Dé hAoine, Aibreán 09, 2010

M2010.04.08

Labhair an meitéareolaí is láithreoir aimsire Evelyn Cusack (thuas) le beagán iontais ina glór i ndiaidh nuacht ag a 9 aréir. Cosúil le haisteoir ar stáitse ag iarraidh mothúcháin a thaispeáint bhí sí ag cur in iúl dúinn go raibh 2009 an cúigiú bliain is teo ó thosaigh na taifid aeráide ionstraimeach timpeall 1850. (Bhí 2009 an dara bliain is teo ó thosaigh na taifid ionstraimeach ó NASA)
Mhaígh sí go raibh na deich mbliana idir 2000 agus 2009 na deich mbliana is teo ar an taifead a bhí curtha le chéile ag 189 oifig meitéareolaíochta náisiúnta (WMO).

Rud maith go bhfuil Met Éireann ag labhairt faoin eolaíocht seo agus ag moladh do dhaoine cá bhfaighidh siad na tuairiscí i leith téamh domhanda. Seachas ag ligean do dhaoine a dtuairimí a thógáil óna meáin anseo agus colúnaithe tuairimíochta go ginearálta.

"An cúigiú bliain is teo!" a scairt mo chailín ar raiteas Cusack "ariamh?" a lean sí le hiontas!
Mhínigh mé di go raibh an teocht tógtha ar bhun domhanda, thar bhliain.

Táim díreach tar éis é seo a sheoladh chuici mar mhíniú níos fearr.


Tá an tuairisc ón WMO le léamh anseo mar pdf, tá sé leagtha amach go snasta, scríofa i dteanga nádúrtha agus níl sé rófhada ar chor ar bith.


Féach 1997 agus 1998 thuas. Táid i measc na mblianta is teo ar na taifid de bharr El Niño láidir a mhair níos faide ná mar is gnách.

Ach fós tá an treocht i dtreo ardú i dtéamh an domhain, go díreach mar atáthar ag tuar:



Níl aon rud maith i ndán dúinn má leanann an treocht seo ar aghaidh!

12 comments:

Fearn said...

Tá cleas chur i láthair na bhfíricí go paiteanta agat, a dhubhaltaigh!

Dubhaltach said...

Tógfaidh mé sin mar mholadh uaitse a Fhearn ;)

Séamas Poncán said...

Bhí súil agam nuair a chonaic mé go raibh ionadh uirthi go raibh sí chun an fhírinne a rá, seachas líne an pháirtí...
Má bhíonn an t-am agus an suim ag éinne, seo tuairisc eile.

Dennis King said...

An party line: na daoine úd nach mbacann leis na fíricí ar chor ar bith, .i. Fox News? Maidir le Fox agus na fíricí, seo físean a bhainfidh gáire as, a Dhubh.

Néidí said...

ní féidir linn féachaint ar an bhfísean anseo in Éirinn

Dubhaltach said...

a Shéamais,
Gan amhras tá a fhios agatsa anois nach seasann comhchealga Watts suas in aghaidh ceistiú.
Bheinn ag súil go mbeidh sé amhlaidh leis an tseafóid is nuaí seo

Mar shampla mhaígh Watts -i dtuairisc roimhe seo den mhaíomh céanna- nach bhfuil roinnt de na stáisiúin aimsire sna stáit a thógann teocht sách maith mar fhoinse. Mar sin, dar leis, níl in eolaíocht ar téamh domhanda ach bréag! Agus go raibh rialtas Mheiriceá thaobh thiar de! I gcomhcheilg!!

Rinne sé liosta de na stáisiúin a bhí sách maith mar fhoinsí teochta ina thuairim. Ach, nuair a bhreathnaigh NOAA ar na taifid teochta ó "liosta Watts" chonaic siad go raibh an toradh céanna le feiceáil fós! .i. d'ardaigh an meáin-teocht sna stáit.

Ar ndóigh ón tús rinne teoiric Watts neamhaird iomlán d'fhoinsí eile ó gach cúinne ar an domhan agus rinneadh neamhaird den fhíric nach bhfuil sna stáisiúin aimsire ach gné amháin d'eolaíocht ar athrú aeráide.
Níl sa tuairisc seo ach iarracht eile na comhchealga craiceáilte céanna a scaipeadh go domhanda!

Is é sin le rá go maíonn Watts et al go bhfuil Met Éireann lasmuigh den chomhcheilg agus nach bhfuil ina sonraí ach bréaga... etc etc

Maidir le Joseph D'Aleo, bhuel, creideann an fear seo go bhfuil athrú aeráide ag tarlú, ach nach bhfuil baint ag CO2 leis! Ach uaireanta eile creideann sé nach bhfuil sé ag tarlú agus go bhfuil C02 ar leas an domhain.

Séanann a chomhghleacaithe é sa American Meteorological Society chomh maith:

"The position he [D'Aleo] is taking on these issues are not the position of the American Meteorological Society and are not the position of the bulk of the scientific community," a dúirt stiúrthóirí feidhmiúcháin Keith L. Seitter.

"We endorse the science that there is climate change. And we endorse statements that it is unequivocal and that there is a very high likelihood that a significant fraction of the warming that has occurred are due to human activities,"

Feictear domsa nach bhfuil ach dream amháin sna stáit a thugann aird ar bith orthusan .i. Fox News agus daoine le meon Shéamais.

Maidir le Science and Public Policy Institute. Bhuel n'fheadar cá dtosóinn?
Ar dtús, is dóigh liom, tá Christopher Monckton luaite mar phríomh-chomhairleoir don dream. GOA :)
Níl ach céim sna clasaiceacha ag Monchton agus d'fheidhmigh sé mar chomhairleoir don Príomhaire caipitlíoch is nua-liobrálaí ar domhan Maireád Thatcher!
Anois tá sé ag dul timpeall an domhain ag labhairt mar saineolaí ar téamh domhanda.
Feicim go bhfuil físeán nua suas ar Crock of the Week
http://www.youtube.com/user/greenman3610#p/a/u/0/JfA1LpiYk2o
Stopfaidh mé ansin.

Bhíodh an t-ainm an "Center for Science and Public Policy Institute" orthu roimhe seo. Agus bhíodar á stiúradh ag "Frontiers of Freedom"!!!

Tá a fhios againn go bhfaigheann "Frontiers of Freedom" maoiniú ó Exxon Mobile.

Dubhaltach said...

@ Dennis.

Mar a dúirt gfg ní féidir linn breathnú air.
Seans go mbeidh sé ar You Tube go luath

Séamas Poncán said...

Nach suimiúil é gur sibhse a tharraing Fox agus an pholaitíocht isteach sa scéal. Ní luaigh mé rud nó dhuine ó Fox (bugaboo don eite chlé nach bhfaca an chuid is mó díobh riamh). Agus dar ndóigh, san eolaíocht, an rud a deir an méid is mó daoine, sin an rud atá fíor...

Dubhaltach said...

Tagann an eolaíocht atá luaite sa bhlagmhír seo ó 189 oifig meitéareolaíochta náisiúnta, a thaispeánann go bhfuil an domhan ag téamh suas.

Is rud ar leith é a Shéamais go bhfuil tú ag séanadh ardú i dteocht san aeráid.
Cheap mé go bhféadfá ag cur an mhilleáin ar an ghrian nó ag rá go bhfuil sé nádúrtha?

Fearn said...

"Tógfaidh mé sin mar mholadh uaitse a Fhearn ;)"

Thóg tú i gceart é!

Séamas Poncán said...

Níl an data iontaofa, sin a bhfuil. Agus dar ndóigh, fiú má tá an teocht ag dul in airde, níl fianaise ar bith ann go ndearna an cine daonna sin. Táim amhrasach go bhfuil ardú céime ann, agus i bhfad níos amhrasaí go bhfuilimid ciontach as má tá.

Dubhaltach said...

Deir Watts nach bhfuil na sonraí ó gach cúinne an domhain .i. ó gach oifig meit i 189 tír, iontaofa agus creideann tú é!

Agus mar a dúirt mé -agus gan amhras tá a fhios agat féin dá mbeifeá ag leanúint teoiric Watts- ní sheasann teoiric watts suas in aghaidh cíoradh nó ceistiú .i. Tá na sonraí, i do thír féin nó go domhanda mar a thaispeánann Met Éireann etc, 100% iontaofa.

Ní chreideann tú go bhfuil ardú céime ann! Cad faoin nuacht go dtaispeánann sonraí is nuaí go raibh Eanáir go Márta i mbliana na trí mhí is teo sna taifid ar fad:

http://www.remss.com/data/msu/monthly_time_series/RSS_Monthly_MSU_AMSU_Channel_TLT_Anomalies_Land_and_Ocean_v03_2.txt

http://www.nsstc.uah.edu/data/msu/t2lt/tltglhmam_5.3

http://data.giss.nasa.gov/gistemp/tabledata/GLB.Ts+dSST.txt

Tá 2010 réidh le bheith an bhliain is teo ariamh. Agus sin in ainneoin íosghníomhaíocht na gréine.

Tá tú "níos amhrasaí go bhfuilimid ciontach as"
Mar sin ní chreideann tú in iarmhairt cheaptha teasa (greenhouse effect)?
Tá muid ag caitheamh timpeall 30 billiún tonna de CO2 isteach san aeráid go bliantúil, fanann timpeall 45% den mhéid sin san aeráid. Ansin bíonn iarmhairt cheaptha teasa againn, ach ar ndóigh ní chreideann tusa in iarmhairt cheaptha teasa!
Tá C02 san aeráid ag a leibhéal is airde le 15 milliún bliain.