Dé Máirt, Márta 30, 2010

M2010.03.27

Anois go raibh turgnamh rathúil ag "The Large Hadron Collider" chun dhá léas prótón a bhuaileadh faoina chéile beidh muid ag cloisteáil a lán cainte faoi "dhamhna dorcha" agus "fuinneamh dorcha" sna míonna atá romhainn, le cúnamh Dé.
Táthar ag súil go gcaithfeadh an turgnamh inniu níos mó solais ar an fhadhb seo.
Mura bhfuil a fhios agat cad atá i gceist agam le "fadhb" i leith damhna dorcha is éard atá i gceist agam - tá foinse diamhair éigin ag tuairim is 85% d'imtharraingt sa chruinne nach bhfuil tuairim dá laghad againn cad é.

Tá go leor tuairimíochta agus teoiricí ann faoi cad atá taobh thiar den imtharraingt bhreise seo.
Creideann roinnt fisiceoirí nach bhfuil tuiscint cheart againn ar imtharraingt féin. Is é sin le rá nach raibh Einstein ceart faoi imtharraingt ar scála réaltraí is na cruinne.
Ní fhéadfá a mhaíomh go bhfuil mórán i gcomhaontú leis an tuairim sin ar chor ar bith!

Tá teoiric ann gurb é atá san imtharraingt bhreise seo ná dúphoill bheaga (féach anseo le haghaidh leagan PDF de pháipéar ar an ábhar; "Black Holes Constitute All Dark Matter").
Ach arís níl aon chomhaontú ann. Ní féidir go mbeadh comhaontú ann mar níl aon eolaíocht ina leith a d'fhéadfadh tuairim a thógáil air.

Tá tuairimíocht eile ann áfach, atá i bhfad Éireann níos spéisiúla ná na cinn luaite thuas faoi cad is imtharraingt dorcha ann.
Is é sin an il-chruinne.

Sa teoiric seo creidtear nach bhfuil inár gcruinne féin ach cruinne amháin i measc na mílte cruinne, nó na billiúin cruinne etc.
Ní féidir linn na cruinní eile a fheiceáil toisc go bhfuilid i ndiminsin níos airde ná ár ndiminsean féin.
Dar leis an teoiric seo is éard atá sa imtharraingt bhreise dorcha nach dtuigeann muid ná imtharraingt na gcruinní eile seo.
Imtharraingt a thrasnaíonn idir chruinní, idir diminsin, ina bhféadfaí a dtionchar a mhothú idir na cruinní .i. 85% den imtharraingt atá inár gcruinne nach bhfuil ann de bharr na réaltaí, réaltraí agus dúphoill go léir a fheiceann muid.

Mar sin is éard atá i damhna dorcha (imtharraingt dhorcha), go teoiriciúil, ná imtharraingt damhna mar a thuigeann muid é, ach, ó chruinní eile ar dhiminsin níos airde.

Táim ag súil go mór le cibé sonraí a thiocfaidh as an turgnamh a tharla inniu.

2 comments:

Mise Áine said...

@ 'Táim ag súil go mór le cibé sonraí a thiocfaidh as an turgnamh a tharla inniu.'

Agus mise freisin, a Dhubhaltaigh.

Mar a dúirt duine a bhí le mo thaobh agus mé ag éisteacht leis an tráchtaireacht faoin scéal seo ar an nuacht, You don't think they're going to say there was no Adam and Eve,do you!

Laethanta suimiúla romhainn...:-)

Dubhaltach said...

Páiste a bhí ann, nó seanduine?