Tá dán de chuid Brecht ag dul thart, i gciorcail áirithe, mar fhreagra den mhór is fiú atá á dhéanamh ar son anam Stíobh Diobs agus "an méid a chruthaigh sé" le linn a shaoil.
Sílim gur fiú Gaeilge a chur air:
Fragen eines lesenden Arbeiters
Cé a thóg Téibh na seacht ngeata?
Sna leabhair a gheofar ainmneacha na ríthe.
Ar iompair na ríthe cairn carraigeacha?
Agus An Bhablóin, leagtha go minic.
Cé a thóg in athuair é? Cé na tithe óir-ghléineacha Líoma
inar chónaigh a tógálaithe?
Cén áit, an tráthnóna a chríochnaigh Balla Mór na Síne, a ndeachaigh na saoir?
An Róimh Mhór
Lán le háirsí mórchúiseacha. Cé a thóg iad?
Cé orthu a bhí na Caesair buach?
Nach raibh ach páláis ag An Bhiosáint, molta go hard in amhrán, dá áitritheoirí?
Fiú in Atlantas finscéalach.
An oíche ar shlóg an fharraige í
Ghuigh lucht báite dá sclábhaithe.
Chloígh Alastar óg An Ind
An raibh sé ar a aonar?
Fuair Caesar an lámh in uachtar ar na Gallaigh.
Nach raibh cócaire leis fiú?
Ghoil Philip na Spáinne nuair a chuaigh a chabhlach
go tóin poill. An eisean an t-aon duine a ghoil?
Bhuaigh Feardorcha a Dó Cogadh na Seacht mBliana. Cé
eile a bhuaigh é?
Ar gach leathanach bua.
Cé a rinne cócaireacht d'fhleá na mbuaiteoirí?
Gach deich mbliain fear mór?
Cé a íoc an bille?
An méid sin tuairiscí.
An méid sin ceisteanna.
14 Tráchtaireacht ar an bhlagmhír seo:
Go deas. Bunleagan anseo:
http://ingeb.org/Lieder/werbaute.html
Sílim go ndéanfaidh mé féin iarracht. Leagan Brecht deas gonta: d'éalaigh sin uait rud beag. An teideal tábhachtach freisin: Fragen eines lesenden Arbeiters
Ceisteanna Oibrí le léamh
Grma.
Ach bhí ormsa bheith i dtuilleamaí mo chuid Bhéarla chun droch-aistriúchán a dhéanamh!!
Ceisteanna Oibrí le léamh
Ceart ar fad agat. Grma arís.
Tá droch-nós agam gan teideal a bhaist ar dán.
Maith thú, a Dhubhaltach.
Níor chaill tú an dearcadh ceart riamh
Ghoid mé an "Stíobh Diobs" uait a Fhearn, ó do thrácht ar Nuacht24!
Fáilte is fiche roimh do ghoid, a Dhubhaltach. Is comhartha é go bhfuil daoine a léamh.
Ceisteanna Oibrí le léamh
Níor thuig mé an teideal go dtí gur léigh mé an bunleagan.
Fragen eines lesenden Arbeiters
= Ceisteanna ó Oibrí a Léann
Bhí mé thall is anall leis an gceann sin. Tá níos mó a gceist na "a léann", cáilíocht atá i gceist, díreach mar atá Arbeiter níos soiléire na Oibrí.
Ceisteanna an Léitheora Oibrí
B'fhéidir.
An mbeadh “fear oibre” níos fearr ná "oibrí" sa chomhtéacs seo?
Seans ach go mbeadh sé níos deacra fós an dá cháilíocht a chuir leis.
Comhartha soiléir aicme atá i gceist Arbeiter seachas Angestellter, mo dhála féin.
"Fragen eines lesenden Arbeiters
= Ceisteanna ó Oibrí a Léann"
Plé suimiúil ar siúl agaibh ansin faoi conas an bhrí chruinn a thabhairt leat ó theanga amháin go teanga eile.
Ceisteanna ó Oibrí a Léann = Fragen eines Arbeiters, der liest.
Céard faoi: "Ceisteanna Fir Oibre, ar Léitheoir é."
Cibé teideal, is maith liom focail an dáin. Go raibh maith agat, a Dhubhaltaigh - ní raibh an dán sin feicthe agam cheana.
Deas cloisteáil uait arís.
N'fheadar an bhfuil an dán seo i measc na cinn ar chuir Aindrias Ó Cathasaigh Gaeilge orthu?
Rith "Oibrí léannta" liom mar leagan ach níl sin cruinn ach oiread. Gníomh atá i gceist.
Post a Comment