Dé hAoine, Iúil 30, 2010

M2010.07.15

Ó d'fhág na Sopranos ár scáileáin teilifíse is beag a bhí ann a shásódh ár ndúil d'fhoréigean drámata agus do bhualadh craicinn ar an bhosca amadáin den tsóirt a ndeachaigh muid i dtaithí air! Déarfainn go bhfuil an bhearna sin sa mhargadh á comhlíonadh go seoigh ag an chlár nua ó na stáit Spartacus.
Nuair a tháinig sé amach ar dtús ar Bravo sa taobh seo den Atlantach is beag spéis a chuir mé ann, bíonn an iomarca fógraí ag rith tríd an chlár, rud a chuireann as go mór domsa.
Thosaigh sé ar na mallaibh ar TVa3 agus faoi sheans rinne mé taifid des na clárlacha a lig dom amharc orthu ar mo shuaimhneas.

Anois caithfidh mé a admháil nach luíonn roinnt de na radhairc gnéas go compordach liom, tá mí-úsáid ghnéasach na ngiall comónta ann.
D'fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil na léiritheoirí agus scríbhneoirí ag iarraidh an cultúr gránna Rómánach a thaispeáint gan eagla roimh an fhírinne shalach, ach, i ndáiríre déantar é chun geit a bhaint asainn agus múisc a chur orainn.

Tá iarrachtaí beaga suaracha eile acu in iarracht geit a bhaint as an lucht féachana freisin le radhairc de bhoid, cíocha agus bualadh craicinn aerach. Murab ionann agus an mí-úsáid ghnéasach tá siad séimh.

Lasmuigh de sin is maith liom forbairt na gcarachtar agus an chaoi a bhforbraíonn siad a scileanna agus a scéalta trí na cláracha. Ar ndóigh is éard atá fíor-spéisúil faoi aon scéal gliaire ná na troideanna fuilteacha san airéine.
Sílim gur bhreathnaigh mé ar an troid aréir béaloscailte, mar b'shin a dúirt mo chailín liom nuair a tháinig sé isteach sa seomra; "Cad chuige a bhfuil tú gob oscailte le hiontas?" "Ná habair faic a thaiscín tá an fathach ag éirí suas!" "Ó a thiarcais bí ag caint faoi sheafóid!"
Is fuath léi é, is breá liom é.
Seo clár maith dos na lads gan dabht.

2 comments:

Dennis King said...

“Is fearr fuílleach ná easpa” a deirtear. Sa chás fuilteach seo, áfach, níl mé cinnte. Ní raibh mé in ann mo shúil a thógáil den scáileán. Ach, le fírinne, níl níos mó de ag teastáil uaim.

Dubhaltach said...

An gceapann tú go bhfuil sé lán stíle ach gann ar substaint?