Dé Céadaoin, Márta 24, 2010

M2010.03.18

Bhagair Nestlé cás dlí in aghaidh You Tube murar tharraing siad an físeán seo síos óna suíomh. Mar sin tá seans maith ann nach mbeidh sé le feiceáil ar You Tube roimh i bhfad.

Tá an comhlacht Nestlé ag baint úsáide as ola phailme ó chomhlachtaí atá ag déanamh scrios iomlán d'fhoraoisí báistí san Indinéisis, ag cur ainmhithe na bhforaoisí i mbaol (órang-útain mar shampla). Ag scrios slite beatha na ndaoine, leis.



Is fiú smaoineamh faoi na rudaí seo mar thomhaltóirí.

3 comments:

Dennis King said...

Tá spéis agam san fheachtas seo. Ní ithim ola phailme, más féidir liom í a sheachaint. Ach dóim beagán di. Ní biodiesel atá mé a rá, ach coinnle atá déanta as céir phailme. Tá na cinn a fhaighim anseo ó Aloha Bay go hiontach. Dónn siad gan deatach, gan sileadh, gan bholadh. Bíonn an lasair mór i gcónaí, agus nuair a múchtar í, ní leanann an buaiceas air ag cnadú. Agus siad ró-dhaor ach oiread. An t-aon fhadhb amháin? Ola phailme. Ach deir an comhlacht seo go bhfaigheann siad a gcuid ola primarily ó fheirmeacha sean-bhunaithe nach ndéanann dochar don chomhshaol. Ní mé 100% cinnte, ach tá siad ag caint faoin bhfadhb seo ar aon nós. Beidh na coinnle seo in úsáid againn Dé Sathairn seo chugainn óna leathuair tar éis a hocht go 9:30!

Dubhaltach said...

Tá an cuma ar an gcomhlacht go bhfuilid dáiríre faoi. Ach tagaim leat, is deacair a bheith céad faoin gcéad faoina bhfoinse.
Ní féidir liom teacht ar aon ní ar an idirlíon le Greenpeace á gcáineadh go díreach. (Seans go bhfuilid ró-bheag chun aird a tharraingt)

Ach ag deireadh an lae, beidh gá foraoisí a leagadh chun spás a dhéanamh do phailmeacha .i. feirmeoireacht phailmeacha. Bíodh na feirmeacha siúd a reáchtáil ag feirmeoirí beaga nó comhlachtaí móra.

Dubhaltach said...

Tháinig mo chailín abhaile inné le dhá Yorkies. Nuair a chuir mé ar a súile go rabhadar déanta ag an gcomhlacht Nestlé chaith siad sa mbosca bruscar iad. Ag tabhairt mionn nach bhfaighidh aon rud ón chomhlacht sin ariamh arís.
Bhí an físeán thuas feicthe aici níos luaithe sa lá.