Dé Céadaoin, Iúil 08, 2009

M2009.07.03

Cheapas go raibh na heachtrannaigh níos báúla don Ghaeilge i gcomparáid leis na hÉireannaigh!?

Chualas sin á rá chomh minic sin ó dhaoine áirithe -nach raibh páirt acu leis an gcóras oideachais ariamh- gur thosaigh mé á chreidiúint!
Bhí sé cloiste agam chomh minic sin go raibh sé daingnithe go tiubh i m'aigne go raibh na céadta mílte eachtrannach ar leas na teanga! Mar sin, chreid mé go raibh mo chara ó Bhaile an Fheirtéirigh ag insint bréaga ciníoch bliain ó shin nuair a dúirt sé dom go raibh an chuid is mó de na daoine in aghaidh pholasaí lán Gaeilge Phobalscoil Corca Dhuibhne ina n-eachtrannaigh!

Miotas lofa eile ó ré an Tíogair agus óna polasaithe caipitlíocha a lean é.

2 comments:

Dennis King said...

Is cosúil gur fearr le hinimircigh go Québec Béarla seachas Fraincis, cé go bhfuil an lámh in uachtar ag an bhFraincis sa chúige sin. Féach:

"Immigrants to Quebec don't want to learn the silly French language."

http://www.antimoon.com/forum/t3042.htm

Dubhaltach said...

grma Dennis

Béarla teanga na cumhachta! Níl a fhios agam cén fáth gur creideadh ariamh go mbeadh spéis acu i mionteanga.