Déardaoin, Iúil 29, 2010

M2010.07.14

Murab ionann agus athrú aeráide ar a laghad le tuinseamh (focal nua an lae domsa) mar seo tarlaíonn sé go han-tapaidh agus ní bheadh orainn plé gan chiall a chloisteáil faoi an bhfuil nó nach bhfuil sé ag tarlú...



Breathnaigh air in HD, an-bhlasta.

5 comments:

Dennis King said...

Sé huaire ar a laghad? Hmm. Céard a rinne na baictéir le holc a chur ar Jehovah... arís is arís eile? Is léir gur pobal ceanndána a bhí iontu.

Dubhaltach said...

Seans gur págánaigh a bhí iontu! B'fhéidir go bhfuil na freagraí an na na Mormannaigh?!

Dennis King said...

Fíor-shuimiúil mar fhíseán. Cuireann sé na fíricí faoinár mbráid gan iad a chur as riocht, chomh fada le m'eolas. Miotaseolaíocht den chéad scoth atá ann, dáiríre, chomh maith céanna le miotaseolaíocht na Críostaíochta.
;-)

Dubhaltach said...

Fíor-ghreannmhar, leis. Sílim gur scig atá ann! Caithfidh go bhfuil! Caithfidh.....

Mise Áine said...

@ 'Miotaseolaíocht den chéad scoth atá ann, dáiríre, chomh maith céanna le miotaseolaíocht na Críostaíochta'

Ahhh, na leabhair sin arís...:-)