Dé Máirt, Márta 31, 2009

M2009.03.06

Bhí obair go leor ag Seán Sheosaimh Ó Maoileanaigh a thugtar "Capall Craiceáilte" air le linn ré an Tíogair Cheiltigh, ag tógáil tithe saoire agus árasáin timpeall Inis na dTithe Saoire agus an cheantair máguaird.
Bhíodh sé ag obair don Albanach as Liafuine don chuid is mó, fear gaimbín le cairéal mór agus maoin (óstáin , tithe agus teach tábhairne .i. teach tábhairne Bharr an Chnoic sna Coillíní)
Dé réir mar a ndeachaigh cúrsaí go maith i ngeilleagar na tíre bhí chuile dhuine ar a sáimhín só, an Capall Craiceáilte agus an tAlbanach, ag saothrú tithe san áit ar shaothraigh a sinsir beithígh agus caoirigh.

Nuair a thit an lug ar an lag, mar a tharlaíonn i ngach uile bhoilgeog tithíochta, chuaigh rudaí chun olcais go tapaidh don Albanach.
Tá na céadta míle Euro i bhfiacha aige leis na bainc.
Níl airgead ar bith fágtha aige mar gheall ar a dhearg-saint anois.
Nuair a thagann Capall Craiceáilte chuige ag lorg airgid don obair a rinne sé dó ar chuid de na tithe saoire is déanaí deireann an t-Albanach leis an gCapall nach bhfuil an t-airgead aige dó, ar chor ar bith.
"Tóg cúpla lód cloch as an gcairéal mar chúiteamh" arsa Albanach na gCloch "mar ní bhfaighfeá aon airgead uaim, táim banc-bhriste"
Déanann Capall Craiceáilte amhlaidh, níl aon rogha eile aige, nach bhfuil billí le híoc.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, oíche Sathairn, i teach tábhairne Bharr an Chnoic tá ríméad agus gliondar ar chroí Capall Craiceáilte, níl a fhios ag éinne cén fáth, nach bhfuil sé thíos de bharr easpa airgid?
Tosaíonn sé ag ordú deochanna do gach mhac mháthair sa bpub, agus tá fáilte roimh a fhlaithiúlacht. Leath cinn, dúbailtí, pointí, níos mó leath cinn níos mó pointí, agus coinníonn sé air ag ordú. Ní diúltaítear deoch.
"Tháinig sé ar airgead"
"Bhuaigh sé an lottó"
A deirtear i gcogar le chéile le miongháirí suaracha.

Dhá a chlog ar maidin agus tá an t-am istigh, "am a dhul abhaile a fheara" a deir bean an Albanaigh. "A Chapaill, an bhfuil sé i gceist agat an bille a íoc anois?" a deir sí.
"Tá agus fáilte a bhean" a deir Capall Craiceáilte.
Cuireann sé a lámh isteach ina phóca chun a vallait agus a chartá-chreidmheasa a aimsiú agus tarraingíonn sé amach dorn gairbhéil agus cuireann sé ar an gcuntar é.
"Tóg as sin é a bhean"

Fíorscéal

2 comments:

Dennis King said...

An-scéal, agus dea-scríofa, a Chú! Chuir mé ar aghaidh chuig mo chuid cairde a bhfuil Gaeilge acu é, in éindí le nasc chuig do shuíomh.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat a Dennis a chara, beidh alt agam i Nuacht24 amárach freisin dála an scéil