Déardaoin, Iúil 08, 2010

M2010.07.05

Ós rud é go bhfuilim ag labhairt faoi chláracha ar TG4 atá á n-athchraoladh is fiú go mór Anam an Amhráin a lua.
Mura bhfuil tú ag breathnú ar an gceann seo tá tú ag cailliúint clár den chéad scoth.
Tá an clár is déanaí ar fáil anseo ar shuíomh TG4.
Óró 'sé do bheatha abhaile agus Dún do Shúil atá faoi chaibidil acu an tseachtain seo.
Tá an bheochan a chruthaíodh timpeall na n-amhrán thar cionn ar fad buíochas leis an gcomhlacht anamúlachta fíor-iontach Cartoon Saloon. Tá na leaganacha úra de na hamhráin níos fearr fós.



Arís níl éadaí na nGael cruinn sa chartún de Óró, agus thóg an t-ealaíontóir na focail "foghlaí mara" ró-litriúil, mar sin tá sórt Sinbad baineann againn do Ghráinne Ní Mháille.
Ach ní thógann sé sin uaibh ar chor ar bith.

B'fhéidir gurb é seo an clár is fearr a bhí le feiceáil ar TG4 go dtí seo?

2 comments:

Néidí said...

An bhfuil leabhar ann faoi fhaisin na nGael?

Dubhaltach said...

Tá. Mhol Cailliomachas "Dress in Ireland" le Mairead Dunlevy ar na mallaibh.