Déardaoin, Aibreán 08, 2010

M2010.04.06

Dúirt cara liom gur chaith sí amach a hubh Chásca toisc go raibh sé déanta ag Nestlé. Céim ollmhór a bhí ann de réir dealraimh!
Chonaic sí an físeán sin ó Greenpeace agus deir sí anois go gcuireann sé múisc uirthi smaoineamh faoi sheacláid ó Neslté
Sin iontach ar fad a dúirt mé. Sin do chumhacht mar thomhaltóir, ach, níor mhaith liom tú a bheith ag ceapadh go bhfuilim ag seanmóireacht faoi! (Níl aon bhealach níos fearr chun Éireannach a chasadh in aghaidh gníomh ná lig di a cheapadh go bhfuil sí ag creidiúint seanmóireachta!)

Seo chugaibh an tseanmóireacht!

Nestlé níos measa ná a dhrochchaighdeán i leith na timpeallachta chun brabús a chinntiú. Bhí sé sin soiléir ón chlár Fíorscéal aréir ar TG4.
Níl fadhb ar bith ag an gcomhlacht céanna cócó a cheannach ó fhoinsí a bhaineann úsáid as sclábhaíocht páistí!
Ar ndóigh bhí feachtas eile a ritheadh in aghaidh an chomhlachta ar an ábhar seo, agus mar a mhíníonn sé sa chlár thuas síníodh prótacal a thug gealltanas go gcuirfeadh deireadh le sclábhaíocht páistí faoi 2005.
Tá an sclábhaíocht fós ag dul ar aghaidh, go tréan. (Is é an t-oibrí a oibríonn saor in aisce an t-oibrí is luachmhaire le brabús a chinntiú.)

Ansin má dhéantar aon taighde ar an ábhar seo feicfear go bhfuil go leor baghcat eile á rith in aghaidh an chomhlachta seo.
Rud a bheifeá ag súil leis agus an comhlacht chomh mór sin!
Ach, fós, is baghcait dáiríre iad, baghcait ba chóir dúinn, mar thomhaltóirí, ár n-aird a thabhairt orthu.

Tagann "easpa trádála córa" suas go minic leis an gcomhlacht. Ní luíonn trádáil chóir le ciall más caipitlí thú, an dtuigeann tú? (Mura bhfuil brabús le cinntiú as de bharr mianta do thomhaltóirí!).

Ach seachas an timpeallacht, trádáil cóir nó, an easpa de, agus sclábhaíocht páistí is é a ndrochchaighdeán ar a n-ionad bainne do pháistí, agus an mhargaíocht fhíochmhar d'ionad bainne i dtíortha an tríú domhain, agus anseo, an ceann a fhaigheann na baghcait agus na feachtais is mó.

Seo liosta de na táirgí a bhfuil crúb Nestlé iontu:

*ag caoineadh*

Yorkie
Jellytots
Aero
After Eights

11 comments:

Néidí said...

Ach bhí an ubh ceannaithe... cá bhfios do Nestle nach bhfuil sé ite aici?
Tá sé seo sa nuacht le fada ach cheap mé go raibh réiteach air toisc go raibh marc cóirtrhrádála tuillte ag Kit Kat. Is leo kit kat?

Dubhaltach said...

Maidir le Nestlé agus Kit-Kat d'eisigh an comhlacht ráiteas nach mbeidís ag baint úsáide as soláthraí a dhéanann scrios dona foraoisí, ach de réir dealraimh níl aon ní déanta acu ar an ábhar .i. táid fós ag fáil a n-ola phailme ó chomhlachtaí a scriosann foraoisí chun feirmeacha pailme a fhás.

D'eisigh an comhlacht céanna ráiteas maidir le sclábhaíocht páistí nuair a tháinig an fhírinne sin chun cinn i 2001, ach ar ndóigh, táid fós ag baint úsáide as soláthraithe cócó a bhaineann úsáid as páistí mar sclábhaithe!

Maidir leis an ubh, cinneadh ar bhonn prionsabail a bhí ann. Agus moladh tuillte dá réir.

Néidí said...

An cheart ar fad agat faoin ubh agus Nestle. Stop mise ag ithe smarties tamall fada ó shin ach sin chonaic mé an marc cóirthrádála ar kitkat. Ceapaim go ndéanfaidh mé féin taighde ar an marc cóirthrádála

Dubhaltach said...

B'fhéidir go bhfuilid ag íoc na hoibrithe go féaráilte, ach níl siad féaráilte leis an timpeallacht.

Dennis King said...

Tá a lán seacláide ar fáil anseo atá orgánach agus / nó CT. Agus ní fhaightear comhábhair iasachta ann, ar nós ola pailme. Chuaigh mé isteach sa chistin anois díreach. Fuair mé dhá bharra:

Nib Brittle Dark Chocolate ó Theo

Dark Chocolage ó Green & Black's

Tá Green&Black's ag athrú go Fair Trade Certified anois díreach de réir an ráitis seo.

Tá siad beagán níos costasaí ná an dreck a chuireann Nestle amach, ach “tá an saol ró-ghairid le droch-sheacláid a ithe!”

Néidí said...

an bhfuil aon comhlacht fearáilte leis an timpeallacht? Tugann nestle fostaíocht i dTamhlacht agus le beagnach gach monarchan eile dúnta ann 's an rialtas ag déanamh dada. Agus Jacobs fós ag ligeann orthu go bhfuil bolands irish. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo leithleasach ach tá dá insint ar gach scéal.
Tá g&b's go hálainn ach tá butlers an seacláid is fearr

Néidí said...

Agus Jacobs fós ag ligeann orthu go bhfuil bolands irish déanta in Éirinn

Dubhaltach said...

“tá an saol ró-ghairid le droch-sheacláid a ithe!”

Ceart agat.

Tá toighis shaibhir agat a Dennis. Seacláid an-bhlasta atá in Green & Black's.
Fíor-sheacláid atá ann i ndáiríre, is é sin le rá tá níos mó cócó ann i gcomparáid leis an ghnáthsheacláid.

Níl sa ghnáthsheacláid ach siúcra agus bainne de chuid is mó, le blaisín de chócó.

Iontach le feiceáil go mbeidh G&B's ag déanamh amhlaidh, is léir go bhfuil brabús le cinntiú as mianta na dtomhaltóirí a shásamh!

Dubhaltach said...

@ gfg
Ní raibh a fhios agam nach raibh Bolands in Éirinn fós!

"Tugann nestle fostaíocht i dTamhlacht"

Sin rud maith. Agus tuigim duit is éasca a bheith leithleasach agus smaoineamh ar son do leas féin, go háirithe maidir le postanna atá tábhachtach don tír is phobal.

Mar sin féin ní shílim go gclisfidh ar Nestlé dá gcuirfeadh tomhaltóirí in iúl dóibh nach bhfuilid sásta lena n-iompar. Ní athróidh aon ní ach caighdeán an chomhlachta i leith na timpeallachta, bainne do leanaí agus sclábhaíochta páistí etc.

Go díreach cosúil leis an lucht oibre timpeall an domhain tá an chumhacht go léir ag na tomhaltóirí, ach go n-aithneodh siad an chumhacht sin.

A thomhaltóirí na dtíortha go léir, cuirigí le chéile!

Néidí said...

Chonaic mé fear an fhorais i mBorneo agus wow ceann de na buaicphointí mo chuid taisteal. Tuigim d'argóint agus aontaím leis. Cuireadh déistin orm inné. Bhí bean i Dunnes agus ní raibh sí in ann íocadh do gach rud. Agus bhí fear eile sa scuaine ag éirí mífhoighneach léi. Sin cloisim go bhfuil daoine ann ag caitheamh ubh chásca sa bhruscar mar go bhfuil prionsabal acu!

Dubhaltach said...

"Bhí bean i Dunnes agus ní raibh sí in ann íocadh do gach rud. Agus bhí fear eile sa scuaine ag éirí mífhoighneach léi. Sin cloisim go bhfuil daoine ann ag caitheamh ubh chásca sa bhruscar mar go bhfuil prionsabal acu!"

Cuireann do scéal díomá orm. Ach más mian linn córas caipitlíoch a oibríonn "go héifeachtúil" ní foláir go mbeadh roinnt daoine thíos leis.
Sin nádúr an chórais!