigh.

Tá sceimhle síceolaíochta níos tábhachtaí fós. Rud a úsáidtear in ionsaithe ar thíortha agus i gcéasadh de dhaoine. Níl aon mhaitheas sa ghníomh mura bhfeiceann nó gcloiseann daoine eile é.

Agus, feictear dom, gurb é atá á úsáid ag na Péas i Londain le déanaí le linn agóidíocht na mac léinn, agus ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath freisin.
Tá sé an-chosúil le sceimhlitheoireacht. Mo leithscéal. Níl sé cosúil le sceimhlitheoireacht, is sceimhlitheoireacht é.

Tá suaitheadh agus foréigean á n-úsáid mar uirlisí smachta, agus samplaí á dhéanamh de dhaoine, chun an teachtaireacht a sheoladh chuig an chuid eile againn gurb é seo atá i ndán duit má leantar ar aghaidh ar an bhóthair áirithe sin.

Ach. Leanfaidh muid ar aghaidh. Dlúthpháirtíocht le mic léinn agus lucht oibre Shasana.

M2010.12.15

Tugann "Caipitleachas Tubaisteach" cuairt ar Éirinn.
Naomi Klein coined the phrase “disaster capitalism” to describe the practice – long ago perfected by the IMF, the World Bank, and the United States Treasury – of taking advantage of the political turmoil induced by a financial crisis to push through otherwise unpopular or undesirable economic ‘reforms.’ The IMF/EU bankers and bureaucrats have clearly perceived an exceptional opportunity in the Irish crisis.
Coinnigh súil amach do chomhlachtaí amhail Bechtel Corporation agus a leithéidí sna blianta amach romhainn. Beidh tú ag íoc a lán airgid dóibh as ucht an uisce a ólann tú agus na seirbhísí a úsáideann tú.

(Ná déan dearmad do mhíshástacht a chur in iúl anois don Teachta Dála Fianna Fáileach áitiúil a bhfuil sé ar intinn aige do thír agus do mhuintir a dhíol leis an IMF/AE amárach. Beidh sé ródhéanach ag am olltoghcháin)

Dé Luain, Nollaig 13, 2010

M2010.12.14

Déan dearmad a Éireannaigh ar olltoghchán 2011.
Tá do dhualgas daonlathach le comhlíonadh inniu, agus ní foláir an deis seo a thapú anois. Tá an vótáil is tromchúisí don Phoblacht riamh le reáchtáil Dé Céadaoin seo nuair a vótálfar an Dáil ar an bheart tarrthála ón IMF/AE.
Tá géarghá ann brú ollmhór a chur ar an réimeas reatha gan an treo uafásach pianseirbhíse sin a thógáil, agus gan glacadh leis an bheart seirfeachais chun na bainc mhóra Eorpacha a shábháil le todhchaí ár ndaoine.

Níl an vótáil seo sa Dáil á reáchtáil ar son daonlathais, ach chun cás dlí ón phobal -in aghaidh an bhearta- a sheachaint amach anseo.
Mar sin ní bheidh do sheans agat arís do thuairim a chur in iúil don Theachta Dála agus freagracht chuí a chur air/uirthi as ucht cad atáid ar tí a dhéanamh don ghlúin seo agus do na glúine le teacht.

Tá níos mó eolais agus sonraí teagmhála le haghaidh do Theachta Dála áitiúil ar fáil ar shuíomh ILR.

(Nod leat: ní fiú glaoch a chur ar, nó ríomhphoist agus téacsanna a sheoladh chuig, Teachtaí Dála an fhreasúra ós rud é go mbeidís ag vótáil ina aghaidh.)

M2010.12.13

Ní dlí go dlí lucht caipitil.

"Níor aithin an tAire Airgeadais Brian Lenihan" agus Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh Jose Manuel Barroso gur cinneadh an bhainc fhéin a bhí ann na bónais a íoc, agus ní an chúirt.

Tá sé ana-dioplómaitiúil ag an SBP a bheith ag maíomh nár aithin an bréagadóir Lenihan gur cinneadh bord bainistíochta AIB a bhí ann gan cosaint a chur suas in aghaidh an ghaimbín shantaigh John Foy.
Thuig sé go maith cad a bhí ag titim amach agus a bhí ag beartú acu, agus thuig sé go díreach gur bréag a bhí á scaipeadh aige nuair a mhaígh sé gur cinneadh na cúirte a bhí ann i ndáiríre.

Féar plé don SBP as an scéal seo a fhiosrú agus a tharraingt chun solais. Sin sampla de na meáin ag comhlíonadh a ról go maith.
Faraor, do phobal na Gaeilge, bhí meascán mearaí d'anailís mhaith agus seafóid cruthanta le léamh acu i nGaelscéal.
Don dara sheachtain as a chéile tá tráchtaire sa nuachtán ag moladh an IMF!: "..caithfidh mé a rá go bhfuil saghas áthais orm go bhfuil an IMF agus an AE ann chun súil ghéar a chóiméad ar an mbealach go bhfuil muid ag déanamh riaradh ar an dtír.."
Tá mo dhuine a mhaígh an líne sin thuas (a) ina amadán aineolach amach is amach, nó (b) ag magadh agus ag iarraidh a bheith conspóideach le haghaidh na conspóide amháin.

Ní comhartha maith d'iriseoireacht an nuachtáin ceachtar den dá rogha thuas.
Ní aineolas go moladh an IMF.

Nílid anseo chun súil a chóiméad ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre ionas go mbeimis ar bhóthar ár leasa arís. Ní leigheas an IMF d'fhadhbanna an chórais chaipitligh, is cuid den fhadhb é.
Tá an IMF anseo chun bainc phríobháideacha a chosaint ó loiceadh lucht oibre na tíre ar fhiacha na mbanc sin.
Agus sa phróiseas sin beidh an méid sócmhainní stáit agus is féidir leo a phríobháidiú príobháidithe acu.

Ar leathanach a 13 den nuachtán bhí grianghraf de pháiste i mbun agóide lena muintir sa Chlochán Liath, bhí plaiceard ina glac a dúirt: "The Pigs Are Out To Make Some Money"; le híomhá de thrí mhuc caipitil air freisin, I,M agus F. Thaispeáin an cailín óg sin níos mó tuisceana de staid na tíre go heacnamaíoch ná mo dhuine a bhfuil in ainm is a bheith ina thráchtaire eacnamaíochta!

Sin ráite, más aineolach amaideach agus cur amú spáis an ailt chéanna ar a laghad bhain sé miongháire amháin asam.
Maidir lena bholscaireacht, sothuartha, in aghaidh rialtas den eite chlé ina mbeadh SF agus LO páirteach ann, mhaíodh maidir le polasaí amháin de Shinn Féin: "tá Sinn Féin ag iarraidh ráta cánach 48% a ghearradh orainn."
Níl a fhios agam cé go díreach atá i gceist aige leis an "orainn" sin, óir is éard atá i gceist leis an ráta cánach 48% ná tríú ráta cánach nua a ghearradh orthu siúd a thuileann thar €100,000 in aghaidh na bliana.
Bheinn measartha cinnte nach mbaineann sé sin le formhór pobal na Gaeilge, in ainneoin na geáitsíochta buirgéisí uathu.

Cheap mé go raibh sé greannmhar go raibh míniú faoin ráta cánach molta sin do lucht saibhris ar fáil ar an anailís ag Treasa Bhreathnach, 3 leathanach níos faide ar aghaidh.
N'fheadar an raibh mo dhuine ag súil go mbeadh a leithéid ann, ag bréagnú a chuid bholscaireachta féinleasach.

Agus breathnaíonn lucht na Gaeilge ar an fhear seo mar shaineolaí airgeadais!