Déardaoin, Aibreán 01, 2010

M2010.04.02

"Tá cara liom a bhfuil gach creideamh eile caillte aige, sa tír, sa Stát, san eaglais, san eacnamaíocht "
Chuir alt an Titlaigh é seo i gcuimhne dom. An scála fuatha, nó scála fuatha na hÉireann ba chóir a rá.
Tá sé ag éirí níos deacra coinneáil suas le lucht na bpraiseach in Éirinn. Tá líon chomh mór acu ann.
Dreamanna anseo is ansiúd, chuile áit. Ceann acu ag coinneáil éigniú leanaí faoi rún. Ceann eile ag éigniú an phobail, go léir ar feadh na nglúin, ó thaobh an airgeadais de!

Déarfainn go bhfuil polaiteoirí agus baincéirí ar bharr an liosta toisc go bhfuil an nuacht seo úr te bruite.
Ach is deacair a bheith cinnte faoi cé acu is measa i súile na nÉireannach, na polaiteoirí nó na baincéirí?
limistéar liath ann ós rud é nach mbeadh sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu an dtuigeann tú. Is ball den chóras baincéireachta lucht Fhianna Fáil.

Is dóigh liom go bhféadfaí a mhaíomh go bhfuil caipitleachas nua-liobrálach ar bharr an liosta!

3 comments:

Dennis King said...

Tá na polaiteoirí agus na baincéirí -- agus lucht Wall Street ag maireachtáil i bpócaí a chéile le fada an lá. Tá sé níos éasca mar sin na pócaí céanna a líonadh.

Mise Áine said...

Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat, a Dennis, agus is dóigh liom go bhfuil Robert the Builder nó dhó páirteach sa chraic, freisin...

Dubhaltach said...

Bheadh gan amhras a Áine.
Tá fáth nach gcloiseann muid gearáin ó fhorbróirí ar an ábhar seo.
Níl NAMA ag iarraidh ach b'fhéidir 45% den chostas a fháil ar ais.
Mar sin má tá NAMA ag lorg airgid ón fhorbróir ní bheidh siad ach ag dul ar thóir céatadán beag den iomlán.
Chomh maith leis sin tugann NAMA síneadh ama dóibh, buíochas linne, ionas go bhféadfaidís an réadmhaoin a dhíol ag praghas níos airde

Agus creidtear go mbeidh na forbróirí céanna ag ceannach a sócmhainní féin go díreach ón áisíneacht a ba chóir a bheith ag fáscadh airgid astu!