Déardaoin, Aibreán 15, 2010

M2010.04.12



Tá na coireanna seo ag tarlú inniu, dár muintir féin, ag fórsa póilíní a ba chóir a bheith ag tabhairt cosaint dóibh!
Níl aon ní ó na daoine macánta seo ach a sábháilteacht féin agus sábháilteacht a gclann.
Ná bac leis an fhíric gur ghéill Fianna Fáil .i. Ray Burke, Bertie Ahern, gach uile ceart s'againne d'acmhainní na tíre. Ní bheidh aon ríchíosanna againn ar an ngás, ní bheidh aon scair againn ar an ngás, ní bheidh aon ísliú praghsanna againn i ngeall ar an ngás agus níl aon gheallúint go mbeidh Éireannach ar bith i measc na 40 duine a bheas ag obair ann i ndiaidh a chríochnú!! Cur sin i gcomparáid leis an Iorua; thall tá seilbh ag na daoine ar níos mó ná 70% dá ngás is n-ola nádúrtha, íocann aon chomhlacht ola 78% cáin ar aon bhrabús ar ghás nó ola a fhaigheann siad ina bhfarraigí! Próiseáiltear an gás is ola sa bhfarraige amuigh chomh maith ar ndóigh.

Mar bharr ar an olcas tá an stát abhus ag feidhmiú cosúil le stát caipitlíoch maith ina bhfuil cosaint an chaipitil níos tábhachtaí ná cosaint na ndaoine, agus ina bhfuil úsáid fhoréigin chun an caipiteal sin a chosaint inghlactha.

Thaispeáin cinneadh an Bhoird Phleanála go bhfuil an ceart acu seasamh suas ar son a sábháilteachta. Ní bheadh an píopa sábháilte, bheidís i mbaol. Ach in ainneoin seo tá Shell fós dá gcrá, ar bhun síceolaíochta agus fisiciúla.

An mbeadh an cur chuige céanna ag Shell i nDeilginis mar atá acu i Ros Dumhach? Alt iontach ag James Laffey sa Western People inné.

Ar ndóigh tharla a leithéid de bhrúidiúlacht chéanna i stair ár dtíre, go háirithe nuair a thagann sé go dtí cearta do bhrabús príobháideach thar chearta an phobail, agus in ainneoin bunphrionsabal na poblachta sóisialta:

"Dearbhuighimíd gur ceart go mbeadh, ní amháin fir agus mná na hÉireann, acht adhbhar maoine na hÉireann fé riaradh an náisiúin, idir talamh agus gustal na hÉireann, gach sadhas maoine agus gach gléas chun maoin do sholáthairt dá bhfuil san tír; agus athfhógraimíd an rud d'fhógair an Piarsach gur dual go mbéadh tosach ag ceart an phobuil chun leasa an phobuil ar cheart an duine chun seilbhe fé leith."

"Dearbhuighmíd gur mian linn an ceart, an tsaoirse agus cothrom do chách a bheith mar bhuntacaí riaghlughadh na tíre, agus ná fuil d'urradhas le buanughadh Riaghaltais ná saorthoiliughadh na ndaoine chuige ach é".
Piaras Béaslaí sa chéad Dáil i 1919

Is é sin le rá, gur linne, muintir na tíre, gach acmhainn na tíre. Agus go bhfuil sábháilteacht agus cearta an phobail níos tábhachtaí ná aon bhrabús príobháideach go deo.

Ar ndóigh thug baill an rialtais den eite dheis i Sinn Féin droim láimh tapaidh d'aon bhorradh sóisialach a bhí faoin tír i ndiaidh 1916.
Bhí maoin agus uirlisí táirgthe cúige Mumhan, ar a laghad, i seilbh iomlán na ndaoine agus an tír ar tí réabhlóid sóisialacha iomlán a chur i gcríoch.
Faraor d'fheidhmigh an tIRA/Sinn Féin/Lucht Gaimbín/Cumann na nGael .i. Fine Gael/Fianna Fáil/An Eaglais agus an saorstát .i. an bhunaíocht, le foréigean, in aghaidh na cumhachta sóisialta seo ón Lucht Oibre.
Ní raibh an cheannaireacht cheart ag an lucht oibre ach an oiread a thug deis do na dreamanna thuas an lámh uachtar a fháil.

Tá an lucht oibre thíos leis go dtí an lá atá inniu ann.

Tráthúil go leor bhí clár thar a bheith spéisiúil ar an ábhar seo ar TG4 aréir
Cuid a 1 anseo, cuid a 2 anseo, cuid a 3 anseo.

Athchraoladh atá ann, agus ceann de na cláracha is fearr a chraoladh ar TG4 ó bunaíodh é. Dá mbeadh sé craolta i mBéarla bheidís fós ag labhairt faoi.

8 comments:

Néidí said...

Ar léigh tú an t-alt sa Gaelscéal

Dubhaltach said...

Níor léigh, go fóill, ní raibh cóip ar fáil sa nuachtánaí.
Déanfaidh mé amhlaidh anois

Dubhaltach said...

Masmasach. Dá mbeadh seilbh againn fós ar an acmhainn seo ní bheadh aon ghá dóibh a bheith ag glacadh le déirc ón chomhlacht chéanna a bheas ag goid an gháis!

Ba chóir go mbeadh baghcat iomlán ar chomórtas peile na Gaeltachta i mbliana. Ach ar ndóigh ní bheidh, beidh áilleagán deas ag na daoine a chuirfeadh in iúl dóibh go bhfuil gach uile rud ceart go leor.

Ar ndóigh déanann Shell an rud ceannann céanna sa Nigéir leis an Shell Cup agus comórtais spóirt eile. Is cuid lárnach é de bhua do chroíthe agus intinní na ndaoine!

Néidí said...

Léigh mé é aréir ar líne agus bhíos ag smaoineamh - cá bhfuil an tseanmóireacht uait?

Dubhaltach said...

Níl le déanamh agat in Éirinn ach cúpla pingin a luascadh os comhair na nÉireannach agus beidh siad réidh do rogha rud a dhéanamh!

Dubhaltach said...

"Léigh mé é aréir ar líne agus bhíos ag smaoineamh - cá bhfuil an tseanmóireacht uait?"

:) réitithe anois..

Anonymous said...

Físeán cumhachtach gan aon dabht.

Agus tá súil agam go bhfuil Shelltosea ag cur an dlí ar na gardaí ar leith agus le chéile. Tá an fhainaise acu. Is ding di fhéin a scoilteann an leamhán! Cuir an dlí in aghaidh an dlí!

Dubhaltach said...

http://www.shelltosea.com/node/1896