Dé Céadaoin, Aibreán 28, 2010

M2010.04.23

Cúpla rud tapaidh a rith liom inniu:

Feicthe san IFSC in aice le droichead Sheáin Uí Chathasaigh i mBaile Átha Cliath.
N'fheadar an dtuigeann na baincéirí is cearrbhaigh airgeadais a oibríonn san IFSC cad atá i gceist. Níor thuig mé ar dtús é, ach ó chuardach tapaidh anois feictear domsa gurb ealaín de chuid Banksy atá ann. Agus tagairt de cheol gangsta ó na stáit "Thug Life" .i. níl ionaibh ach maistíní sráide i gcultacha.

Mura bhfuil ealaín Banksy ar eolas agat tá níos mó eolais ina leith anseo, agus scannán nua ag teacht amach go luath. Tá a íomhánna iontacha le feiceáil ar fud an idirlín.

Bhí saothar maistíní eile, na cinn gan cultacha, le feiceáil agam inniu freisin. Ní shílim gur tharla sé i bhfad sular thóg mé an grianghraf. Bhí na málaí aeir teannta fós agus boladh na gcoscán san aer leis.


------------------------------------------------

Maidir le cearrbhaigh airgeadais is léir go bhfuil deireadh i ndán do gheilleagar na Gréige mar atá sé, buíochas le lucht cearrbhachais ar Wall Street a bhí ag cur geall ar theip na nGréagach.
Ach níos measa ná sin tá an toradh atá ar ár mbanna ag eitilt suas ar an nuacht seo, féach anseo! (Tá sé ag éirí níos deacra dúinn iasachtaí a fháil, nó níos costasaí ba chóir a rá, go raibh maith agaibh a Brian L is Brian C)



Tá an chaint go léir faoin Phortaingéil agus faoin Spáinn faoi láthair mar na chéad tíortha eile le titim, ach ní fada uainn an lá a mbeidh muidne sa áit chéanna ina bhfuil an Ghréig inniu.
Níl aon éalú as dúinn anois. Is cuma cé mhéad a chuireann an tAontas ar fáil mar fhóirithint don Ghréig ach an oiread. Feicim go bhfuil €90 billiún á lua!!...

Mar a bheifí ag súil leis tá na cloigne sa Roinn Airgeadais agus san NTMA fós sannaithe go daingean sa ghaineamh. In ainneoin bearta déine an rialtais a cuireadh ar na daoine is boichte, na daoine faoi mhíchumas, daoine óga agus daoine gan phoist etc ní chreideann a mháistrí sa mhargadh iad!

Anailís níos fearr anseo

------------------------------------------------

Fuair mé cóip d'eagrán nua Red Banner (sean-mhír faoin Bhratach Dhearg anseo).
Mar a mhíníonn Red Banner féin is éard atá ann ná:
"..iris shóisialach réabhlóideach í Red Banner. Tá fúinn smaointe sóisialacha a chur i láthair an oiread daoine agus is féidir linn, agus na smaointe sin a fhorbairt is a chur i bhfeidhm ar an gcoimhlint ar son an tsóisialachais inniu. Is áil linn ár gcion a dhéanamh le cinntiú go n‑éireoidh leis an sóisialachas an saol a tharrtháil ón mbarbarthacht."
Ní féidir liom an iris seo a mholadh a dhóthain.
Is cuma le lucht Red Banner nach bhfuil sé tarraingteach ó thaobh cruth de. Níl aon ghá le leathanaigh snasta glasta nó íomhánna ildathacha. Is iad na focail agus na smaointe a chuireann siad inár láthair an rud is tábhachtaí, agus tagaim leo.
Tá 5 aiste ríspéisiúil in eagrán 39, le haiste Ghaeilge iontach ó Thomás Mac Síomóin i leith athrú aeráide agus a léirmheas ar leabhar Mhatt Hussey. Luaigh Seán an léirmheas sin ar a bhlag le déanaí.
Macallaíonn Mac Síomóin na glaonna a bhí le cloisteáil ar chruinniú mullaigh Chópanhágan um athrú aeráide roimh Nollaig:
"Níl aon dul as! Nuair a bhíonn an crú ar an tairne, tagann éilithe shaormhargadh an ghaimbíneachais agus freagracht shóisialta an duine salach ar a chéile. Sa gcaoi is nach féidir an éigeandáil chomhshaoil - ar cuid di fadhb fhorthéamh na cruinne - a réiteach taobh istigh de rúibricí an ghaimbíneachais chéanna"
Níl ach €2 ar an irisín. Tá sé ar fáil in Books Upstairs agus Connolly Books i mBaile Átha Cliath.

3 comments:

Néidí said...

An mbíonn alt acu de ghnáth as Gaeilge?
Seo sampla eile de chuid saothair Banksy
http://www.turbulenceahead.com/2010/04/banksy-does-blackrock.html

Dubhaltach said...

Bíonn, i ngach eagrán.

Is é Aindrias Ó Cathasaigh an t-eagarthóir ar an iris, agus scríbhneoir freisin.
Tá Tomás Mac Síomóin ag scríobh don iris leis.

Go raibh maith agat as an nasc.

Seans go raibh sé -nó duine éigin ag déanamh aithris air- ag obair in Éirinn le mí anuas.

Raj Chandrakant said...

Déanaim téacs an Dr Obodo a théacsáil agus d’iarr mé air tosú ag obair chun mo bhuachaill a thabhairt ar ais. Ba mhaith linn a bheith le chéile 8 mí agus d'fhág sé mé as a shean. Thosaigh an Dr Obodo ag díbirt an litrithe agus bhí amhras orm ar dtús, cén chaoi a dtabharfadh obair litrithe duine ar ais? Tar éis dhá lá de dheasghnátha fuair mé glao gutháin ag fiafraí conas a bhí mé srl. Shíl mé go raibh sé corr mar gur imigh sé, gan aon 'beannacht cheart' srl. dá mbeadh sé chun glaoch nó téacs a dhéanamh. Ansin thosaigh mé ar théacsanna a fháil, glaonna ansin agus ansin d’fhéadfadh sé dul suas sa bhaile, ar deireadh d'admhaigh sé nach raibh an t-sean dó agus ba mise a thaitin go fírinneach leis! Go raibh maith agat an oiread sin den Dr Obodo, gan tú féin ní bheadh sé ar ais. "Is é an moladh anseo (templeofanswer@hotmail.co.uk whatsapp +234 (815) 542548-1) Sue - Dover, Kent.