Dé hAoine, Eanáir 29, 2010

M2010.01.12

Níl aon ní níos leadránaí ná brionglóid dhuine eile, fiú agus brionglóidí na ndaoine a bhfuil grá agat dóibh.
Mar sin, chun mo bhrionglóid a dhéanamh níos spéisiúla rinne mé dán díreach de agus chuir mé ar mo "Dhunaire" é, agus anseo thíos.

Táim ag léamh dánta as Duanaire Finn agus scéalta as Seanchas na Féinne le déanaí, is iad is cionsiocair leis an mbrionglóid is dóigh. N'fheadar an raibh an bhrionglóid sa Dán Díreach , ach tháinig an rím chugam go han-tapaidh ar fad an uair seo.

Ón amharc anseo amach
ó dheas go Cinn na Searrach,
ní searraigh óga 'bhí ann
ach eacha móra na dtonn.

An áit ar tháinig i dtír
le siúlóidín tapaidh siar,
fágadh glór ina ndiaidh
tonn is mó le guth Dia.

Níor bhuail ceann leis an gcladach
chas sé thart go dtí Beartrach
lean an t-each seo ar seachrán
le marcach ar a dhroim bán!

Rith mé luath ar mhínfhearann
le fáilte roimh an fhear san,
"Is é do bheatha a óglaigh
go geal-tailte breá Shligigh".

Mise Oisín mac Finn mhóir
dea-mhic Cumhaill mhic Tréanmhóir,
Niamh is dea-bhean chéile liom
bean is áille in Éirinn.

Dar fia 'rí na Féinne
ní shin an fhíor-fhírinne!
fuair Oisín bás i dTeamhair
i mbaois ina shean-mheabhair.

Ná bac a mhac le seanchais
nach bhfuilim anseo ar ais,
seo linn anois ar an toirt
is mian liom mo ríocht a chuairt.

Seo linn siar ó Thír Fhiachrach
romhainn Iorrais mín amach
gur shroich muid Poll an tSómais
le hamharc ar oll-Shell-scrios.

Duais Éirinn á goid ag Gaill
bagairt báis á chur ar Ghaeil,
cearta daonna á sárú
neamhaird na meán á moladh.

Neart laoch a chuirfeadh cath
le linn ré mhac Cumhaill fathach,
"déan do phaidir" 'rá go grod
sin fainic a bheadh agat.

Ar aghaidh as an Ghael-áit seo
le mo mhuintir a bhlaiseadh,
Gaeilge bhinn atá uaimse
seo linn ná moill a thuilleadh.

Cén tír í seo 'tá romham
gan choill gan toirc nó bláth ann,
níl coillte le haghaidh fiacha
nó maigh fairsing seilge?

Ní thuigim caint ó bhéala
níl Gaeilge ann ach Béal-rá,
tá an cine lag leisciúil
níl m'fhine le haimsiú!

Ar aghaidh linn as an Ghalltacht
beidh faoiseamh ó rí Teamhrach,
mór fleá 'bhí i nGleann Gabhra
go dtí sleá bhuacach Cairbre!

Trí oll-scairt a lig sé as
-Gaeilge nach ar m'eolas-
ar fheiceáil dó scrios Gabhra
mallacht ar shliocht mac Morna.

Suas leis chuig an Lia Fáil
chuir mí-ádh ar Fhianna Fáil,
le crá croí thit sé dá each
b'shin a ghníomh deireanach.

Ón.

Dé Máirt, Eanáir 26, 2010

M2010.01.11



Cuid de "Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg" ó Duanaire Finn:
(Tá Droim Dearg i gcontae an Longfoirt agus i Liatroim; in Aontroim agus i gCorcaigh; i Luimneach agus i nDoire; sa Chabhán agus in Ard Mhacha; i bhFear Manach agus i dTír Eoghain)

Dá gcluinfeadh Garbh Doire dian
faí chloig sa chill seo siar
do rachadh go grod isteach
do bhrisfeadh clog na gcléireach.

Dá gcluinfeadh Fionn na Féinní
faí do chloigín a chléirigh
do rachadh id' cheann gan acht
is ní ligfeadh uait imeacht.

Dá gcluinfeadh Conán na bhFiann
faí an chloig chugam aniar
cléirigh an tsaoil a bheith ann
bheidís uile gan anam.

Dá gcluinfeadh Caoilte croí
fear nár dhiúltaigh an-chogaí
do rachadh isteach gan ghaoí (ga,gae,gaí)
is do bhrisfeadh bhur gcloigíní.

Ochón is crá le mo chroí
scaradh le learg Maonmhaí
is leis na laochra fial sin
le m'Fhiann is dea-fhilí.

Is mé Oisín dea-mhac Finn
creidim Dia thuas a Thailginn
táim anocht gan Fhiann gan mhaoin
is pian liom faí an chloigín.


Mo léan is olc le mo chluas
a bhfuil sa bhfíseán ait thuas
dá olc glór na gcloigíní
pianmhar giotáir éiníní.

M2010.01.10

(Grianghraf de Thaiscumar Fheartraí, Tóchar, ó wiki)

Rugadh Dubhghlas de hÍde i Ros Comáin i 1860, toghadh Abraham Lincoln mar uachtarán thall sna stáit sa bhliain chéanna, bhí cuid mhaith de Chúige Uladh, Mumhan, Laighean agus Connacht fós ina nGaeltachtaí (bíodh is go rabhadar lag agus faoi bhrú).
Agus ag tús na bliana céanna tosaíodh ag tógáil Tollán Fheartraí, ó Abhainn Fheartraí i gCill Mhantáin, chun artaire uisce tábhachtach a sholáthair chuig Contae Bhaile Átha Cliath.

Faoi láthair tá 80 milliún lítear d'uisce ag rith tríd go laethúil, a chinntíonn 25 faoin gcéad de sholáthar uisce Bhaile Átha Cliath agus mórcheantar Bhaile Átha Cliath i gcoitinne.
Anois, tá an tollán seo timpeall is 133 bliain d'aois! Ach fós níor ceistíodh ariamh an raibh an sean-tollán seo iontaofa mar artaire uisce tábhachtach sa lá atá inniu ann.
N'fheadar mé ar chreid na hinnealtóirí Briotanacha ariamh go mbeadh an tollán á úsáid fós.
Aithníonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an baol go mbeadh ceantair mhóra i mBaile Átha Cliath theas agus Cill Mhantáin Thuaidh gan uisce go fadtéarmach dá dteipfeadh ar an tollán seo, toisc nach bhfuil foinsí malartacha ar fáil ar chor ar bith.
D'fhéadfadh cliseadh iomlán a tharlú leis an tollán seo am ar bith, dá dtarlódh sin bheadh pobal Bhaile Átha Cliath i bponc ceart go ceann i bhfad.

Is aisteach an rud é, ach tá cuid mhaith dár n-infreastruchtúr uisce ann ó ré na Sasanach in Éirinn (cosúil lenár n-infreastruchtúr traenach). Theip ar rialtais neamhspleách Éireannacha i ndiaidh a chéile an t-infreastruchtúr seo a uasghrádú nó a fheabhsú i ndáiríre. Agus aon uasghrádú a bhí déanta bhí sé lochtach.

Ní shílim, a thuilleadh, go bhfuil na Glasaigh le thrust.
Tá chuile phrionsabail a bhí acu caite san aer le haghaidh na cumhachta. Ach, tagaim leis an Aire Comhshaol nuair a mhaíonn sé gur chóir íoc as an uisce a fhaigheann muid, go háirithe más mian linn soláthair uisce glan iontaofa a chinntiú.

Is ceist eile ar fad an mbeadh an rialtas céanna toilteanach an córas sin a phríobháidiú amach anseo chun brabús deas a chinntiú do chomhlacht éigin a bhfuil gaol aici leis an rialtas i gcumhacht san olagarcacht s'againne.

Dé hAoine, Eanáir 22, 2010

M2010.01.09

(Íomhá ó wiki)

An dara lá fichead de mhí Eanáir, bliain ár dTiarna Íosa Chríost 2010.

Is ar an lá seo 378 bliain ó shin i gcoinbhint in aice le Drobhaois thosaigh Mícheál Ó Cléirigh as Tír Chonaill, Fearfeasa Ó Maoil Chonaire as Baile Uí Mhaoil Chonaire i Ros Comáin, Cúchoigríche Ó Cléirigh as Tír Chonaill agus Cúchoigríche Ó Diubhgeannáin as Baile Choille Foghar i gContae Liatroma, thosaigh siad i mbun oibre ar an ollsaothar de stair na tíre .i. Annála Ríocht na hÉireann, faoi phatrún Thiarna Mhá Uí Ghadhra agus Chúl Ó bhFinn i gContae Shligigh .i. Fearghal Ó Gadhra.
"dochum glóire Dé agus onóra na hÉireann" a thosaigh siad i mbun oibre

"An dara lá fichead de mhí Eanáir anno Domini 1632 a tionscnaíodh an leabhar seo i gcoinbhint Dhún na nGall, agus críochnaíodh sa choinbhint chéanna an deichiú lá de Lúnasa, 1636."

Dé Céadaoin, Eanáir 20, 2010

M2010.01.08

Táim ag léamh Manuail de Litríocht na Gaeilge (Faisicil III) "An Lá idir dhá Shíon": 1616-1641 i láthair na huaire le Breandán Ó Doibhlin.
Ag tús an leabhair, faoin cheannteideal "Sibhialtacht an 17ú haois", agus faoin fhotheideal "An Réabhlóid Eolaíochta" tá a leanas in achoimre;
"Idir timpeall 1620 agus 1640, léiríodh nach raibh bunús ar bith le scéim Arastotail, de thairbhe consú Ghalileo. Rud nár fhág aon áit don fholús ná don éatar, ná féadaim a rá, do Dhia nó do na flaithis mar chuid de scéim na cruinne. Go tobann, bhí an cine daonna beo ar ghráinne gainimh ar seachrán i spásanna dothomhaiste éigríochta nach raibh ionad ar bith in áirithe do Dhia iontu."
Chuir an méid sin mé ag smaoineamh, faoi Dhia, agus a áit sa chruinne. Níl aon Dia le feiceáil sa chruinne, ní féidir a thionchar a mheas trí mhatamaitic. Bhreac mé síos mo thuairim maidir leis an chruinne éigríoch cheana. Nílim den tuairim go bhfuil sí éigríoch, bíodh is go dtógfadh sé timpeall 30 billiún solasbhliain, nó i bhfad Éireann níos mó, len í a taistil ar fad ó phointe amháin go pointe eile i líne dhíreach. B'fhéidir go bhfuil éigríoch i gceist lasmuigh de? N'fheadar. Ach is dóigh gur lasmuigh den chruinne a thagann Dia isteach sa scéal, más ann dó/di etc.
Bhí gá le rud éigin tús a chur leis an Ollphléasc a chruthaigh chuile rud atá sa chruinne. Bhí gá le cruthaitheoir má thuigeann tú leat mé.

Bhí clár iontach ar BBCa4 an oíche eile le cabhair a thabhairt dom le mo mhachnamh, clár faoin Teoiric Anoird agus Tacar Mandelbrot a thaispeánann gur féidir le cothromóid shimplí (Zn+1 = Zn2 + C, ina bhfuil Z ina lúb aisfhotha sa chothromóid agus C ina tairiseach) rudaí cosúil le frachtal nó féin-chosúlacht a chruthú i nádúir d'aimpléiseacht dochreidte.
Ach ní féidir cruth, nó toradh, aon ní a thuar go cruinn beacht ariamh le matamaitic i ngeall ar anord sa chruinne, is é sin, i ngeall ar athraithigh anaithnid. Fiú má tá cruth cosúil le céile ag frachtail, táid difriúil i gcónaí .i. dumhcha, réaltra, aibhneacha etc.



Cuirtear an cheist sa chlár. Más féidir le mata simplí an-aimpléiseacht a chruthú mar gheal ar ionchur nach féidir a mheas agus aisfhotha sa chothromóid, an bhféadfadh an mata simplí sin a mhíniú dúinn cén fáth gur cruthaíodh muide, daoine, as deannach na cruinne a chruthaíodh le linn na hOllphléisce.
D'fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil éabhlóid ag feidhmiú ar an bprionsabal de mhata simplí, ag feabhsú i gcónaí aimpléiseacht shimplí thar na billiúin bliain chun an-aimpléiseacht a chruthú .i. an inchinn dhaonna mar shampla.

Tá an éabhlóid nádúrtha seo taispeánta cheana ag ríomhchláraitheoirí/matamaiticeoirí lena n-algartam géiniteach.
Ligeann algartam dá leithéid do ríomhairí feidhmiú amhail is go bhfuilid ag tógáil cinntí go fioscach gan cabhair ó dhaoine. Ag feabhsú an próisis, ar nós an ríomh-shiúil san alt thuas, trí thriail agus earráid. Ag piocadh amach na "géine" is fearr chun feabhsúchán a dhéanamh ar an siúlóir tríd na glúinte . Tá an éabhlóid neamhspleách seo ag tarlú trí cothromóid shimplí/algartam ach le lúb aisfhotha ann chomh maith.
Tá muide anseo mar gheall ar an bpróiseas céanna, ach thóg sé i na billiún bliain dúinn, seachas cúpla uair sa ríomhaire. Agus is é an domhan féin, nó an timpeallacht ba chóir a rá, a bhí mar lúb aisfhotha dúinn.
Neach aimpléiseach is ea muid atá cruthaithe ag teoiric anoird agus mata simplí le chéile.
Gan amhras tá sé ag tarlú, nó tharlaigh sé cheana sna billiún áit, nó na céadta bhilliún áit, nó na billiúin bhilliún áit, eile sa chruinne. Mar níl aon ghá le tionchar gníomhach ó chruthaitheoir .i. Dia, chun na torthaí siúd a bhaint amach.
Bhí focal scoir bhreá ar an gclár, ar an BBC, faoin éabhlóid neamhspleách seo.
Is é sin, neamhspleách ó Dhia.

Dúirt mo dhuine go mothaíonn daoine míchompordach faoin mata seo toisc go dtaispeánann sé nach bhfuil gá le Dia chun muid a chruthú. Ach, mar a mhíníonn sé, b'fhéidir nach bhfuil gá le cruthaitheoir atá gníomhach trí éabhlóid i gcónaí ag cruthú is ag feabhsú, ach go bhfuil gá le dearthóir.
Dearthóir uilefheasach amháin, a thuigeann conas, agus a chruthaíonn bun-choinníollacha san ionsamhladh ollmhór de shórt .i. an Chruinne, agus a ligeann don ionsamhladh seo a ionsamhlú ar a aonar .

Dé Céadaoin, Eanáir 13, 2010

M2010.01.07

(cliceáil chun a mhéadú)

Seo thuas léaráid den chóras caipitlíoch a thaispeánann an struchtúr céimlathach laistigh den chóras féin.
Seo a leanas an gnáthchur síos gearr atá ann don phictiúr:
Ag an mbarr tá an stát, a oibríonn ar son leas na haicme ceannais mar chosantóir de shaibhreas agus mhaoin phríobháideach. Faoin stát seasann an chléir agus ceannairí cráifeacha den comhfhiosacht bhréagach, agus a mholann umhlaíocht don status quo. Ag moladh don lucht oibre pé rud atá i ndán dóibh a ghlacadh agus luach a gcuid saothair a lorg sa saol glórmhar eile.
Mura bhfuil umhlaíocht ann, cuirfear i bhfeidhm é ag baill ón chéad leibhéal eile. Cur i gcás Gardaí Shell .i. tá cosaint an chaipitil níos tábhachtaí ná cosaint na ndaoine agus baintear úsáid as foréigean chun an caipiteal sin a chosaint.
Fúthu siúd tá na bourgeoisie, an aicme sheadánach. Dream a thagann i dtír ar an lucht oibre chun brabús a dhéanamh dóibh féin.
Fúthu siúd uilig, ag tógáil ualach an chórais go léir is ea na hoibrithe. Seo iad na daoine a sholáthraíonn chuile rud a dhéanann cinnte go leanfaidh an córas ag dul ar aghaidh.

Smaoiním faoin léaráid/pictiúr seo go minic na laethanta seo. Fiú má tháinig an pictiúr féin amach beagnach 100 bliain ó shin sna Stáit Aontaithe. An Phoblacht sin thall atá bródúil as a impiriúlachas, éagóir sóisialta agus meon caipitlíoch.
Meon atá Poblacht na hÉireann ag iarraidh aithris a dhéanamh air, agus ag éirí go han-mhaith!

Tháinig an pictiúr chun cuimhne dom arís inniu mar gheall ar alt a bhí ag Mac Uilliam san Indo faoin chaoi a bhfuil an stát ag cosaint saibhreas príobháideach na haicme ceannais agus na mbourgeoisie chun aimhleasa an lucht oibre.
the Government's obsession with paying back all the speculators who took a punt on the Irish banking system, our politicians are putting bondholders before the Irish people who they are meant to represent
Molaim go mór é a léamh.
Bheifí ag súil lena leithéid ó Fhianna Fáil i ndáiríre maidir le NAMA de. Tá a leithéid de pholaitíocht agus idé-eolaíocht go smior iontu. Ach is ábhar uafáis amach is amach é nuair a smaoinítear faoi na Glasaigh!.
Mar a scríobh mé ina leith i nDeireadh Fómhair seo caite:
Mhínigh an tAire Airgeadais féin, agus mar a luadh cheana, is éard atá in NAMA ná uirlis chun urlár bréagach a chur ar phraghsanna réadmhaoine na tíre .i. praghsanna á gcoinneáil ag leibhéil boilscithe an Tíogair Cheiltigh chun cosaint a thabhairt do na bainc ó dhócmhainneacht agus na sealbhóirí bannaí ó chaillteanais. Dar leis an Aire céanna bheadh deireadh linn dá leanfadh praghsanna ag titim! Ráiteas atá chomh bréagach agus an maíomh go spreagfadh vótáil Tá ar Chonradh Liospóin feabhsú sa gheilleagar. An é gur mhaith leis an Aire go mairfeadh geilleagar na hÉireann i mboilgeog thithíochta go deo?
Beidh na Glasaigh ag aontú leis, mura nglacann siad le rún a 2 sa gcomhdháil Dé Sathairn (mura ndiúltaíonn siad do NAMA)
Agus d'aontaigh na Glasaigh leis. B'shin páirtí a bhí go láidir ar an gclé den speictream polaitíochta tráth.

M2010.01.06

Bíonn fadhb agamsa ag múscailt ar maidin, go háirithe le linn na maidineacha fuara fliucha fearthainne seo.
Agus nuair a dhúisím bím measartha cantalach agus spadánta.
Mar sin ó am go chéile bainim úsáid as fuaimeanna éagsúla, nó ceol difriúil ar an ipod/ardán chun cabhrú liom dúisigh ar maidin.
Ní thaitníonn sé le mo chailín ariamh faraor, óir, bainim úsáid as ceol miotail de ghnáth. "Cas as é" "Cas as é" a scairteann sí.
Ach cuireann an saghas ceoil sin beocht ionam agus braithim réidh le dul amach agus aghaidh a thabhairt ar an lá. Baineann freagairt mo chailín gáirí asam, leis, bail ó Dhia uirthi. Rud a chabhraíonn go mór liom.

Agus ansin fuair mé an tseoid seo, ar You Tube, agus mé ar thóir fuaim choiligh...
Ó sea, tá sé agamsa, fadhb réitithe ag Coileach Mhiotal an Bháis....

Dé Luain, Eanáir 11, 2010

M2010.01.05



Maítear gur spreag an titim phianmhar mhórthaibhseach seo an tAire O'Keefe chun na scoileanna a dhúnadh roimh Dhéardaoin i scaoll-chinneadh amaideach amháin.
Táthar ann a deireann go bhfaca an tAire iompair é ar a leathanach Facebook, nuair a bhí sé ar saoire gréine, rud a spreag eisean le theacht abhaile agus ceannas a fháil ar an "REO MÓR atá RÓMHÓR"
Nuair a chuala an coiste atá i gceannas ar réiteach na faidhbe .i. fadhb na haimsire! Nuair a chuala siad faoin bhfear bocht cuireadh stad láithreach leis an gcineál damhsa baistí a bhí ar siúl acu chun aimsir fhliuch bhog a chinntiú do thimpeallacht mhuirí s'againne, agus rinneadh an cinneadh an t-arm féin a sheoladh isteach le sluaistí agus gaineamh chun praiseach ceart a dhéanamh de na cosáin! Tá cuma na trá ar shráid Uí Chonaill mar shampla, nó b'fhéidir go bhfuil sé cosúil le carn slaige, mar is dual di!
Bhí an cinneadh thuas ró-dhéanach don bhfear bocht i mBaile Átha Cliath ar aon nós, monuar.



Thosaigh roinnt nuachtán Éireannacha leis na ceannlínte go raibh oighearaois nua i ndán dúinn! Ag leanúint an treo d'oll-histéire atá coitianta i measc Éireannach.

Tá muintir na príomhchathrach gránna seo ar buile nuair nach bhfuil a dhóthain salainn ar na bóithre agus táid ar buile, leis, nuair atá salann á chur ar na bóithre.

Tá an BBC ag rá go mbeidh níos mó sneachta ann amárach, tá Met Éireann ag rá go mbeidh báisteach. Cíbe aimsir a thiocfaidh is cinnte go leanfaidh oll-histéire na nÉireannach faoi na rudaí mícheart.

Déardaoin, Eanáir 07, 2010

M2010.01.04

Bhuail déjà vu mé cúpla nóiméad ó shin nuair a rinne mé an cinneadh mo thuairim a thabhairt ar an ghuthán nua ó Ghoogle darbh ainm Nexus a haon.
Scríobhas blagmhír maidir le guthán nua Google an Android beagnach bliain ó shin!

Ar dtús tháinig Google amach leis an Android le dul i ngleic le Apple iPhone 2.0, bhuaigh Google an choimhlint sin gan stró toisc go raibh níos mó "sainghnéithe" ar fáil air. Rud a thaitníonn go mór le lucht na mbréagán costasach. Ansin tháinig Apple amach le bogearra nua don iPhone .i. iPhone 3.0. Beart ab ea é seo a ndearna cinnte de go mbeadh an fón sin níos cumhachtaí agus le níos mó gnéithe ar fáil air. Chuaigh Apple chun cinn arís i gcomórtas seo na sár-ghuthán
Ansin tagann Google amach le Nexus a haon, a d'fhógair sin go hoifigiúil inné.
(Ach ní shílim go mbeidh sé ar fáil in Éirinn go ceann tamaillín eile, sna siopaí ar aon chaoi. D'fhéadfá ceann a fháil go díreach ó Ghoogle)

Caithfidh mé a admháil go bhfuil roinnt de na rudaí céanna le moladh agus le cáineadh agam maidir leis an Nexus agus a bhí leis an Android!
Tá na feidhmchláir éagsúla atá ar fáil don dá fhón ar fheabhas ar fad.
Mar shampla amháin, ní féidir Google Sky Map a shárú go deo i mo thuairim.
Na pláinéid, réaltra, réalta agus gach aon réaltbhuíon srl le feiceáil ó do shuíomh reatha, toisc go mbaineann an Nexus/Android úsáid as a chóras suite domhanda (GPS), chompás agus mhéadar luasghéaraithe.

Tá cuma i bhfad Éireann níos snasta agus galánta ar an Nexus i gcomparáid leis an Android.
Tá sé tanaí agus éadrom. Tá an Android cosúil, anois, le fód móna ina chruth nuair a chuirtear le chéile iad! Tá scáileán atá níos mó air leis, agus níl aon ghá leis an mhéarchlár a thuilleadh. Tá níos mó cuimhne ar fáil air freisin, a dhéanann cinnte go bhfuil go leor spáis ar fáil do ghrianghraif agus físeáin. Ar an ábhar sin tá an ceamara ar fheabhas. Leis an Android ní raibh splanc ar fáil do ghrianghraif, rud a chruthaigh fadhbanna móra agus tú ag tógáil pictiúr in áiteanna dorcha nó le linn aimsir dhorcha. Tá splanc ar fáil leis an Nexus buíochas le Dia.

Tá fadhb fós le faid an chadhnra fiú má tá sé níos fearr ná cadhnra na hAndroide, agus de ghnáth ní foláir duit é a luchtú beagnach chuile dhara hoíche má bhaineann tú úsáid as go minic. De réir dealraimh seo gnáth-fhadhb le sár-ghutháin.

Ag deireadh na Dála, níl aon chúlú ann don té a d'fhéadfadh €300 nó €400 a chaitheamh ar a leithéid.

Dé Céadaoin, Eanáir 06, 2010

M2010.01.03

Gaoth anoir Artach le linn an lae.

Chonaic mé inniu a leanas: Sneachta trom le calóga móra, sneachta lag le calóga beaga, sioc, uisce reoite, cloichshneachta, gaoth fórsa gála, spéartha gorma, an ghrian, spéartha dorcha, scamaill dúghorm lán oilc, tintreach bhuí, flichshneachta, oighear, bogoighear, luí na gréine, dubh-oighear sleamhain, fear sneachta agus amadán ag caitheamh t-léine!.

Tharlaigh an chuid is mó dóibh thaobh istigh de dhá uair. Mar gheall ar na rudaí luaite thuas tháinig stop tobann tráthnóna le seirbhís bhus Bhaile Átha Chliath. Ní bheidh an Chomhairle Chontae ag cur salainn ar na bóithre go dtí a 4am, anocht! Beidh contúirt nach beag ann do thiománaithe bus, tá contúirt dochreidte ann do choisithe na cathrach cheana.

Mar a deireann an seanfhocal. "An ghaoth anoir bíonn sí tirim, is cuireann sí deireadh le seirbhísí bus i mBaile Átha Cliath ag an nóiméad focain deireanach agus tú ag iarraidh a dhul abhaile"!

M2010.01.02



Peirspictíocht den Chruinne chomh fada agus is féidir í a bhreathnú, chun na léaslíne cháithníní. Curtha le chéile ag Músaem Stair an Dúlra i Meiriceá.
80 billiún réaltra agus timpeall is 70 sétilliún réalta (7 x 1036).

Dé Luain, Eanáir 04, 2010

M2010.01.01

Ba bhreá liom mo chéad bhlagmhír don bhliain úr a bheith dóchasach agus lán misnigh don bhliain atá romhainn.
Ach ní fhéadfainn a bheith amhlaidh, mo léan.
Ní fhéadfainn nuair a fheicim mo chairde ag fágáil na tíre go drogallach toisc nach bhfuil an dara rogha fágtha acu, agus na mílte Éireannach óga á leanúint. Líon Gael a bheas ag méadú go tréan sna míonna atá romham go cinnte. Tá eisimirce ar ais gan aon agó. Ceanada nó An Astráil na tíortha is airde ar an liosta.

Níl mo chúinse féin agus cúinse mo chomhghleacaithe mórán níos fearr, gan mórán oibre fágtha againn agus faic na ngrást ag teacht inár dtreo a thuilleadh.
Is dochreidte an méid comhlachtaí atá ag dul i dtreo dócmhainneachta. Bhí thart ar 1,406 acu i 2009 amháin, sin dhá oiread níos mó comhlachtaí atá dócmhainneach i gcomparáid le 2007 agus 2008 curtha le chéile! Agus sin in ainneoin na gciorruithe pá a cuireadh i bhfeidhm gan trócaire. Is ionann is cinnte go dtiocfaidh a thuilleadh dá leithéidí i mbliana.

Tá an ghéarchéim airgeadais seo linn ar feadh 18 mí go dtí seo agus níl aon ní athruithe ó thaobh polasaithe eacnamaíochta de nó spreagthaí eacnamaíochta nua molta, seachas go bhfuil sé i gceist ag an Aire Airgeadais €54 billiún a thabhairt do scairshealbhóirí agus sealbhóirí bannaí sna bainc gan mhaith!
Tá fiach na tíre ag rith ag timpeall €100 billiún faoi láthair, nó níos mó fiú. Agus sin sula gcuirtear an €54 billiún ar an liosta....

...stopfaidh mé ansin.

Táthar ann, ar an domhan seo, a chreideann i rud éigin a gcuireann daoine áirithe "An Rún" air. Oibríonn sé ar an bprionsabal má shamhlaím faoi rud atá uaim d'fhíoródh sé i mo shaol.

Bheadh muide go léir níos fearr as ag brionglóideach faoi rudaí áiféiseacha nach bhfuil ann ach atá uainn mar náisiún in áit a bheith ag súil le ceannaireacht ón rialtas seo.