Déardaoin, Deireadh Fómhair 29, 2009

M2009.10.19

Seo thíos sampla den cheist nua a bheas ar an teist Ghaeilge don Teastas Sóisearach i mbliana.
Ábhar achrannach atá ag cruthú míshuaimhneas agus fearg i measc múinteoirí Gaeilge gan Ghaeilge .i. Cumann Múinteoirí Gaeilge gan Ghaeilge nó an CMGG, nó ITWI (Irish Teachers Without Irish) mar is fearr aithne orthu i measc a bhaill féin agus lucht an Bhéarla in Éirinn.

Ceist a haon:
Míniú i stíl comhrá idirlín cad é an meon coilínithe aineolach dobhogtha agus taispeáin an aigne coilíneach tríd an gcomhrá.

Freagra:


Cornelius Ó Leathcheann: Tá sé tugtha chun solais san Irish Independent gur caitheadh €1.8m ar cáipéisí Gaeilge, cáipéisí nach léifear go deo, dar leis an iriseoir san iriseoireacht iniúchach is fearr ó caitheadh anuas ar lonnú Cinedheighiltscoil (ainm nua-aoiseach do Ghaelscoileanna) i bpáirc i gcathair cois Laoi.
Seo scannal nár chóir dúinn cur suas leis toisc go bhféadfadh an t-airgead céanna a chaitheamh ar leabhair do pháistí, irisí ildáite lán grianghraf do dhéagóirí, nuachtáin lán alt fada dúshlánacha do sheanalads etc.
Ní amháin sin ach tá míchlú agus íde béil á dtarraingt go tiubh ar an nGaeilge ag lucht an Independant News & Meida, Glasaigh, Lucht Fhianna Gael, agus an clabaire gan chiall sin Ó Shéaghdha ó Pháirtí na Meánaicmeach, agus daoine aineolacha eile na hÉireann. Rud nach bhfuil ceart nó chóir.
Ní mór fáil réidh le hAcht na "Teanga Oifigiúil" láithreach bonn chun an Ghaeilge a shábháil ón ionsaí nua seo!

Feargus Ó h-Anluain: a Chorn, nach dtuigeann tú go bhfuil i bhfad Éireann níos mó i gceist leis an Acht um theanga sin ná aistriúchán? Agus nach airgead ón Roinn Gaeltacht agus Portaigh, ná aon airgead eile atá tiomnaithe don Ghaeilge (leabhair,irisí,nuachtáin etc nach léifear) atá i gceist anseo, ach cuid de bhuiséid riaracháin na gcomhlachtaí pobail is gcomhairlí contae?
Níl san ionsaí is nuaí seo ón Indo ach ionsaí eile san fheachtas leanúnach ag an nuachtán in aghaidh na Gaeilge.
Má bhuann siad an cath seo bogfaidh siad ar aghaidh go dtí cíbe cath eile atá ann in aghaidh na teanga.

Cornelius Ó Leathcheann: Seafóid, buinneach, tá tú mícheart ar fad. Tá seasamh frith-Ghaelach ag an Indo go cinnte ach ag an am céanna ní féidir linn a shéanadh an fhíric sa tuairisc luaite. Caitheadh €1.8m ar aistriúchán. Aistriúcháin nach bhfuil á léamh againn, amhail nuachtáin nach bhfuil ann.

Feargus Ó h-Anluain: Táid á léamh, bíodh nach bhfeicfear ar na leabhair is mó díol iad. Ach, caithfidh mé an pointe a dhéanamh arís; tá i bhfad níos mó i gceist leis an Acht ná aistriúcháin. Agus níl aon airgead atá tiomnaithe don Ghaeilge á chaitheamh ar na haistriúcháin céanna. Dá bhfaighfí réidh leis an chuid sin den Acht bheadh an t-airgead sin ann fós, ach seans go gcaithfí ar cháipéisí Béarla é, cáipéisí nach léitear ag mórán ach an oiread.

Cornelius Ó Leathcheann: Seafóid, buinneach, tá tú mícheart ar fad. Is féidir an t-airgead seo á úsáid níos éifeachtaí ná ar cháipéisí nach bhfuil á léamh ach ag anaoraks is lucht dlí.

Feargus Ó h-Anluain: Mar a dhúirt mé cheana a Chorn, ní bhaineann an t-airgead sin le hairgead an Fhorais nó na Roinne Gaeltachta!
Ní amháin sin ach tá na cáipéisí ar fáil saor in aisce ar líne, níl sna hailt le déanaí faoi cháipéisí "nach léitear" ach bréag lom.
Táid á léamh, ach níl fonn ar éinne le ciall dá laghad aige nó aici airgead a chaitheamh ar cháipéis atá ar fáil saor in aisce ar líne.

Cornelius Ó Leathcheann: Níl bréag sa scéal seo. Sin é an trua. Tá €1.8m á chaitheamh ar cháipéisí nach bhfuil á léamh. Agus dá mbeadh siad á léamh nach mbeadh níos mó cainte orthu, agus léirmheasanna, agus b'fhéidir drámaí bunaithe orthu.

5 comments:

aonghus said...

Muise, dar gruaig mo smigín smig smig....

Dubhaltach said...

thar fóir?! :)

aonghus said...

N'fheadar. Caolseans go mbeidh gach duine sásta leat....

Dennis King said...

Roinn Gaeltacht agus Portaigh
:-)

Mise Áine said...

Dráma bunaithe ar cháipéisí neamhléite? Dráma il-achta ...