Déardaoin, Aibreán 08, 2010

M2010.04.07


"A phrólatáirigh na dtíortha go léir, cuirigí le chéile!"

A oibrithe na hÉireann go léir, cuirigí le chéile!

Tá glór den eite chlé ag ardú. Tá caipitleachas á cheistiú! Sna meáin...!
An rud is annamh is iontach. Ach is fearr go mall ná go brách.

Vincent Browne ar Newstalk inné.
An agallamh is fearr agus is paiseanta a chuala mé ar an raidió ariamh.

Blaisín thíos:
"Ar dtús caithfidh cur ina luí ar dhaoine faoi scála na géarchéime, agus faoi cad atá ag tarlú. Tá athrú ollmhór de shaibhreas ón sochaí i gcoitinne chuig élite. Sin atá ag tarlú. Agus níor tharlaigh aon ní dá leithéid roimhe.... Caithfear cur ina luí ar dhaoine gur féidir linn rud éigin a dhéanamh faoi seo, ansin, agus ansin amháin, ghníomhódh daoine trí agóidí le hathrú a chinntiú. Ní hamháin athrú i rialtas ach athrú i bpolaitíocht go ginearálta. Is féidir linn sochaí mhaith a thógáil anseo, ach ní leis na polasaithe a bhí á n-úsáid le 20/30 bliain anuas"
Alt iontach Browne inné san IT

Alt iontach O'Toole an lá roimhe.

Ní mór d'O'Toole magairlí a fhás agus tosnú ag ceistiú caipitleachas an tsaormhargaidh!
Níl sé maith a dhóthain a tuilleadh a bheith ag súil le hathruithe a chuirfeadh aghaidh daonna ar chaipitleachas.

---------------------------

Feicim ar an NYT go gcuireann Pól Krugman an cheist:
"But is it possible to make drastic cuts in greenhouse-gas emissions without destroying our economy?"
Is éard atá i gceist aige le "scrios ar ár ngeilleagar" ná caipitleachas.

Dá gcuirfeadh sé an cheist; An bhféadfadh ciorruithe móra in astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhéanamh gan scrios a dhéanamh de chaipitleachas?
Bhuel níl ann ach freagra amháin i ndáiríre.
Ní fhéadfadh.
Ní féidir i ngeall ar nádúr an chórais féin.

Agus seo an eilifint sa seomra!
Ach leanann daoine ar aghaidh ag iarraidh freagra draíochta a aimsiú laistigh den chóras atá i bhfeidhm faoi láthair.

Tá sé deacair a dhóthain cur ina luí ar dhaoine go bhfuil téamh domhanda féin ag tarlú, in ainneoin na bhfíricí! Ná bac le cur ina luí orthu go mba chóir dóibh an droim láimhe a thabhairt dá gcóras eacnamaíochta!

Tá muid focáilte i gceart i ndáiríre.

6 comments:

Fearn said...

"Ní mór d'O'Toole magairlí a fhás agus tosaigh ag ceistiú caipitleachas an tsaormhargaidh"

Nach tú an magarlach más é sin do chomhairle dó? Nár léigh tú a leabhar Ship of fools?

Dubhaltach said...

Cáineann O'Toole fóirithint ar na bainc, agus molann sé gur chóir an t-airgead sin a úsáid ar son leas an phobail etc.

Ach ní mholann sé athrú an chórais. Ní chreidim gur mhaith le O'Toole athrú córas eacnamaíochta a fheiceáil.
Nó b'fhéidir ba mhaith leis, níl a fhios agam, níl an misneach aige é a rá os ard ar eagla go mbeadh daoine ag caitheamh anuas air faoina shóisialachas, agus ag teach as sin nach mbeadh an meas céanna ar a thuairim.

Ní foláir dó é a "litriú amach" mar a déarfá, go díreach mar a rinne Browne inné. B'shin a bhí i gceist agam

Fearn said...

Tuigim duit, a Dhubhaltaigh, agus tá mé admhálach nach léim an Tooleach go rialta: ACH sa Ship of Fools déanaim amach gur "thosaigh sé ag ceistiú caipitleachas an tsaormhargaidh".

Ós tráchtaire é, b'fhéidir nach bhfuil sé ag santú "lipéid" ar leith dó fhéin, ach ó thaobh misnigh dhe, níorbh leisc dó ainíde an tíogair a cháineadh

Dubhaltach said...

Tagaim leat. Agus ba chóir duit a ailt a léamh. Bíonn léargas iontach ann.

Gan amhras tá sé ag seachaint lipéid, agus ligeann a easpa lipéid dó dul i bhfeidhm ar dhaoine níos leithne ná daoine ar an eite chlé a léann saothair dá leithéid de ghnáth.

Tá aithne de shórt agam ar bhainisteoir bainc de chuid AIB a bhí ag rá liom lá amháin go raibh sé ag léamh Ship of Fools, agus go n-aontaíonn sé go huile is go hiomlán le gach a bhfuil ráite ann!

Anois a dúirt mé liom féin, tá rud éigin cearr le cur chuige O'Toole má tá a leithéid d'amadán caipitlíoch compordach a bheith ag moladh a shaothar.

Fearn said...

A Dhubhaltach mac Éamoin Óig, mhic Éamoin, mhic Sheáin, mhic Mháirtín Óig, mhic Mháirtín, mhic Tomáis Uí Reachtabhair,

Sílim nach bhfuil ár naigne i bhfad ó chéile. Ná bac le fear an airgid, "bac liom", caith súil ar leabhar an Tooleigh, tú fhéin, má tá an fonn sin ort.

Dubhaltach said...

Déanfaidh mé amhlaidh