Dé Sathairn, Márta 27, 2010

M2010.03.23

Cúpla smaoineamh tapaidh:

Cén fáth nár dúirt éinne go raibh Panu ag labhairt, fós?

---------------------------

D'fhás mé suas ag éisteacht leis an mbanna ceoil Deftones ó na Stáit Aontaithe, agus tá albam nua eisithe acu. Níl a fhios agam an bhfuil spéis ar bith agam ann a thuilleadh.

Ach nuair a bhíos níos óige (16) agus lán fuinnimh bhíos i mbanna ceoil, leis! Ní rabhamar ró-dhona ach an oiread....
Agus rinne muid clúdach d'amhrán de chuid na Deftones le mise mar amhránaí! An ceann seo thíos:



Maith dom a léitheoirí! Mar a dúirt mé, bhíomar lán fuinnimh! A dhóthain fuinnimh chun leictreachas a sholáthair don tír ar feadh bliana dá bhféadfaí leas a bhaint asainn ar bhealach éigin.
Bhuamar comórtas mór (cath na mbannaí) "ag casadh" an amhráin sin thuas uair amháin.
Baineann sé gáire mór asam agus mo chairde i gcónaí ag smaoineamh siar ar an saol sin!

------------------------------

D'eisigh Greenpeace tuairisc inniu (Dealing in Doubt)
Míníonn an tuarascáil seo conas atá an tionscadal ola agus guail ag baint úsáide as cur cúige an tionscadail tobac chun bréagaisnéis a chruthú i measc pobail an domhain le 20 bliain anuas i leith athrú aeráide. Is fiú go mór é a léamh.
Luann an tuarascáil na hainmneacha de na sceiptigh mhóra atá ag obair do na comhlachtaí móra ola is guail, agus déantar iniúchadh ar chaidreamh díreach idir na meithle smaointe ("think tanks") a oibríonn chun bréag a dhéanamh d'athrú aeráide ar son na gcomhlachtaí céanna.

Suíomh eile Greenpeace anseo faoi Exxon Mobile agus bréagaisnéis i leith athrú aeráide.

-----------------------------

Seo agallamh an-spéisiúil -agus athscríbhinn- ag Meiriceánach Cindy Sheehan le Hugo Chavez.
Is fiú go mór éisteach leis go léir, nó léamh, fiú is go bhfuil sé dírithe ar shaol sna Stáit.

Chavez ag labhairt; "political power, the capacity to make decisions, the community councils, communes, the people’s power, the popular assemblies.
And then there is the economic power. Transferring economic power to the people, the wealth of the people distributed throughout the nation.
Referendums, popular consultations, elections for governors, mayors"
Sin an cineál athchóiriú polaitíochta atá de dhíth in Éirinn, sa "Phoblacht Nua" a chloiseann muid chomh mór cainte faoi na laethanta seo. Seo an cineál athchóiriú polaitíochta nach léifear ar leathanaigh an Irish Times faoi "athnuachan na Poblachta".
Seo an cineál athchóiriú polaitíochta nach gcloisfear ó Fhine Fáil nó Fhianna Gael.

Ní bheadh NAMA, Shell ag fáil cearta go léir ar an ngás s'againne, nó Anglo Irish etc ag tarlú mar atá siad dá mbeadh a leithéid de dhaonlathas i bhfeidhm.

2 comments:

Mise Áine said...

Thug mé féin Panu faoi deara tráthnóna, agus mé ar shuíomh Sheaín R, ach ní raibh a fhios agam, ach an oiread leat féin, go raibh sé fós ag labhairt.

Maidir leis an, ahem, amhrán sin uait, a Dhubhaltaigh, is maith liom gur bhain tú sult as an bhfuinneamh a chaith tú air! In athinsint focal Ellen DeGeneres ón gclár American Idol aréir, nuair a chuala sí amhrán nach raibh sí ag iarraidh a cháineadh 'I'll leave the judging to the expert...:-)

Dubhaltach said...

An-chineálta a Áine ;)