Dé Máirt, Márta 30, 2010

M2010.03.26

Cad is ealaín ann?
Agus más ealaín atá ann an ceart cosc a chur uirthi mura dtagann sí faoi "rialacha an phobail" faoi cad is inghlactha i sochaí?
Má tá coirp mhná nocht san ealaín atá i gceist an bhfuil sé ceart na híomhánna siúd a roinnt leis an domhan ar shuíomhanna idirlín?
Nach bhfuil éinne ag smaoineamh faoi na páistí!

Níl an ealaín seo pornagrafach in aon chor, sílim!. Tá siad aisteach, agus bhí sé greannmhar domsa ó am go ham, b'fhéidir de bharr anabaíocht éigin atá ormsa, nó b'fhéidir nach dtuigim meon an ealaíontóra fiú.

Is éard atá i gceist agam ná gearrscannáin ón ealaíontóir Amy Greenfield ó Bhostún, ealaíontóir a bhfuil clú agus cáil uirthi i measc lucht na n-ealaíon timpeall an domhain.
"Fís-damhsa" agus "fís-fhilíocht" a thugtar ar chuid mhaith dá saothar.

Luaim an t-ealaíontóir seo agus a saothair toisc gur chreid You Tube nach bhfuil an ealaín seo oiriúnach dá shuíomh agus nach dtagann sé faoina rialacha féin i leith cad is ceart agus cóir le cur suas ar an idirlíon.
Mar sin baineadh na físeáin as an suíomh sa mhí seo caite. Cuireadh cinsireacht i bhfeidhm chun muid a shábháil ó na híomhánna ealaíonta de mhná nocht!

Anois deirtear go bhfuilid ar ais arís mar gheall ar aighneas in aghaidh an chinnidh sin, ach nílid feicthe agamsa fós.
Faoi láthair táid ar fáil ar Vimeo más mian leat do bharúil féin a dhéanamh. An raibh an ceart ag You Tube nó nach raibh?

B'fhéidir gur físeáin do dhaoine fásta atá ann i ndáiríre! Agus ná bí ag breathnú ar na cinn seo má tá seans ann go bhfeicfeadh ceannasaí nó comhghleacaithe iad, ar eagla nach dtuigfidís gur ealaín atá ann agus ní pornagrafaíocht!!

TIDES HD le Amy Greenfield ar Vimeo.

4 comments:

Dennis King said...

Iontach álainn! GRMA as obair Amy Greenfield a roinnt linn! Filíocht agus/nó damhsa atá ann.

Nóta imill: an word verification atá le scríobh agam anois ná dressit!
:-)

Dubhaltach said...

goa, ar fheabhas!

Mise Áine said...

Is é an smaoineamh a rith liom féin - bá mhaith liom an figure sin a bheith agam féin!

Dubhaltach said...

Níl pioc uirthi, níl mórán insliú aici in aghaidh fuacht na farraige.