Dé hAoine, Márta 12, 2010

M2010.03.09



Aillte an Mhothair - 217 m
Sliabh Liag - 595 m
Cruachán - 668 m

Seo thuas íomhánna de Thóin Chruacháin ar Oileán Acla nach bhfeicfidh tú ar an idirlíon. (Ach táid le feiceáil ag tús seó Béar Grylls anseo ar You Tube)
Ní fheicfidh tú grianghraif de na haillte seo ar an idirlíon, ón radharc seo díobh, toisc nach féidir tiomáint chucu i gcarr cosúil le Sliabh Liag agus Aillte an Mhothair. (Is féidir tiomáint chun pointe ó dheas de na haillte go cinnte ach níl an radharc leath chomh maith). Caithfear siúl fada a dhéanamh chucu, agus is siúl an-dhúsalanach é. Caithfear cnocadóireacht chrua a dhéanamh thar chruachán í féin chun Rú na Córach a bhaint amach. Tír álainn i bhfolach atá ann. Le hiarrthóir don logainm is faide agus is amaidí i "mBéarla" na tíre seo .i. "Askelgubroenacaragh". Nó Ascaill Ghob Rú na Córach a bheith níos cruinne faoi.

Ar ndóigh ní thugann na grianghraif sin thuas, atá tógtha ó fhón póca, léargas maith ar a méid ar chor ar bith .i. i méid táid níos mó ná trí oiread Aillte an Mhothair! Caithfear a bheith ann le feiceáil cé chomh mórthaibhseach is atá siad.

Tá físeán agam díobh agus cuirfidh mé suas ar You Tube é, agus ar an mblag seo, nuair a fhaighim an seans.

Agus mar fhocal scóir, seo grianghraf d'fhulacht fia in aice le Loch Bhun na Fréimhe Thoir i dtír álainn Rú na Córach.
Nach bhfuil sé an-mhór ar fad? Níl mórán cur amach agamsa orthu, ach cheap mé go raibh na Fianna ag iarraidh béile mór a réiteach dóibh féin leis an gceann seo. D'fhéadfá cúpla fia a bhruith ann!

Focal scóir eile, tá an talamh chomh tirim sin go bhfuil na sléibhte seo réidh dul faoi thine!
Féach ar an gceann seo thíos. Tá dath cróin ar an bhféar, ó Chruachán go Sliabh Mór.

3 comments:

Dennis King said...

GRMA as na grianghrafanna! An bhfuil a fhios agat cad is ciall le “rú” sa logainm seo?

Dubhaltach said...

Tá dhá chiall leis, sílim.
Rú - Ceann tíre/Gob/Pointe (a bheadh oiriúnach sa chás seo)
Rú - Muine (a bheadh oiriúnach sa chás seo, leis)

Cosúil le Rúsach, Rúscaigh, Rúsc.

Dennis King said...

Ah, “rubha” sa seanlitriú. Is aisteach an rud é nach bhfuil ceachtar acu, “rú” nó “rubha” in Ó Dónaill. Rud aisteach eile ná go bhfuil focal eile ann, “ros”, a bhfuil an dá chiall sin leis!