Dé Máirt, Deireadh Fómhair 20, 2009

M2009.10.16

Is cuimhin liom nuair a cuireadh an cheist orm tráth -ag duine éigin nach raibh eolach ar chúrsaí CLG- "An bhfuil laoch spóirt atá aerach ag imirt peil nó iomáint?"
"An bhfuil a fhios agat. Níl a fhios agamsa. Ach, déarfainn go bhfuil!" a bhí mo fhreagra, nó rud éigin dá leithéid.
Bhí sórt náire aisteach orm, leis.
Cad atá cearr leis an gCLG, nó linne ba chóir a rá, mura bhfuil daoine toilteanach rud éigin mar sin a admháil, a cheap mé domh fhéin.
Sílim, gur bhraith an duine a chuir an cheist go raibh an CLG seanfhaiseanta ina dhearcadh fós.

Is dóigh go raibh dhá chúis nach raibh a fhios agam, nó againne .i. lucht CLG.

1. Ní bhaineann sé le hábhar. Cad chuige a mbeadh duine ag rá cén claonadh gnéasach a bhí aige. Do chuid is mó den tír, agus le cumhacht na heaglaise ag meath, is cuma linne bíodh tú díreach, aerach, déghnéasach, tríghnéasach. Ba chuma. Ní "peaca marfach" é a thuilleadh i súile an phobail.
2. Is peaca marfach é i measc sciar beag den phobal fós. Ní dhéanfaidh mé iarracht a meon a thuiscint nó a mhíniú anseo, ach tuigim go bhfuil an meon sin acu agus go bhfuilid ann. Mar sin, is dóigh nár mhaith le héinne mór le rá i saol an CLG labhairt amach agus a rá gur dhuine aerach é. De bharr eagla roimh an mionlach seo.
(Roinnt acu le feiceáil anseo)

Ach is dóigh go raibh an cheist seo ag dó na geirbe ag Donall Óg Cíosóg, agus bhí sé spreagtha teacht amach is a rá go poiblí ina leabhar gur fear aerach é. B'fhéidir gur bhraith sé go raibh sé ag caitheamh saol bréagach os comhair shúile mhuintir na hÉireann.
Bhí a fhios ag a mhuintir, a chairde agus foireann Chorcaí cheana.
Agus más fíor na ráflaí, bhí ráflaí ag rith go tiubh cois Laoi go raibh rún sa chófra aige, chiallaigh sé sin go gcaithfeadh an mionlach siúd eascainí chuige agus é ar an bpáirc.
Anois d'fhéadfadh sé aghaidh a thabhairt orthu anois. Cailleann an mionlach siúd a gcumhacht nuair nach bhfuil sé ina rún níos mó.

Táim ag súil le ceisteanna ó dhuine nach bhfuil eolach ar chúrsaí CLG anois.
Ach, ní athraíonn a chlaonadh gnéasach an fhíric go gcuireann sé, foireann Chorcaí agus an GPA isteach orm.

4 comments:

aonghus said...

Agus cén fáth go gcuireadh?

Sin an rud is mífheilíunaí faoin díospóireacht ar fad faoi bheith aerach. Chomh luath is a chuirtear duine isteach sa bhosca úd, bítear ag súil go mbeadh gach tuairim atá agat faoi réir ag a chollaíocht.

I 99% de na cásanna, ní bhaineann sa chollaíocht le hábhar.

Ach fágann sé cumhacht ag na maistíní atá sásta duine a outáil dá dheoin féin.

Is ar páirc na himeartha, agus san preasgallamh ba cheart do thuairimí faoi Foireann Chrocaigh, an GPA agus an fear é féin mar imreori agus urlabharaí a mhunlú, agus ansin amháin!

Dubhaltach said...

Cén fáth go gcuireadh an cheist orm?

Dubhaltach said...

Tá líne iontach ag Tom Humphries san IT ar maidin:

"WHEN DÓNAL Óg Cusack sat down in the living room of his family home and told his father, Dan, that there was in fact truth in the rumours that had come to the front door about his sexuality, his Dad shook his head and commented that things had been bad enough with Dónal Óg’s use of short puck-outs. But now this!"

Dubhaltach said...

http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2009/1021/1224257147400.html