Dé Luain, Márta 01, 2010

M2010.03.01

If you remove the English army to-morrow and hoist the green flag over Dublin Castle, unless you set about the organisation of the Socialist Republic your efforts would be in vain.
England would still rule you. She would rule you through her capitalists, through her landlords, through her financiers, through the whole array of commercial and individualist institutions she has planted in this country and watered with the tears of our mothers and the blood of our martyrs.

Séamas Ó Conghaile cct i 1897 san aiste ghearr Socialism and Nationalism
Má tá lón machnaimh sóisialach ag teastáil uait níl le déanamh agat ach féachaint a thabhairt ar an iris Éireannach shóisialach darbh ainm Red Banner.
Faoina chartlann feicfear samplaí pdf d'ailt a foilsíodh san iris ó 1997 i leith, an chuid is mó acu i mBéarla, ach le pdf deas de scríbhneoireacht sóisialach Pheadar Uí Maicín (pdf) a fuair bás ag troid ar son na hÉireann le linn éirí amach 1916.

Tá ailt ann ó Ghaeil aitheanta eile amhail Tomás Mac Síomóin agus Aindrias Ó Cathasaigh (eagarthóir reatha na hirise). Beirt, mar a tharlaíonn sé, a bhí ina n-eagarthóirí ar an iris Comhar tráth.
Agus caithfidh mé a rá go raibh imeacht Uí Chathasaigh ón iris Ghaeilge ina chailliúint mhór do shaol na Gaeilge. Go háirithe le linn cúlú eacnamaíochta atá cruthaithe ag caipitleachas lofa nua-liobrálach agus rialtais chaipitlíocha faoi chóras an Daonlathais Bhuirgéiseachta.

tionchar a imeachta fós le feiceáil ar an iris, faraor.

Níl ach ailt Bhéarla le feiceáil sna samplaí ón bheirt thuasluaite i gcartlann an Red Banner. Déarfainn go bhfuil a gcuid alt Gaeilge le fáil sa leabhar seo . Leabhar atá ag déanamh a shlí chugam tríd an bpost faoi láthair.

Buíochas leis an mblag The Cedar Lounge Revolutionan chéad eagrán den iris An Bhratach Dhearg le léamh againn, agus seoid atá ann. Mholfainn go mór é a léamh, alt Gaeilge Uí Chathasaigh ach go háirithe.

3 comments:

John M O Donoghue said...

Maith tú a Dhubaltach, sin ráite ar fheabhas agat.An fadhb, cad a dheanfaimís faoi?

Dubhaltach said...

Táim ag ceapadh go bhfuil tú ag labhairt faoin staid pholaitíochta ina bhfuil muid.
Is féidir linn go léir (muintir na hÉireann) a bheith níos gníomhaí i ngach ghné dár saol, ag cur chun cinn tuairimí agus moltaí atá do leas an phobail, ag cur ina luí dár bpolaiteoirí cad atá uainne agus cad nach bhfuil uainne.
Ag cur chun cinn tuiscint ar na fadhbanna atá os ár gcomhair, go sóisialta.
Is cúis iontais dom an méid aineolais atá ann i measc na nÉireannach faoi rudaí bunúsacha atá ag tarlú go heacnamaíochta nó polaitíochta.

Ba bhreá liom a rá go raibh gluaiseacht ar bun a thabharfadh seans dúinn go léir ár bhfearg a chur in iúl. Ach is deacair an meon patuair tuirseach a mhúscailt.
Agus ar ndóigh ní ligeann an córas daonlathais bhuirgéiseacha dúinn ach vóta a chaitheamh gach 5 bliain!
Is le Fianna Fáil an Dáil go dtí sin. Idir an dá linn ba chóir dúinn bheith ag gníomhú le déanamh cinnte de go mbeadh gach pháirtí ar an eite chlé á láidriú inár bpobail.
Arís agus aríst eile thaispeáin Páirtí an Lucht Oibre, an Páirtí Sóisialach SWP agus Sinn Féin sa Dáil go bhfuil tuiscint an réitigh na bhfadhbanna acu. Mar gheall ar an gcaoi a n-oibríonn na meáin in Éirinn is beag tuisceana atá ag an gnáthÉireannach ar cad a bhí curtha chun cinn acu leis an ngéarchéim a mhaolú. Ní chloisfear ón phobal i gcoitinne nach fiú faic an freasúra den eite chlé. Cacamas, éinne nach gcreideann go bhfuil córas láidir sóisialach dá leas déarfainn go bhfuil a hintinn múnlaithe.

Mar fhreagra do do cheist mar sin ba chóir dúinn gníomhú in aghaidh bolscaireacht an rialtais/ na meán faoi gach aon ní agus bheith gníomhach ag gríosú daoine chun ceannairce. Agus nílim ag magadh faoi sin, tá cúrsaí chomh dona faoi láthair go bhfuil a leithéid ag teastáil.
D'fhéadfadh an cheannairc seo a theacht i bhfoirm na bhfothoghchán don duine le toghadh in áit George Lee i mBaile Átha Cliath Theas, agus an Cope Gallagher i nDún na nGall.
(Níl an cead tugtha ag an Taoiseach do mhuintir Dún na nGall ionadaíocht a bheith acu sa Dáil ó bhog Gallagher chun na Bruiséile)

Seo alt spéisiúil ag cur na ceiste cá bhfuil an réabhlóid?
http://www.swp.ie/index.php?page=710&dept=News&title=Where+Is+the+Rebellion%3F

blogger said...


Dia duit gach duine a mholaim duit don Dr. Labhair mé leis gur chaith sé cúpla lá ina dhiaidh sin, ghlaoigh mo fhear céile orm agus tús a chur le leithscéal agus tháinig sé abhaile. Tá muid le bailiú anois ó 6 seachtaine ... tá eolas anseo templeofanswer@hotmail.co.uk nó whats-app +2348155425481