Dé hAoine, Aibreán 16, 2010

M2010.04.14

(imprisean ealaíontóra de Cygnus X-1)

Dar le teoiric nua ó Nikodem Poplawski sa roinn fhisice in Ollscoil Indiana is éard atá inár gcruinne ná cuid inmheánach de dhúpholl. Cuid inmheánach de dhúpholl atá lonnaithe i gcruinne eile, i réaltacht difriúil.

Ní théann ábhar atá súite isteach sa dúpholl go dtí neamhní, ach a mhalairt dar leis.
Aon ábhar a théann isteach i ndúpholl ní scriostar é ach caitear amach ar thaobh eile den dúpholl é, ag rud a thugtar "poll bán" air, agus an gníomh seo ag cruthú cruinne eile.

Ag cruthú ollphléasc más mian leat!

Thuar Einstein go rachadh ábhar go dtí singilteacht imtharraingteach dá rachadh sé isteach i ndúpholl, á scriosadh, ach, dar le samhlacha matamaiticiúla nua Phoplawski ní scriostar iad agus caitear amach ar an taobh eile. Cosúil le poll péiste.

Mar sin, más fíor an teoiric seo, d'fhéadfá cruinní eile a bheith sa taobh eile de gach uile dhúpholl atá inár gcruinne, d'fheadfadh na billiún cruinne a bheith ag fás as dúphoill ár gcruinne.
Aon am atá dúpholl cruthaithe agus a thosaíonn sé ag sú isteach ábhar ón chruinne sin tá cruinne úrnua cruthaithe ar an taobh eile i réaltacht go hiomlán difriúil.

Tá rothlú ar leith ag dúphoill mar sin táthar ag súil más fíor an teoiric seo, agus na samhlacha matamaiticiúla, go mbeadh rothlú ar leith ag ár gcruinne. Rothlú a fuair sé óna mháthair dúpholl i gcruinne eile!
Ach chun é seo a chruthú ní mór fanacht do thurgnaimh eile amach anseo.

Agus caithfear an cheist a chur; cá bhfuil Dia sa chruthú seo?
Nuair a chliseann ar réalta agus a chruthaítear dúpholl agus as sin ag cruthú cruinne an bhféadfaí a mhaíomh go bhfuil Dia éigin freagracht as?
Más as tóin dúphoill a tháinig gach uile rud, agus an dúpholl sin ag teacht as cruinne eile a tháinig as tóin dúphoill etc. cá bhfuil an cruthaitheoir?

Tá rud éigin an-mheicniúil faoi...

---------------------------------------

'Dhiabhail, tá ceann ag teastáil uaim"



Sílim go mbeadh sé go deas le radhairc ó Chorca Dhuibhne nó ó Tóin Chruacháin

11 comments:

aonghus said...

Tá amhras orm gur féidir le teoiric ar bith eolaíochta Dia a chruthú nó a bhréagnú.

Tá "céad tús" de dhíth ar gach rud.

Fiú más as cruinne eile an chruinne seo, cad as a dtáining an chruinne sin?

Dubhaltach said...

Tagaim leat. Bhí gá le tús éigin. Tús atá i bhfad thar ár dtuiscint.

Ach is éard a bhí i gceist agam i ndáiríre ná feictear domsa (bunaithe ar an teoiric seo) go raibh an chruinne "s'againne" cruthaithe ní mar rud ar leith ach mar rud a tharlaíonn i gcónaí!

Ní fheicim lámh Dé i dtóin dúphoill.

aonghus said...

Agus is é atá i gceist agamsa ná go bhfuil Dia lasmuigh de gach chruinne ábhartha. Is É is cúis le gach dá bhfuil ann, agus is É a choinníonn ann é. Baineann sé feidhm, mar atá muid ag foghlaim de réir a chéile, as an dúrud córais chliste chun A chruinne a chuir i gcrích. Ach don té nach mian leis a lámh a fheiscint, tá sé do fheicthe.

Séamas Poncán said...

Is fearr teacht as tóin phoill dhuibh ná poll tóna...
Cuirim leann dubh i mo pholl béile minic go leor, ach ní chuirfinn dúpholl air. Cé go dtagann sé amach arís ar an taobh eile...

Dubhaltach said...

:)
Maith thú a Shéamais

Dennis King said...

Is suimiúil an teoiric í, ach ní rud nua é seo agus ní Poplawski a chum í. Bhí an fisiceoir Lee Smolin ag caint faoi seo sna nóchaidí agus mhínigh sé an teoiric na “fecund universes” sa leabhar The Life of the Cosmos. Féach Theories and Work anseo.

Maidir le “Dia”, ní fheicim aon cheangal idir an méid seo uilig agus an té dúirt leis na Giúdaigh gan ribí róibéis a ithe agus mar sin de, agus a thug “an dúlra, ach go háirithe ainmhithe” mar "bhronntanas” dúinn “ag cruthú an domhain” mar a dúirt Aonghus an lá cheana.

Dubhaltach said...

Ceart agat Dennis, bhí an teoiric á phlé le fada.
Ach, go bhfios dom, seo an chéad uair ina bhfuil matamaitic ag teacht leis.
Matamaitic a bhréagnaíonn Einstein maidir le dúphoill de.

Agus má ghlacann tú le focail an Bhíobla mar fhírinne Dé cuimhneoidh tú nach maíonn an Bíobla go raibh lámh ag Dia i gcruthú na cruinne.
http://tadenc.blogspot.com/search?q=foirceann

Dennis King said...

Tá teoiric van Wolde suimiúil freisin, mar athléamh ar an miotaseolaíocht. Tréise léi. Maidir “tús uile”, ar léigh tú an méid atá sa ṛgveda faoi seo, téacs ar a dtugtar Laoi an Chruthaithe? “Tá na Déithe níos déanaí ná cruthú an domhain seo.” (Ba cheart dom Gaeilge a chur ar an rud ar fad lá de na laethanta seo.)

i.s. Botún a rinne mé sa tcht roimhe seo nuair a rinne mé athrú agus mé á scríobh: an teoiric na “fecund universes”. Scrios an chéad alt.

Dubhaltach said...

@ Dennis
Go raibh maith agat as na nascanna sin, an-spéisiúil.

"Botún a rinne mé sa tcht roimhe seo"

Ní bhíonn saoi gan locht ;)

Séamas Poncán said...

Tá teoiraicí sin gnóiseacha i bhfad níos sine ná teoiric na bhfisicí sin... Seo sean alt de mo chuid. Foilsíodh in Feasta é, más buan mo chuimhne.

Dubhaltach said...

Ní thuigim an gaol eatarthu a Shéamais?