Dé hAoine, Márta 26, 2010

M2010.03.22

Tús maith leath na hoibre, agus gan amhras ar bith tá tús maith ag an nuachtán nua Gaelscéal. (leagan ar líne)
32 leathanach lán ábhar spéisiúla. Ní raibh mé in ann é a leagan síos, leathanach i ndiaidh leathanaigh bhí alt nó dhó ar chuir mé spéis ann. Agus is fada an lá ó léigh mé nuachtán ar bith, ina iomláine, ó thús go deireadh.

Bhí tréimhse fhada ag an fhoireann an t-eagrán seo a ullmhú, agus an cuma sin air, tá súil agam go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar nuachtáin den chaighdeán céanna chuile sheachtain.
Más féidir leo é sin a dhéanamh beidh an nuachtán seo i bhfad Éireann níos fearr ná buaicphointí sean-Fhoinse agus Lá Nua araon.

Ar leathanach 14 tá píosa beag faoi Ghradam Blaganna na hÉireann 2010, ansin tá an t-aon bhotún a thug mise faoi deara .i. "Nótaí ón Imill" ;)
Déarfainn go maithfidh Dennis lucht Gaelscéal!

Bhí fadhb agamsa freisin eagrán a aimsiú i mBaile Átha Cliath, ní raibh sé ar fáil in Easons ar sráid Uí Chonaill, ach, buíochas le Dia, tháinig mé air sa nuachtánaí sin ag barr sráid Grafton.

Anois idir Gaelscéal, Foinse Nua agus Nuacht24 níl aon easpa ábhar léitheoireachta againn in aon chor.

4 comments:

Mise Áine said...

Níor tháinig an nuachtán chomh fada le hInis Eoghain fós, a Dhubhaltaigh.

Táim ag dúil go mór leis, caithfidh mé a rá.

Míshásta said...

Canathaobh go bhfuil gá le cóip chrua in ao'chor? Níl dóthain léitheoirí ann chun costaisí dáiliúcháin ar fud na tíre a chosaint. Tá an leagan ar an idirlíon breá so-léite. Thaitin an chéad-eagrán go mór liom. Tréaslaím leis an bhfoireann agus go n-éirí leis an bhfiontar.

Dubhaltach said...

Tagaim leat ar bhealach a Mhí, ach is rud maith nuachtán a bheith i do lámh ionas go bhféadfá é a léamh i do rogha áit .i. sa ghairdín, sa teach tábhairne etc.
Sílim go raibh an fhadhb sin réitithe ag Nuacht24, is é sin d'fhéadfá cóip chrua a fháil tríd an bpost má tá sé uait mar sin.

ormondo said...

Níl aon bhreith ar an bpár a bheith idir lámha agat, cé go bhfuilim féin ag brath ar an leagan idirlíne.

Tá an nuachtán nua ag cruthú go maith.