Dé Céadaoin, Márta 24, 2010

M2010.03.19


Ní cleas é go ndéantar trí huaire é.
Chuir blagmhír Dennis é seo i gcuimhne dom.

Seo an Charraig Scoilte sa Chillín Dubh gar d'Iascaigh i dTír Fhiachrach.

Chaith Fionn mac Cumhaill ó Shliabh Gamh é -atá timpeall 17km díreach ar siúl ón áit (maith thú a Fhinn!)- mar thaispeántas a nirt.
Ach bhí Fionn ag iarraidh é a chaitheamh san fharraige, faraor dó bhí sé tuirseach i ndiaidh na seilge ar an lá sin an dtuigeann tú.
Níos déanaí sa lá agus na Fianna ar ais i dTír Fhiachrach ag breathnú ar fad an chaithimh, tháinig racht feirge ar Fhionn nár bhain sé an fharraige amach, agus scoilt sé an charraig lena chlaíomh ag maíomh go raibh mallacht uirthi.

Bheannaigh Pádraig an charraig nuair a tháinig sé chugainn lena nósanna nua.

Is féidir siúl tríd inniu, bíodh is go bhfuil sé teann.
Deirtear gur chóir do dhuine siúl tríd trí huaire le haghaidh áidh, ach fainic don té nach bhfuil saol iomlán macánta caite aige!
Óir mura bhfuil, ar an tríú huair ag siúl tríd dúnfaidh an charraig air.
Níor ruaig Fionn nó Pádraig an chumhacht ón charraig an dtuigeann tú.

Deirtear dúinn nach gcreideann na hÉireannaigh i bpiseoga a thuilleadh ach fós ní fhaca mé duine (aosta) ar bith ag siúl tríd trí huaire.

6 comments:

Dennis King said...

Go hiontach! Go raibh míle maith agat as an bpíosa deas (dinn)seanchais a roinnt linn!

Dubhaltach said...

Fáilte romhat.

Mise Áine said...

Bhain mé féin sult as freisin, a Dhubhaltaigh.

Ach, gabh i leith - meas tú an bhfuil a leithéid de rud ann agus duine le 'saol iomlán macánta caite aige'!

Dubhaltach said...

An bhfuil a fhios agat a Áine a chara, shiúl mé tríd dhá uair ag maíomh go raibh saol iomlán macánta caite aga, ach ar an tríú hiarracht bhí m'intinn ag rith agus ag tarraingt anuas amhras! Ní rabhas in ann an tríú hiarracht sin a dhéanamh, ar eagla na heagla (tá sé chomh teann sin!).

Lasmuigh de pháistí óga déarfainn nach bhfuil duine ar bith nach bhfuil ina pheacach. Agus níor mhaith liom bualadh le duine nach bhfuil ina pheacach mar ní duine é.

ormondo said...

Is é sin carraig don Phoc ar Buile!

Mar níor fhág sé carraig a raibh scabhat ann...

Dubhaltach said...

Ní théann na caoirigh atá sa pháirc sin tríd ach an oiread, tá a fhios acu nach dtiocfaidh siad as is dóigh! Sin nó ní raibh saol iomlán macánta caite acu!!