Dé Máirt, Aibreán 20, 2010

M2010.04.17

Cliceáil chun é a mheadú

Tháinig an smaoineamh don cheann seo, an tseachtain seo, ó alt Fintan O'Toole san IT ar maidin.
Íomhá cruthaithe anseo arís.

Ar an ábhar NAMA tá forógra cliste curtha le chéile ag Éirígí, leagan pdf anseo de THE PROVISIONAL GOVERNMENT OF THE NAMA REPUBLIC:
IRISHMEN AND IRISHWOMEN: In the name of God and of the dead generations from which she receives her old tradition of nationhood, Ireland through us, summons her children to pay for our greed, corruption and avarice

7 comments:

aonghus said...

Ba cheart duit na cartúin tráthúla seo a sheoladh chuig Gaelscéal. Táid iontach.

Dubhaltach said...

Go raibh míle maith agat a Aonghuis.

N'fheadar an mbeadh spéis ar Ghaelscéal iontu, agus tá a fhios acu go maith cá bhfuil siad le fáil má tá siad uathu.

aonghus said...

N'fheadar. B'fhearr é a rá leo.
Ní dóigh liom go dtuigeann gach duine an bealach a fheidhmíonn an idirlíon - agus níl aon ráiteas soiléir cóipchirt ar do bhlag.

Dubhaltach said...

Tuigim. Aon ní atá ar mo bhlag tá sé saor don domhan Gaelach.

Mise Áine said...

Aontaím le hAonghus, a Dhubhaltaigh, tá na cartúin sin go maith!

A Aonghuis, an bhfuil aon dhath scríofa agat ar do bhlag féin, roimhe seo, faoi chóipcheart ar bhlaganna?

aonghus said...

@Áine

Níl, toisc nach bhfuilim féin cinnte faoi! Tamaill ó shin chuir mé fógra Creative Commons ar mo bhlag. Ach tá dlí an chóipchirt chomh casta sin....

Dennis King said...

Thar barr!