Dé Máirt, Aibreán 27, 2010

M2010.04.22

(cliceáil le méadú)

Tháinig an smaoineamh do cheann na seachtaine seo ó staidéar a bhí déanta i 2007. Níos mó eolais ina leith anseo.

Maíonn an staidéar go ndéanann muid breithiúnas ar mheas barúla bunaithe ar cé chomh heolach is atá muid uirthi .i. bunaithe ar cé chomh minic agus a chuala muid í.
Ní dhéanann ár n-aigní idirdhealú idir bharúil atá ráite ag a lán daoine difriúla agus barúil dhuine amháin atá athráite go minic!

6 comments:

aonghus said...

Is casta an neach an duine agus a bhraúlacha. Is breá liom na cartúin seo agat; is fíor go fiú míle focail pictiúr.
Is dóigh liom freisin go bhfuil gnéithe eile ann; an meas atá againn ar an duine a deir rud, ach an réamhchlaonadh atá ionanna glacadh leis.

Dubhaltach said...

Tá tionchar ag a leithéid de ghnéithe gan amhras, ach dar leis an staidéar seo níl ach tionchar beag acu.

Is é athrá an ghné is tábhachtaí.

Dennis King said...

Is maith liom an dóigh ar ionramhail tú na píosaí seo le ceacht síceolaíochta agus polaitíochta a mhúineadh. An-éifeachtach!

Mise Áine said...

Suimiúil.

Meas tú an oibreodh an teoiric sin agus duine, abair, ag iarraidh éirí as toitíní a chaitheamh - ní maith liom toitíní, ní maith liom toitíní, ní maith liom toitíní... - a rá arís is arís eile leat féin?

Dubhaltach said...

Ní shílim go bhfuil an teoiric ag rá go bhfuil an aigne á stiúradh ach go mbíonn meas ag daoine ar thuairim má chloiseann siad go minic é. Is cuma cé hé nó hí foinse na tuairime.

Is mar gheall ar rudaí mar seo a chreid daoine go mbeadh poist i mbaol murar vótáil siad ar son Conradh Liospóin mar shampla, nó an chaoi ar chreid daoine go gcinnteodh NAMA iasachtaí ó na bainc agus athfhás an gheilleagair etc.

Dubhaltach said...

Is é fóirithint na mbanc gan mhaith atá i gceist agam sa chartún thuas.

Bhí roghanna eile againn, a lán acu, ach mar gheall ar bholscaireacht leanúnach an Aire Airgeadais creideann daoine go bhfuil an ceart aige.
Cloisim daoine ar an raidió ag maíomh gurb eisean an tAire Airgeadais is fearr ariamh freisin!!! Tá sé dochreidte