Dé Máirt, Iúil 27, 2010

M2010.07.10

7 comments:

Dennis King said...

Go fírinneach?

Dubhaltach said...

Go fírinneach!

Dubhaltach said...

Ní fíor sin, bhí ar a laghad iriseoir amháin a thug faoi deara.
Ach d'alp an chuid eile acu ar raidió, nuachtáin agus teilifís an tseafóid síos go fonnmhar.

Mise Áine said...

Deacair dallamullóg a chur ar na mná...;-)

Dubhaltach said...

Muise, tá an fhírinne agat ansin a Áine! :)

ormondo said...

B'fhéidir nach raibh ach a athrú dearcaidh á chur in iúl ag an rialtas: an ghloine leathlán anois seachas leathfholamh sé mhí ó shin.

Nach iontach an rud é an meon soirbh dearfach?
;-)

Dubhaltach said...

Sin é. Ach ar eagla na míthuisceana is rud maith go bhfuil an rialtas ag aithint anois, faoi dheireadh thiar thall, go bhfuil gá le spreagadh eacnamaíochta.
Sin athrú iomlán ar a reitric ó sé mhí ó shin nuair a mhaíodh gurb airgead amú a bheadh i spreagthaí do "gheilleagar oscailte".

Ach an fhadhb is mó a bhí agamsa leis ná an chaoi ar cuireadh an scéal seo amach mar scéal dearfach ag na meáin. Ag moladh an rialtas amhail is go raibh rud éigin dearfach déanta seachas ciorruithe a bhí ann cheana ach curtha i gculaith dearfach.
Tá leisciúlacht ag baint le tuairisciú scéalta mar seo i gcónaí. Agus ní dhéanann an leisciúlacht seo aon mhaitheas dúinn ach do lucht Fhianna Fáil agus a seasamh sna pobalbhreitheanna.