Déardaoin, Márta 25, 2010

M2010.03.20


Dar leis an Titleach ar maidin "Tá an chuma air go bhfuil [..] Marx ar scraith an ghlogair ach cos aige ar an mbruach" agus "Is beag duine a mhaíonn go hoscailte gur Marxach é"

Sílim gur deacair "Marxach" a chur ort féin, mar lipéad, óir is éard atá i saothair Mharx, ar an mhórchóir ná anailís ar chóras an chaipitil.
Bhí Marx ag súil go bhfeidhmeodh an anailís sin mar uirlis intleachtúil, nó bealach, don lucht oibre a staid i sochaí a thuiscint, agus as an tuiscint sin an córas sin a threascairt. Ní féidir troid in aghaidh namhaid mura dtuigtear cad é, nó cé hé, do namhaid.

Chreid Marx go láidir i sóisialachas ar ndóigh, agus saoirse an lucht oibre ó chuing na haicme ceannais. Ach ní a smaoineamh bunaidh féin a bhí ann, fiú is gur chuir sé go mór mór leis.
Mar sin tá seans go bhfuil fáth ann nach gcuireann daoine Marxach orthu féin a thuilleadh, fáth atá lasmuigh de náire a d'fhág greasáil leanúnach Thatcher agus mo dhuine Reagan (.i. an t-aisteoir Meiriceánach sin a bhí i bpócaí na gcomhlachtaí airgeadais móra agus a bhain an uachtaránacht amach ar a son) ar a ainm.

Agus má tá saothar Mharx ar scraith ghlugair is aisteach liom cén fáth gur bhain sé an t-aitheantas seo amach díreach roimh 2000, agus é chun tosaigh ar an sóisialaí cliste eile, Albert Einstein.
"b’ionadh leat nach dtiocfadh leagan éigin den Mharxachas ar ais agus a bhfuil de scrios déanta ag an gcaipitleachas ar an domhan. Thuar Marx é féin an méid sin in Das Kapital, ach is fánach an duine a shroich chomh fada leis an leathanach sin ceal speile agus corráin agus cabhair drugaí."
Cinnte is deacair an leabhar An Caipiteal a léamh óir tá sé scríofa i dteanga eolaíochta, nó eacnamaíochta ba chóir a rá - seans go raibh Marx ag iarraidh na cinsirí a sheachaint, mar bhí sé sa leabhar dubh s'acusan de bharr a ghníomhaíochtaí sóisialacha san Fhrainc agus sa Ghearmáin. Cuireadh cosc ar shaothair sóisialacha dá chuid go mion minic roimhe sin.

Thuar sé go deimhin go raibh géarchéimeanna dosheachanta sa chóras caipitlíoch, go dtiteann sé as a chéile go rialta, agus go mbeadh gach géarchéim níos doimhne ná an ceann roimhe!

Más mian le duine Marxachas a thuiscint .i. caipitleachas, sílim féin go luíonn an tuiscint sin le breisluach", "carnadh caipitil", an "cúltaca tionsclaíoch" .i. na daoine dífhostaithe, agus an "claonadh ag an ráta brabaigh ísliú".



Ní féidir liomsa míniú simplí níos fearr a thabhairt ná mar a thug mo dhuine thuas.

Ag cur leis an méid sa bhfíseán sin thuas, agus i bhfocail Mharx, ó An Caipiteal:
"..caithfidh staid an oibrí, pé ar bith cén íocaíocht a fhaigheann sé, ard nó íseal, dul in olcas de réir mar a charntar caipiteal.
Ar deireadh comhtháthaíonn an dlí a choinníonn an cúltaca tionsclaíoch i gcothromaíocht le raon agus fuinneamh an charntha i gcónaí, comhtháthaíonn sé an t-oibrí leis an gcaipiteal níos doichte ná mar a rinne dingeacha Heiféisteas Proiméitéas a chomhtháthú leis na carraigeacha. Cuireann sé mar choinníoll leis an gcarnadh caipitil a chóimhéid de charnadh ainnise.
Is ionann saibhreas a charnadh ag ceann amháin agus, san am céanna, ainnise, crá oibre, sclábhaíocht, aineolas, brúidiú agus táire mhorálta a charnadh ag an gceann eile, .i. ar thaobh na haicme a tháirgeann a táirge féin mar chaipiteal" *
Chun brabús a chinntiú caithfidh an caipitlí an lucht oibre a dhúshaothrú .i. caithfidh an lucht oibre a mbreisluach a mhéadú ionas go bhféadfadh an caipitlí brabús a chinntiú agus leanúint leis an gcarnadh caipitil.
Is iad pá agus uaireanta oibre na baic is mó in aghaidh an bhrabúis seo.

Is cuma cad a bhaineann an lucht oibre amach le linn na laethanta maithe (le linn fás eacnamaíochta) óir nuair a thagann an ghéarchéim is dual don chóras caipitlíoch beidh siad thíos arís le ciorruithe pá nó caillteanais post.
Feidhmeoidh an cúltaca tionsclaíoch de dhaoine dífhostaithe mar mheáchan in aghaidh pá agus coinníollacha na n-oibrithe atá i bhfostaíocht, á dtarraingt síos.

Bheadh an fhadhb luaite thuas sa bhfíseán sin sáraithe murach pá na n-oibrithe, nó dá mbeadh níos mó uair sa lá déanta acu.

Mar sin is é an t-oibrí a oibríonn saor in aisce an t-oibrí is luachmhaire.

Tá sé seo le feiceáil i gcásanna mar seo ó FÁS!!!!:


Cliceáil chun iad a mhéadú, tá sé dochreidte agus níl ann ach cúpla sampla!!!!


Is maith liom an ceann sin. D'fhéadfá duine díreach as coláiste taithí oibre a fháil mar "Washroon Technician".i. a bheith ag glanadh leithreas, gan pá ar ndóigh!

Dúshaothrú chun brabús a chinntiú.
Sclábhaíocht gan náire, sclábhaíocht gan pá.
Caipitleachas 101 mar a déarfaí.
Tá níos mó ráite ar Bhoards.ie, anseo, ina leith.

Ní féidir liom níos mó a rá ar an ábhar óir caithfidh mé méadú a dhéanamh ar an mbreisluach.


* aistriúchán le Aindrias Ó Cathasaigh, le fáil ina aiste "Marx agus roinnt an bhodaigh" sa leabhar "Faoin Bhratach Dhearg - aistí sóisialacha"

3 comments:

Néidí said...

B'fhéidir go sclábhaireacht gan náire é ach níl an dara suí sa bhuaille agam ach iarrataisi a chur isteach do na postanna Fás

Dubhaltach said...

Agus ní luíonn an locht sin leatsa a gfg.

Dubhaltach said...

Dála an scéil cibé fiúntas atá le baint as intéirneacht (internship) mar a déarfá, ina bhfuil an duine ag fáil taithí oibre ní féidir a mhaíomh go bhfuil aon fhiúntas le fáil ó "taithí oibre" mar ghlantóir leithreas.

Níl ann ach dúshaothrú sa dá chás, ach ag leibhéil éagsúla.