Dé hAoine, Aibreán 23, 2010

M2010.04.20


Nuacht úr te brúite briste.

Tá foireann idirnáisiúnta d'eolaithe sa réadlann Keck i Haváí agus ar an UKIRT sa Bhreatain ag breathnú ar sár-dhúpholl ollmhór, ach, tá an ceann seo ar an domhan féin!

Le dhá bhliain anuas thaispeáin íomhánna infridhearg UKIRT go raibh dúpholl ollmhór a chlúdaíonn achar 3000m2 le feiceáil ar an domhan... Tugtar AI-4B+ air. Táthar ag súil go dtabharfaidh an dúpholl nua seo AI-4B+ léargas sa bhreis ar dhúpholl sa chruinne i gcoitinne.

Tá an dúpholl nua seo breathnaithe in Éirinn a mhaígh réalteolaí Robert Antonucci i Haváí, "is cúis iontas dom nach bhfuil Éire go léir scriosta faoin am seo cheana ag AI-4B+" ar Antonucci.
"Feictear dúinn go bhfuil gach pingin rua fágtha sa tír diúlta isteach aige faoin am seo, ach an cuma air go mbeidh níos mó le teacht!"

Deireann Mark Swain ón tSaotharlann Eorpach um Measúnú Dúpholl go raibh níos mó ná dúpholl amháin feicthe acusan. "In aice le AI-4B+ tá dhá cheann eile AIB-3.5B+ agus BOI-3B+, agus b'fhéidir níos mó fiú, ach tá muid cinnte go bhfuil na cinn eile ag dúil isteach na billúin in aghaidh an lae chomh maith. Cuireann na sonraí mearbhaill orainn níl aon teas cruthaithe ag na dúphoill seo, ach le níos mó eolais beidh muid go hiomlán cinnte faoi cad atá ann"

Ach ní amháin go bhfuil trí dhúpholl ollmhór ann ach tá rud éigin eile ann nach dtuigeann na saineolaithe ar chor ar bith. "Is léir ón méid breathnaithe atá déanta againn faoin am seo go bhfuil dúpholl de shórt eile in aice leo" a dúirt Swain ag comhdháil bhliantúil inné.
De réir breathnaithe luath tá an dúpholl seo N-AMA70B ag dúil as na dúphoill eile, ach táid go léir ag dúil as pócaí na ndaoine is boichte agus an phobail go ginearálta.

Deireann an bheirt Bhriain go bhfuil na dúphoill is an leasdúpholl an-thábhachtach don gheilleagar, go bhfuil muid san áit ina bhfuil muid, nach bhfuil aon rogha eile againn agus go bhfuilid ag tógáil níos mó airgid as pocaí na ndaoine chun na AI-4B+, AIB-3.5B+, BOI-3B+ agus N-AMA70B a cheansú.
Ar an raidió inné mhaígh an slíbhín go leanfadh an rialtas ar aghaidh ag cócaráil na leabhar maidir leis na dúphoill.
Shéan sé go láidir na líomhaintí go raibh Fianna Fáil agus a chairde na forbróirí agus na baincéirí freagrach do na dúphoill. "Táid ann mar gheall ar an Large Hadron Collider" a bhéic sé.

4 comments:

Mise Áine said...

An-mhaith, agus an-chliste, a chara...;-)

Dennis King said...

Ach 22 lá ró-dhéanach.

aonghus said...

Bullaí fir. Thar a bheith cliste. Agus níl aor srianta do lá na nAmadán, go háirithe agus an dá Brian i réim.

Dubhaltach said...

Níl aoir ar domhan searbh nó amaideacht a dhóthain don bheirt sin a Aonghuis.