Dé Céadaoin, Iúil 08, 2009

M2009.07.04

Ferris Bueller's Day Off, níl aithne agam ar éinne nach dtaitníonn an scannán sin leo. Inniu ghlaoigh mé isteach san oifig ag rá go rabhas tinn ar nós Fearghuis, fliú na muc an dtuigeann tú! Bhíos tinn den obair leis an bhfírinne a dhéanamh, mar sin bhí lá saoire tuillte agam i mo thuairim.
Agus seachas bheith ag útamáil timpeall an tí nó na cathrach thug mé na sléibhte orm féin agus chuas ag cnocadóireacht i gCille Mhantáin.
Cúpla grianghraf thíos, iad tógtha ar ghuthán póca!

Mullach Cliabháin:

Loch Deán, Ceann Toirc agus Muir Éireann le feiceáil i gcéin sa gceann seo thíos:


Carraig an tSeabhaic, Ceann Toirc i gcéin.


Tóin le Gaoith agus Gleann Log an Easa


Loch Cliabháin agus Cnoc an tSamhaidh i gcéin

M2009.07.03

Cheapas go raibh na heachtrannaigh níos báúla don Ghaeilge i gcomparáid leis na hÉireannaigh!?

Chualas sin á rá chomh minic sin ó dhaoine áirithe -nach raibh páirt acu leis an gcóras oideachais ariamh- gur thosaigh mé á chreidiúint!
Bhí sé cloiste agam chomh minic sin go raibh sé daingnithe go tiubh i m'aigne go raibh na céadta mílte eachtrannach ar leas na teanga! Mar sin, chreid mé go raibh mo chara ó Bhaile an Fheirtéirigh ag insint bréaga ciníoch bliain ó shin nuair a dúirt sé dom go raibh an chuid is mó de na daoine in aghaidh pholasaí lán Gaeilge Phobalscoil Corca Dhuibhne ina n-eachtrannaigh!

Miotas lofa eile ó ré an Tíogair agus óna polasaithe caipitlíocha a lean é.

Dé Máirt, Iúil 07, 2009

M2009.07.02



Ní shílim gur bhain mé chomh mór sult as leabhar le fada an lá. Ní fheadar an ndeirim é sin liomsa féin chuile uair a chríochnaíonn leabhar!
Ar aon chaoi, Dracula le Bram Stoker atá i gceist agus arna aistriú go Gaeilge ag Seán Ó Cuirrín i 1933 agus Maolmhaodhóg Ó Ruairc níos déanaí i 1997.
Bhí fíor-saibhreas agus cruinneas na teanga Ghaeilge le léamh ann, bhí orm dul go dtí an foclóir go minic. (Rud a chur feabhas mór ar mo chuid Gaeilge féin is dóigh)
Éiríonn an scéal féin leadránach ó am go ham, agus uair nó dhó bhraitheas nach raibh sé ag bogadh ar aghaidh ar chor ar bith. Ach tríd is tríd tá an scéal seo fós beo bríomhar a dhóthain chun d'aird agus spéis a choinneáil sa scéal. Rinne Stoker éacht nach beag scéal chomh nua-aimseartha a scríobh. Ní mór cuimhneamh gur scríobh sé idir 1890 agus 1897 é
Mholfainn Dracula (leagan Gaeilge) go mór.

Tar éis dom an leabhar seo a léamh bhí mo spéis in airde leis an scannán a fheiceáil. Rinneadh an scannán bunaithe ar an leabhar agus leis an ainm céanna.
Is rud é a deirtear go minic agus i gcónaí, loiteann scannánóirí scannáin bunaithe ar leabhair nach gcloíonn go dlúth leis an mbunscéal. Mo léan, ach is amhlaidh an cás leis an scannán seo. Ní fhágtar dílis don scéal agus cruthaítear scéal grá idir an Súmaire agus Mín Uí Earcair! Scéal atá go hiomlán as alt leis na carachtair.
Sin scannánóirí Choill an Chuilinn duitse is dóigh.

M2009.07.01



Chualas an t-amhrán deas seo thuas ar an scannán nua sin "Che cuid a dó". Píosa breá go deimhin. Ní fheictear domsa go bhfuil fís ann don amhrán, mar sin ní mór cur suas le híomhánna adhartha de El Che.

Mholfainn na scannáin faoin réabhlóidí marxach leis.

Ní fheadar an mbeadh El Che sásta leis an bhfíric go bhfuil airgead mór á dhéanamh ag comhlacht scannánaíochta ar a ainm agus scéal. Mar sin, d'fhéadfaí an scannán a fheiceáil ar an suíomh seo, má tá DivX Webplayer agat.

Dé Máirt, Meitheamh 23, 2009

M2009.06.01

Níl aon amhras a thuilleadh faoi chumhacht uafásach an idirlín nuacht a thuairisciú. Seo thíos mír uafásach ar YouTube ag taispeáint bean darbh ainm Neda ag fáil bháis i ndiaidh gur scaoil snípéir gan trócaire í i dTerhan.
An bhféadfadh an t-idirlíon mairtíreach a chruthú le haghaidh na troda in aghaidh deachtóireacht Mahmoud Ahmadinejad?

Dé Céadaoin, Bealtaine 20, 2009

M2009.05.01

Fiú ag an bpointe seo ní thuigeann na hamadáin nach raibh nó nach bhfuil sé go maith don tír ó thaobh an gheilleagair de go bhfuil praghsanna ró-ard againn ar tithe.

Dúirt Frank Conway "that the fact that people would now qualify for smaller mortgages meant that house prices would be forced to fall further"

Tá an iomarca Frank Conways againn sa tír seo.

Déardaoin, Aibreán 23, 2009

M2009.04.05


"úlla, oráistí agus meaisíní vótála leictreonaí, dhá le haghaidh euro... dhá le haghaidh euro...!"

buíochas le Dia

M2009.04.04



An comhartha is suntasaí faoi staid gheilleagair na hÉireann. Scuaine uafásach mhór le haghaidh 100 post i siopa Londis.

Dé hAoine, Aibreán 17, 2009

M2009.04.03

Ón áit seo is féidir liom Sléibhte Átha Cliath clúdaithe i gceo a fheiceáil, os a gcomhair tá craenacha tógála an tíogair mhairbh ag seasamh go ciúin uaigneach thar fhoirgnimh is árasáin leath-chríochnaithe an bhorrtha, amhail boscaí oscailte folamh, brionglóidí santach scriosta a bhforbróra.

Faoi scáth na bhfoirgneamh agus na gcraenacha uaigneacha céanna tá garáiste cairr, an áit a bhfuil mo charrsa thuas ar bhloic, amhail brionglóidí scriosta a úinéara faoi sheachtain sultmhar ag siúl i measc sléibhte maorga Chill Mhantáin.

M2009.04.02

Bhí sé i gceist agam an t-alt seo thíos a chur ar eagrán inniu de Nuacht 24 ach tá na hailt a scríobh mé Dé Máirt agus Dé Céadaoin seo caite air, agus ar eagla go mbeadh an t-ábhar as dáta an tseachtain seo chugainn cuirfidh mé suas anseo é:

Iontas na n-iontas fuair an tAire Oideachais agus eolaíochta Batt O'Keeffe fáilte fuar ó thoscairí na gcumann múinteoirí difriúla an tseachtain seo ag na comhdhálacha, Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ), Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) agus Cumann Na Meánmhúinteoirí, Éire (CNMÉ). Bhí caint bhladhmannach le cloisteáil i ngach cheann acu.
Dé Luain a d'imigh tharainn, ag comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann, dúirt uachtarán an chumainn Declan Kelleher le toscairí gur seo an t-am cóir chun "dul sa tóir go gníomhach ar rialtas le ceannas den eite chlé air".
Is cinnte gur tháinig Kelleher ar an tuairim sin i ndiaidh gur léigh sé plean reamh-bhuiséad Pháirtí an Lucht Oibre!
Ach seo an tUasal Kelleher a bhí ana-shásta leis an gcóras agus an tagarmharcáil a tháinig leis na páirtithe den eite dheis, más mian leat, le linn ré an Tíogair Cheiltigh. Níor chualathas gíog nó míog ach an oiread óna chumainn nó cumann eile agus iad ag fáil torthaí na cánach ag teacht isteach ón mboilgeog thithíochta. Anois leis an gcóras lofa ina chíor thuathail agus tobar an airgid fholaimh agus tirim nílid sásta go mbeadh calcthaí pá i bhfeidhm, agus go mbeadh sé orthu íoc as céatadáinín beag dá bpinsin buan féin.
Dá mbreathnódh an Céileacharach ar an gcás go hoibiachtúil, agus sa meon sóisialach a mholann sé, bheadh sé soiléir dó go bhfuil na múinteoirí in áit níos fearr le híoc as aon ghéarchéim gheilleagrach i gcomparáid le formhór na n-oibrithe san earnáil phríobháideach: Meánioncaim múinteoir san earnáil phoiblí €48,000, meánioncaim oibrí san earnáil phríobháideach €36,000.
Tá a bhfearg inbhraite, siúladh chuid acu amach as na comhdhálacha agus bagairt stailceanna agus feachtais á mbagairt acu. Ag an bpointe seo tá a n-iompar níos cosúla le páistí míbhéasacha i ranganna dá gcuid.

Cloistear go mion minic ó mhúinteoirí nach bhfuil uathu ach "cothrom na féinne". Ní féidir gur cothromaíocht idir iadsan féin agus an earnáil phríobháideach atá i gceist acu! Mar sin, is éard atá i gceist acu sa gcás sin ná cothromaíocht idir iad agus polaiteoirí is státseirbhísigh. Breathnaíonn na cumainn ar chothromaíocht laistigh de bhoilgeog na hearnála poiblí féin. Dá dtógfaidís an t-am le breathnú ar chúrsaí sa "fíorsaol" feicfear earnáil lán le hísliú pá idir 10 agus 30 faoin gcéad ar an meán, agus tá an t-ádh leis na daoine siúd ina leithéid de chruachás. Tá dífhostaíocht ag rith go hard freisin, ag 11% agus ag ardú go míosúil.

Ach tá an earnáil phoiblí ina hiomláine ró-teannta mar atá sé, ón Taoiseach go dtí an maorlathach gan mhaith sa HSE agus fiú go dtí an múinteoir scoile a fhaigheann 3 mhí saoire le linn an tsamhraidh (na laethanta saoire is faide san Eoraip), 3 seachtain um Nollaig, dhá sheachtain um Cháisc agus briseadh fada lár téarma.
Má dhéantar comparáid idir phá mhúinteoirí scoile in Éirinn le pá mhúinteoirí scoile i dtíortha eile san Eoraip feictear difríochtaí móra, tá an meán-teacht isteach do mhúinteoir in Éirinn, mar a luaigh mé cheana ag seasamh ag €48,000, tá seo 35 faoin gcéad chun cinn ar an mheán sa Bhreatain agus tuairim is 20 faoin gcéad níos airde ná an méid a fhaigheann múinteoir sa Ghearmáin. Tá sé i bhfad níos airde ná an pá san Iodáil, an Pholainn agus an Fhrainc.
Ar ndóigh, tá an argóint chéanna ag na cumainn go bhfuil costas maireachtála in Éirinn i bhfad níos airde i gcomparáid leis na tíortha luaithe thuas agus mar sin tá ráta pá níos fearr tuilte acu. Ach le ráta an bhoilscithe ag rith ag -2.6%, agus ag titim trí mhí as a chéile go dtí an leibhéil is ísle ó bhí 1933 ann, ní sheasann an tseanargóint tuirseach sin a thuilleadh.

Freisin tá sé deimhnithe anois ag an rialtas, mar a bhí fógartha sa bhuiséad, go mbeadh gearradh siar ar phá do státseirbhísigh sinsearacha, teachtaí dála agus airí rialtas de 20% agus níos mó chun teacht síos ar an leibhéal céanna pá leis tíortha beaga eile san Eoraip.
Tá an tAire airgeadais ag iarraidh roinnt cothromaíochta a aimsiú, agus tá moladh tuillte aige dá bharr, ach ní mór don Taoiseach an próiseas agus an seans seo a thapú, fiú neamhaird a dhéanamh den gcoiste atá le breathnú ar a bpá, agus déanamh fógairt ar an bpointe boise go bhfuil sé i gceist ag an rialtas ísliú pá de 20% agus níos mó a chur i bhfeidhm trasna an bhoird nuair a thagann sé go dtí polaiteoirí agus státseirbhísigh sinsearacha.
Thaispeánfadh sé sin ceannairceach ar an ardán domhanda, chothódh sé muinín sna margaí idirnáisiúnta a d'fheicfeadh go bhfuil ár gcaiteachas á chur in ord agus bhainfeadh sé seasamh na múinteoirí atá ag éilimh a mbréag "cothrom na féinne" in aon bheart amháin.

Deir Ard-Rúnaí CMÉ John Carr freisin nach raibh páirt ag múinteoirí i gcúlú na tíre agus gur fuath leis an chaoi a bhfuil "a bpócaí á fholmhú chun teacht i mbannaí ar bhaincéirí, forbróirí agus amhantraithe" dúirt sé go raibh múinteoirí "go hiomlán in aghaidh an rialtais ag cur iallach ar pháistí chun íoc as meargántacht agus saint chaipitlithe casino na hÉireann"
Agus cé hiad na hamhantraithe? Le linn an Tíogair bhí seans ag cách a bheith i gceann. Ní déarfainn go mbeadh éinne ró-bhuartha faoin múinteoir bocht a bhí ar an raidió an tseachtain seo caite ag gearáin nach mbeadh sí in ann íoc as a dara teacht thar sáile. Téigh sí san fhiontar lena cuid airgid agus theip ar a spéacláireacht.

Tá an ceart ar fad ag Carr agus ag na cumainn eile maidir leis na ciorruithe ar choinníollacha do pháistí faoi mhíchumas, fadhbanna labhartha agus an t-airgead amú ar fhoirgnimh réamhdhéanta srl. Costas a sheasann ag tuairim is €50 milliún in aghaidh na bliana do na foirgnimh réamhdhéanta.
Tá a mhalairt á dhéanamh ag Uachtarán Obama, le hinfheistíocht de €142 billiún á cur i gcúrsaí oideachais aige sna stáit.
Tá ceachtanna maithe le foghlaim ón gcaoi a bhfuil an rialtas ag déileáil leis an ngéarchéim san airgeadais phoiblí. Ba chóir dóibh tosnú ag an mbarr agus obair síos, seachas an bealach eile. Ba chóir dóibh breathnú ar mhíéifeachtaí cosúil leis na foirgnimh réamhdhéanta sula gcuirtear tobhaigh ar phinsin i bhfeidhm. Nuair a fheictear an mhíbhainistiú sin ní bhraitear go bhfuil cothromaíocht a fháil agus éiríonn sé níos deacra dul i bhfeidhm ar dhaoine agus iad a mhealladh chun plean a leanúint. Ní chabhraíonn sé ach an oireadh go bhfuil €1.6 milliún caite ag Fianna Fáil ar Ingearáin an Aerchóir ó Dheireadh Fómhair seo caite, am an chéad bhuiséad. De bharr seafóide mar seo braitear nach bhfuil cothrom na féinne a fháil.

Tá praiseach cheart déanta ag an rialtas den gheilleagar, níl aon amhras faoi sin, agus ar a laghad beidh seans ag cách a bhreithiúnas a thabhairt ar mhíbhainistiú an gheilleagair i Meitheamh. Sin an áit a ndéanann sé difríocht, ní ag dul ar stailc agus ag dúnadh scoileanna.

Dé hAoine, Aibreán 03, 2009

M2009.04.01

Duine fiáin a bhí i bPáidí Mac Amhlaoibh i gcónaí, ní raibh leasainm air ariamh, agus is aisteach an rud é sin ós é a thug leasainm dá gach mac mháthair eile sa sráidbhaile.
Fuair a mháthair bocht bás agus é fós óg, agus bhí a athair an-shean, fiú nuair a bhí Páidí óg.
Ní dhearna sé go maith sa scoil, in ainneoin go dúirt na múinteoirí uilig gur dhuine fíor cliste a bhí ann. Easpa smachta sa mbaile is cúis lena neamhshuim is dóigh.

Is cuimhin liom go maith a athair ag Aifreann an Domhnaigh, ar dheis Dé go raibh sé, agus a bhréagfholt ait, leath ar a cheann agus leath as. Bhíos ann agus triúr eile mar bhuachaillí na haltóra ag iarraidh a bheith dáiríre os comhair súile Dé agus an phobail araon. Faraor, cuireadh ainchruth bhréagfholt Mhic Amhlaoibh os comhair mo shúl, agus é amhail cat marbh fliuch ag sleamhnú síos a shean-mhaolcheann.
Ní déarfainn go bhfuil aon ghalar níos tógálaí ná seitgháirí gan smacht. Tá sé ní ba mheasa fós agus tusa ag bun altóir naofa os comhair do phobail is do mhuintir. Níl aon leigheas air seachas gáire láidir fada chun an galar a ruaigeadh i gceart as an gcorp.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an ndearg-phian fíor-ghreannmhar sin go deo agus gruaig Mhic Amhlaoibh.

Daoine fíor-saibhir a bhí i gclann Mhic Amhlaoibh, is leosan atá An Bheartrach, sin talamh gan mhaith, dumhcha agus talamh gainmheach cois farraige.
Ní bheadh aon mhaith le saothrú as in aimsir a sinsear, seachas le haghaidh seilge. Giorriacha agus éin.
Ach mar gheall ar an bhfás ar an ngeilleagar Ceilteach tháinig fás as cuimse ar an spórt gailf agus tithe saoire cois trá do lucht na cathrach is an rachmais.
Faigheann Mac Amhlaoibh óg na mílte euro ar cíos ón gcumann gailf gach bliain agus na céadta míle euro don talamh le haghaidh na dtithe saoire agus an ostán nua gránna.

De bharr an airgid ní raibh, agus níl, fadhb ag Páidí mná a mhealladh. Agus sin in ainneoin na fírice go bhfuil sé ramhar, gránna agus ina dhearg-alcólach.
An cailín nua atá aige, is as an Eoraip í, an Pholainn, b'fhéidir.
Bíonn sé ag troid i gcónaí léi sa bpub, nó ba chóir dom a rá, bíonn sí á bhuaileadh i gcónaí. Bhí siad baráilte as beagnach gach ceann de na 13 pub sa sráidbhaile le déanaí.
Thosaigh siad ag ól sa mbaile ar an mBeartrach mar sin.
Bhí scliúchas éigin eatarthu oíche amháin, agus ghlaoigh Páidí ar na Gardaí. D'ionsaigh sí le scian é agus é ina choladh ar an dtolg, dar leis.
Bhí sé ag fáil bháis leis an méid fola á dhoirteadh as.
Mhair sé, ar aon nós. Ach bhí air a dhul ar saoire mar gheall ar an náire a bhraith sé. Scéal na seachtaine ab ea iad, cois gach uile chuntair agus ar gach uile leac dorais.

"Cheapas gur bhean aisteach í agus muidne ag dul amach" a deir Pól na Gruaige, an gruagaire, le mórtas ait. Buachaill céile an Pholannaigh roimh bPáidí ab ea an gruagaire céanna.
"Dhúisigh mé oíche amháin, i lár na hoíche, agus bhí sí ag bun na leaba ag stánadh orm agus ag caitheamh tobac."
"Chualas go ndearna sí iarracht a bhuachaill san Eoraip a ghearradh in dhá leath!" arsa Fear an tí.

Tháinig Páidí ar ais óna saoire náire, níor chuir sé aon chúiseamh i leith a chailín as ucht a hiarracht é a mharú.
Tá siad le pósadh sa samhradh.
Grá is dóigh.

Dé Máirt, Márta 31, 2009

M2009.03.06

Bhí obair go leor ag Seán Sheosaimh Ó Maoileanaigh a thugtar "Capall Craiceáilte" air le linn ré an Tíogair Cheiltigh, ag tógáil tithe saoire agus árasáin timpeall Inis na dTithe Saoire agus an cheantair máguaird.
Bhíodh sé ag obair don Albanach as Liafuine don chuid is mó, fear gaimbín le cairéal mór agus maoin (óstáin , tithe agus teach tábhairne .i. teach tábhairne Bharr an Chnoic sna Coillíní)
Dé réir mar a ndeachaigh cúrsaí go maith i ngeilleagar na tíre bhí chuile dhuine ar a sáimhín só, an Capall Craiceáilte agus an tAlbanach, ag saothrú tithe san áit ar shaothraigh a sinsir beithígh agus caoirigh.

Nuair a thit an lug ar an lag, mar a tharlaíonn i ngach uile bhoilgeog tithíochta, chuaigh rudaí chun olcais go tapaidh don Albanach.
Tá na céadta míle Euro i bhfiacha aige leis na bainc.
Níl airgead ar bith fágtha aige mar gheall ar a dhearg-saint anois.
Nuair a thagann Capall Craiceáilte chuige ag lorg airgid don obair a rinne sé dó ar chuid de na tithe saoire is déanaí deireann an t-Albanach leis an gCapall nach bhfuil an t-airgead aige dó, ar chor ar bith.
"Tóg cúpla lód cloch as an gcairéal mar chúiteamh" arsa Albanach na gCloch "mar ní bhfaighfeá aon airgead uaim, táim banc-bhriste"
Déanann Capall Craiceáilte amhlaidh, níl aon rogha eile aige, nach bhfuil billí le híoc.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, oíche Sathairn, i teach tábhairne Bharr an Chnoic tá ríméad agus gliondar ar chroí Capall Craiceáilte, níl a fhios ag éinne cén fáth, nach bhfuil sé thíos de bharr easpa airgid?
Tosaíonn sé ag ordú deochanna do gach mhac mháthair sa bpub, agus tá fáilte roimh a fhlaithiúlacht. Leath cinn, dúbailtí, pointí, níos mó leath cinn níos mó pointí, agus coinníonn sé air ag ordú. Ní diúltaítear deoch.
"Tháinig sé ar airgead"
"Bhuaigh sé an lottó"
A deirtear i gcogar le chéile le miongháirí suaracha.

Dhá a chlog ar maidin agus tá an t-am istigh, "am a dhul abhaile a fheara" a deir bean an Albanaigh. "A Chapaill, an bhfuil sé i gceist agat an bille a íoc anois?" a deir sí.
"Tá agus fáilte a bhean" a deir Capall Craiceáilte.
Cuireann sé a lámh isteach ina phóca chun a vallait agus a chartá-chreidmheasa a aimsiú agus tarraingíonn sé amach dorn gairbhéil agus cuireann sé ar an gcuntar é.
"Tóg as sin é a bhean"

Fíorscéal