Dé Sathairn, Aibreán 17, 2010

M2010.04.15

Nuair a chuala mé faoin bholcán san Íoslainn (Eyjafjallajökull .i. Éaibhelúig .i. Oileán-sliabh an Oighearshrutha) ar an teilifís chuaigh mé caol díreach go dtí an t-idirlíon chun a fháil amach níos mó faoi. Go háirithe conas a ainm a fhuaimniú.
Is léir nach bhfuil na tuairisceoirí ar na stáisiúin teilifíse ag déanamh amhlaidh agus tá Íoslannaigh ag baint an-sult as a n-iarrachtaí chun é a fhuaimniú.



Tá an Nuacht ar RTÉ ag déanamh an bhotúin chéanna.

2 comments:

Dennis King said...

Hí hí! Bhí orm an nasc a chur ar aghaidh chuig cúpla cara liom a bhfuil spéis acu i gcoillte cúil na teangeolaíochta.

Dubhaltach said...

Sílim go bhfuil an fuaimniú ag éirí níos measa!

Faoin am seo cheapfá go mbeadh sé acu.. ní dhearna Nuacht TG4 iarracht é a fhuaimniú go dtí seo......