Déardaoin, Aibreán 22, 2010

M2010.04.19


22 de mhí Aibreáin, Lá an Domhain. Nua-ghaimbíneachas fós i réim in Éirinn.
Tá cúpla cartún maithe ar shuíomh msnbc ag ceiliúradh Lá an Domhain.

maratón de chláracha is agallaimh ar Climate TV inniu i leith athrú aeráide agus réitigh d'athrú aeráide.

Tá go leor rudaí eile i nuachtáin eile agus meáin eile timpeall an domhain.

Ach, seachas tagairt tapaidh ag Frank McDonald san IT ar maidin is beag aird atá ag na meáin in Éirinn, agus mar sin na hÉireannaigh, ar Lá an Domhain.

Gan amhras is mar gheall ar an ghalar ailseach de méféineachas nach mbeidh mórán cainte faoi in Éirinn. Rud éigin do na hipithe atá ann; cad fúmsa agus na tithe atá ar dhíol agam a déarfadh Brian Lenihan!; ba chóir go mbeadh Lá na gCeannaitheoirí don Chéad Uair ann; margadh ceannaitheora atá ann an dtuigeann tú!; cad a dhéanfaidh mé anois nach mbeidh Rianaer ag íoc as mo laethanta saoire bhreise? bhí ormsa bus a fháil!

Ag caint faoin aerthaisteal nó easpa aerthaistil le cúpla lá anuas. Ba ghreannmhar, mura bhfuil sé chomh dáiríre, an chaoi ar athraigh na húdaráis eitlíochta a rialacha sábháilteachta maidir leis an méid éilliúcháin atá ceadaithe d'eitleáin eitilt tríd!
Bhí sé soiléir do chách ón uair a thosaigh lucht aerthaistil ag gearáin faoina gcaillteanais airgid go dtiocfadh brú nach beag ar rialtais agus údaráis rud éigin a dhéanamh ar an ábhar.
Anois tá eitleáin ag taisteal trí luaithreach go laethúil gan a dhóthain turgnamh déanta ar an ábhar!

Caithfidh mé a admháil nach dtaitníonn eitilt liom, déanaim é mar is maith liom áiteanna nua a fheiscint, ach ní bhainim sult ar bith as an eitilt.
Beidh mé ag eitilt go dtí Londain amárach agus go daingean i gcúl mo chinn beidh an tuiscint go raibh laghdú déanta ar rialacha sábháilteachta na haerlíne i leith scamaill luaithrigh!
Ní chabhraíonn sé liom. Tá drogall orm dul air, ach, tá neacht nua le feiceáil agam.

An t-am deireanach a bhí drogall chomh mór sin orm dul ar eitleán bhí mé i Nua-Eabhrac i ndiaidh 9/11.
Chaith mé 3 mí roimhe sin ag obair mar mhairnéalach leis an dream seo i mBostún (an post is fearr a bhí agam ariamh. Nó b'fhéidir go bhfuil cumha orm!).
Ag deireadh na tréimhse sin chuaigh muid chun chónaí in íoslach aintín mo chailín i Nua-Eabhrac, mar "laethanta saoire" sula ndeachaigh muid abhaile.
Bhí uncail mo chailín ag obair mar phlástrálaí i bhfoirgneamh a bhí in aice leis na Túir, agus bhí sé i gceist againn síob a fháil uaibh chun iad a fheiceáil go luath an mhaidin sin.
B'iad na suíomhanna deireanacha do thurasóirí le feiscint againn. Buíochas le Dia bhí póit throm orainn agus gan fonn múscailte ag a 6 a chloig!
Bhí smúit san aer an t-am sin freisin, agus boladh ait leis. Bhí pána gloine sa bhfuinneog briste agus mhúscail muid chuile maidin le scornacha tinn de bharr na smúite.
Chuile oíche bhí orm an cófra a sheiceáil do "sceimhlitheoirí", chun mo chailín a cheansú!
Bhí an iomarca de "Nuacht" Fox feicthe againn faoin am sin...

Go bhfios dom bhí ár n-eitilt ar an Aoine an chéad cheann amach as JFK i ndiaidh na n-ionsaithe!
Bhí drogall orm dul air. Eagla. Saddam sa chófra. Rialacha sábháilteachta etc.
Bhí muid go hiomlán gafa leis an bparanóia a bhí ag scaipeadh i measc na bPoncán ag an am. Paranóia a thug ar bhóthar an chogaidh mhídhleathaigh iad....

Is arm cumhachtach aineolas!

4 comments:

Mise Áine said...

Níl le rá agam ach 'Slán Abhaile!', a chara ...:-)

Cailliomachas said...

Go n-éirí an t-aer leat. Bealach beag agam féin le cur ar son an domhain an dream seo:
http://www.avaaz.org/en/

Dubhaltach said...

:) Go raibh míle maith agat a Áine...

Dubhaltach said...

Ní raibh an suíomh sin feicthe agam roimhe, grma a Chailliomachais.

Scaipfidh mé an scéal.