Dé Máirt, Aibreán 06, 2010

M2010.04.03

Níor chuala mé faoi Wikileaks go dtí inné. Áis iontach atá ann le féidearthachtaí maithe idirnáisiúnta de réir mar a fhorbraíonn agus a mhéadaíonn sé amach anseo. (Agallamh leis an eagarthóir ar AlJazeera anseo)
Cabhróidh an físeán thíos go mór an sprioc sin a bhaint amach.




Taispeánann an físeán a eisíodh inné saighdiúirí lofa Mheiriceá .i. lucht an asail Dainséar .i. sceimhlitheoirí SAM ag dúnmharú tuairisceoirí Reuters agus daoine neamhurchóideacha eile i mbruachbhaile Bhagdad i 2007.
Tá níos mó sonraí faoin scéal le léamh ag an nasc thuas faoina n-iompar mídhleathach sa chogadh acmhainní mídhleathach sin.

An rud is measa faoi go léir is ea an chaoi a bhfuil na dúnmharuithe /sceimhlitheoirí ag baint sult is spraoi as an dúnmharú. Táid ag magadh is ag gáire faoi choirp na ndaoine neamhurchóideacha ar an talamh agus ag cruthú leithscéil dóibh féin nuair atá sé soiléir go raibh páistí sa veain a ndearna siad bruscar de.