Déardaoin, Iúil 08, 2010

M2010.07.03

Blag eile as Béarla a léim go rialta agus a mholfainn le cur ar do Ghoolgereader is ea The Story.
Tá blagmhír spéisiúil sa nasc thuas maidir le praghsanna tithíochta agus an tAire sleamhain slim de shlíbhín ag scaipeadh a scéalta slíomadóra.
Feictear domsa gurb annamh atá cáineadh déanta ar an bhfear sna meáin don chuid is mó in ainneoin na praisí ollmhóire atá déanta, agus á déanamh, aige don gheilleagar agus don phobal go ginearálta óna dheasc sa Roinn Gaimbín.
N'fheadar cén fáth sin, mar is é ceann de phríomh-ról na meán cáineadh agus critic a dhéanamh ar gach rud amaideach a dhéantar i rialtas. Go háirithe, go háirithe aon rialtas atá ag iarraidh urlár bréagach a chruthú faoi phraghsanna réadmhaoine le hairgead an phobail, agus an phobail le theacht!

Is dóigh liom gur mhaith leo a chreidiúint go mbeidh gach rud i gceart ó thaobh a gcearrbhachas ar réadmhaoin nuair a mhaíonn sé go mbeidh sé.
Agus ba mhaith leo a chreidiúint, leis, nuair a deireann sé go bhfuil an cúlú thart. Á ghlacadh, gan an cheist a chur; An bhfuil sé?
Agus, is dócha freisin, gan a bheith míchothrom leis, is dócha nár mhaith le héinne a bheith ag cáineadh duine atá tinn.
Agus lasmuigh dá ról mar Ard-Ghaimbín is duine deas é.

B'fhéidir go bhfuil sé sin ceart go leor inniu, ach geallaim duit ní bheidh na leabhair staire chomh bog réidh leis.

4 comments:

Fearn said...

Ó, a Dhubhaltach, tá do chuid íomhanna ag teacht idir mé is codladh na hoiche. Nach bhfuil staid na hÉirinn agus camastíol na bpoiliteoiríní dona go leor gan scéinséir físe a dhéanamh dhe?

Dubhaltach said...

goa! :)

Mise Áine said...

@ 'ní bheidh na leabhair staire chomh bog réidh leis.'

Braitheann sé sin ar cé a scríobhfas an leabhar staire sin, a Dhubhaltaigh...

coc said...

Tá na leabhair á scríobh anseo againn a Áine. Le pictiúirí!