Déardaoin, Iúil 29, 2010

M2010.07.13


De ghnáth bíonn sé thar m'am codlata agus is annamh a bhreathnaím air na laethanta seo, ach aréir d'fhan mé suas le breathnú ar Chlár Uisinn de Bhrún ar TVa3 le Caoimhín Ó Meidhir. Athrú aeráide a bhí faoi chaibidil acu.

Cheap mé gur chuala mé gach argóint in aghaidh téamh domhanda de bharr gníomhachtaí an chine dhaonna faoin am seo ach bhí breall orm faoi sin.
Bhí beirt fhear as brúghrúpa nach gcreideann in athrú aeráide darbh ainm "Turn180" (Ní féidir liomsa teacht ar aon tagairt dóibh nó suíomh idirlín dá gcuid ar an idirghréasán. Má fhanann siad thart fada a dhóthain beidh sé suimiúil le fáil amach cá bhfaigheann sé a gcuid maoiniúcháin!)
Ag pointe amháin mhaígh duine acu gur rud maith atá i C02, don atmaisféar! Agus bhí rudaí seafóideacha eile ann leis an duine eile ag maíomh go bhfuil an domhan ag fuarú, agus a leithéidí. Sin in ainneoin na fianaise ó gach cúinne an domhain ag taispeáint a mhalairt. (Mura bhfuil fonn ort an tuarascáil ina iomláine a léamh is fiú an achoimre ar an suíomh idirlín a léamh)

Cheap mé go raibh comharthaíocht choirp Ger Flemming ó Mhet Éireann an-spéisiúil ar fad nuair a bhí mo dhuine ó "Turn180" ag caint a chuid chacamais. Chas sé a dhroim leis, chuir sé a cheann faoi, agus uaireanta bhí a lámh ar a bhéal. Bhí sé éasca a mhíchompord a thuiscint agus an fonn a bheadh air gáire diomúch a dhéanamh nó scairt amach ina aghaidh de thairbhe na buinní béal a bhí le clos. Ar ndóigh ní dheachaigh sé i dteagmháil leis an aineolas, agus sílim go raibh an ceart aige faoi sin, is fearr gan aer a thabhairt don bhréag-argóint uaireanta.
Ach nuair nach dtugtar faoi agus nuair a ligtear an bhréag seasamh creidfidh daoine inti, mar sin bhí obair mo dhuine déanta. Chonaic daoine an clár aréir agus creideann siad anois gur rud maith atá sa C02 atá muid ag caitheamh isteach sa aer agus nach bhfuil aon iarmhairt throm aige dúinne agus don timpeallacht....

D'éirigh an neamheolaíoch chomh dona sin ag pointe amháin den chlár go raibh ar dhuine ó Chairde na Cruinne iarmhairt cheaptha teasa féin a chosaint!

Níl an clár ar shuímh TV3 go fóill.
Idir an dá linn le haghaidh roinnt freagraí ar an seafóid a bhí le clos ar an gclár mholfainn tosaigh leis an bhfíseán nua thíos:

3 comments:

Néidí said...

Chuala mise John Gibbons (colúnaí de chuid an Irish Times) ag caint uair amháin ar chonas déileáil leis na daoine a bhí i gcoinne Iarmhairt cheaptha teasa. Bhí sé ar fheabhas agus iontach greannmhar.
Thaispeáin sé go raibh meáin na hÉireann agus a nuachtán féin iontach claonta agus iad lán sásta iarmhairt ceaptha teasa a bhréagnú!

Dubhaltach said...

Conas is féidir iarmhairt ceaptha teasa a bhréagnú?
Tá muid in ann maireachtáil ar an domhan de bharr ceaptha teasa ag C02 srl san atmaisféar!

Seo athrú treo nua ó lucht frith-eolaíochta ar son na gcomhlachtaí móra ola agus gáis, ag iarraidh iarmhairt ceaptha teasa a bhréagnú... tá sé dochreidte!

Cad a dúirt Gibbons an gcuimhin leat?

Néidí said...

Labhair sé faoi 'eolaíocht aineolach na nuachtán' Chuir sé an bréagnú i gcomparáid leis an eagla a bhí ann maidir leis an MMR agus uathachas. Thosaigh an eagla seo mar gheall ar an Daily Mail agus bhí sé in Éirinn agus sa Bhreatain amháin